YouVersion Logo
Search Icon

Dainéil (Gr) 7

7
Físeanna Dhainéil
Na Ceithre Ainmhí
1Sa chead bhliain de réimeas Bhéilseazar, rí na Bablóine, rinneadh taibhreamh do Dhainéil agus físeanna ina cheann agus é ar a leaba. Scríobh sé síos an taibhreamh agus dʼinis sé éirim an scéil. 2Dúirt Dainéil: Chonaic mé físeanna istoíche. Féach! Bhí ceithre ghaoth neimhe ag coipeadh na bóchna móire. 3Tháinig ceithre ainmhí mór aníos as an fharraige, gach ceann acu éagsúil lena chéile. 4Bhí an chéad cheann mar leon agus sciatháin iolair air. Ansin, agus mé ag féachaint air, stolladh a sciatháin de, ardaíodh ó thalamh é agus chaith sé seasamh ar dhá chois amhail duine, agus tugadh croí duine dó. 5Féach! Ainmhí eile, an dara ceann, agus é cosúil le béar, ardaithe ar a leathchliathán, agus trí easna ina bhéal idir a fhiacla. Dúradh leis: “Éirigh, alp siar a lán feola.” 6Ina dhiaidh sin dʼfhéach mé, agus bʼsheo ceann eile mar liopard, agus ceithre sciathán éin ar a dhroim; bhí ceithre cheann ar an ainmhí agus tugadh tiarnas dó. 7Ina dhiaidh seo rinneadh físeanna oíche dom, agus féach, an ceathrú hainmhí, uafar, scéiniúil, agus róthréan; bhí aige fiacla móra iarainn, agus shlog agus stoll sé, agus phasáil sé an fuílleach faoina chosa. Bhí sé éagsúil leis na hainmhithe eile go léir a bhí roimhe. Bhí deich n‑adharc air. 8Bhreithnigh mé na hadharca, agus féach, dʼéirigh ina measc ceann eile, adhaircín, agus stoitheadh trí cinn de na chéad adharca aníos lena theacht. Agus bʼsheo súile mar shúile duine san adharc seo, agus béal ag caint is ag rá nithe móra. 9Bhí mé ag faire:
Cuireadh cathaoireacha ríoga ina n‑ionad
agus shuigh Sinsear na Laethanta.
Bhí a éide ar lí an tsneachta,
agus folt a chinn mar olann ghlan.
Ba lasair thintrí a chathaoir ríoga,
agus ba thine spréacharnach a rothaí.
10Ling sruth tine
agus bhrúcht amach roimhe.
Bhí míle míle ag fónamh dó
agus deich míle de dheich mílte ina seasamh os a chomhair.
Shuigh an chúirt i mbreithiúnas,
agus osclaíodh na leabhair.
11“Toisc glór na nithe móra a bhí á rá ag an adharc a bheith á chloisteáil agam, dʼfhéach mé, agus, ag faire dom, maraíodh an t‑ainmhí, milleadh a chorp agus caitheadh i leataobh é le dó sa tine. 12Maidir leis na hainmhithe eile, tógadh a dtiarnas chun siúil uathu, ach níor cuireadh deireadh lena saol go ceann ré agus aimsire.
13Chonaic mé i bhfíseanna oíche.
Féach! neach ag teacht ar néalta neimhe,
amhail Mac an Duine.
Tháinig sé chun Sinsir na Laethanta,
agus cuireadh os a chomhair é.
14Dó siúd tugadh tiarnas,
glóir is ardfhlaitheas,
go bhfónfadh dó an uile phobal, chine agus theanga.
Tiarnas síoraí a thiarnas,
nach rachaidh ar ceal,
ná ní scriosfar a ríocht.
15“Bhí buairt ar mo spioradsa, mise Dainéil, agus shuaith físeanna mo chinn mé. 16Chuaigh mé anonn chun duine díobh siúd a bhí ina sheasamh ansiúd agus dʼiarr mé air an fhírinne ina thaobh seo uile a insint dom. Dʼfhreagair sé mé agus nocht sé ciall na nithe sin dom. 17‘Ceithre rí a éireoidh as an talamh na ceithre ainmhí seo. 18Ach is iad naoimh an Té is Airde a ghlacfaidh an ríocht agus a shealbhóidh í go deo agus go bruinne an bhrátha.’ 19Ansin bʼáil liom an fhírinne a fhoghlaim i dtaobh an cheathrú hainmhí, a bhí éagsúil leis an gcuid eile go léir, é go ró-uafar le fiacla iarainn agus croibh práis, a shlog is a stoll, agus a phasáil an fuílleach faoina chosa; 20agus i dtaobh na ndeich n‑adharc a bhí ar a cheann, agus na hadhairce eile a dʼéirigh aníos agus ar thit trí cinn díobh roimhe, an adharc a raibh súile aici agus béal ag caint is ag rá nithe móra, a dhealraigh níos mó ná a comrádaithe. 21Os comhair mo shúl chuir an adharc seo cogadh ar na naoimh agus chloígh iad, 22nó gur tháinig Sinsear na Laethanta agus gur thug breith i bhfabhar naomh an Té is Airde, agus tháinig an t‑am ar ghlac na naoimh seilbh ar an ríocht. 23Dúirt sé:
‘Maidir leis an gceathrú hainmhí:
Beidh an ceathrú ríocht ar talamh,
éagsúil le gach ríocht.
Slogfaidh sí an domhan uile,
satlóidh sí faoi chois é agus millfidh sí é.
24Agus maidir leis na deich n‑adharc:
As an ríocht seo,
éireoidh deich rí agus éireoidh rí eile ina ndiaidh.
Beidh sé éagsúil lenar ghabh roimhe,
agus cloífidh sé trí rí.
25Labhróidh sé briathra in aghaidh an Té is Airde,
ciapfaidh sé naoimh an Té is Airde,
agus smaoineoidh sé ar na haimsirí agus ar an dlí a athrú.
Tabharfar na naoimh ina lámha
ar feadh ré, agus dhá ré, agus leathré.
26Ach suífidh an chúirt i mbreithiúnas agus bainfear a thiarnas de,
le scriosadh agus le milleadh óna mháithreacha boinn.
27An ríocht, an tiarnas,
mórgacht gach flaithis faoin spéir,
tabharfar iad uile do phobal naoimh an Té is Airde.
Is ríocht shíoraí a ríocht
agus géillfidh agus umhlóidh gach ríocht dóibh.’
28“Sin finit leis an ábhar seo. Maidir liomsa, Dainéil, bhí mé suaite go mór i mo smaointe, chlaochlaigh mo lí, ach choimeád mé an gnó i mʼaigne.”

Currently Selected:

Dainéil (Gr) 7: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in