Dainéil (Gr) 3
3
Adhradh na hÍomhá Óir–An Triúr Compánach san Fhoirnéis
1Rinne an rí Nabúcadnazar íomhá óir trí fichid banlámh ar airde agus sé bhanlámh ar leithead. Chuir sé ina seasamh í i má Dhúrá i gcúige na Bablóine. 2Ansin ghairm Nabúcadnazar na satraip, na huachtaráin, na rialtóirí, na comhairleoirí, na cisteoirí, na breithiúna, na giúistísí, agus feidhmeannaigh uile na gcúigí chun teacht chun coisreacan na híomhá a bhí curtha suas ag Nabúcadnazar rí. 3Ansin bhí na satraip, na huachtaráin, na rialtoirí, na comhairleoirí, na cisteoirí, na breithiúna, na giúistísí, agus feidhmeannaigh uile na gcúigí cruinnithe le chéile do choisreacan na híomhá a bhí curtha suas ag an rí Nabúcadnazar agus iad ina seasamh os comhair na híomhá a bhí curtha suas ag Nabúcadnazar. 4Dʼfhógair an callaire os ard: “A dhaoine de gach cine, náisiún, agus teanga, seo daoibh an t‑ordú atá tugtha: 5cibé uair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála agus gach sort uirlise ceoil, sibh a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir atá curtha suas ag Nabúcadnazar rí. 6Ach má bhíonn aon duine nach dtitfidh síos agus adhradh a thabhairt, caithfear eisean láithreach baill isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair.” 7Uime sin a luaithe a chuala na daoine glór na hadhairce, an píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sort uirlise ceoil, rinne siad uile, idir chiníocha náisiúin, agus theangacha, iad féin a chaitheamh síos agus adhradh a thabhairt don íomhá óir a bhí curtha suas ag an rí Nabúcadnazar.
8Ansin tháinig Caildéigh áirithe chun tosaigh agus rinne siad gearán go mailíseach in aghaidh na nGiúdach. 9Dúirt siad leis an rí Nabúcadnazar: “A rí, fad gach aon fhaid ar do shaol! 10Thug tú ordú, a rí, gach aon duine a chloisfeadh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, a thitim chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá óir; 11dá mbeadh aon duine nach dtitfeadh chun talún agus nach n‑adhrfadh, é a chaitheamh isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair. 12Tá Giúdaigh áirithe a chuir tú i bhfeighil gnóthaí chúige na Bablóine, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó; rinne na daoine seo beag de dʼorduithe, a rí; ní fhónann siad do do dhéithe ná ní adhrann siad an íomhá órga atá curtha in airde agat.” 13Ansin dʼaithin Nabúcadnazar agus cuthach feirge air, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a bhreith chuige. Ansin thug siad iad seo i láthair an rí. 14Dúirt Nabúcadnazar leo: “An fíor, a Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, nach bhfónann sibh do mo dhéithe agus nach n‑adhrann sibh an íomhá óir atá curtha in airde agam? 15Nuair a chloisfidh sibh glór na hadhairce, na píbe, na lire, na triogóine, na cruite, na bpíb mála, agus gach sórt uirlise ceoil, an bhfuil sibh ullamh sibh féin a chaitheamh chun talún agus adhradh a thabhairt don íomhá atá déanta agam? Mura ndéanann sibh í a adhradh, caithfear sibh láithreach baill isteach i lár foirnéise ag spréacharnach le lasair, agus cé hé an dia a fhuasclóidh sibh ó mo láimhse?” 16Dʼfhreagair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó an rí Nabúcadnazar: “Ní gá dúinn,” arsa siad, “freagra a thabhairt ort sa ghnó seo. 17Is féidir sa chás sin lenár nDia, dá bhfónaimid, sinn a shaoradh ón bhfoirnéis ag spréacharnach le lasair agus ó do láimhse, a rí; agus déanfaidh sé sinn a shaoradh. 18Mura ndéana sé amhlaidh, bíodh a fhios agat, a rí, nach bhfónfaimid do do dhia ná nach n‑adhrfaimid an íomhá atá curtha in airde agat.” 19Ansin líon Nabúcadnazar le fearg, agus chlaochlaigh dealramh a ghnúise i leith Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó. Dʼaithin sé an fhoirnéis a théamh níos teo faoi sheacht ná mar ba ghnáth 20agus dʼordaigh sé do thréanfhir áirithe dá shluaite Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó a cheangal agus a theilgean isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair. 21Ansin ceanglaíodh iad agus idir mhatail agus chótaí, idir hataí agus éidí eile á gcaitheamh acu, agus teilgeadh iad isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair. 22Ba theann é ordú an rí agus ba the í an tine, agus dá bharr sin loisc lasair na tine ina mbeatha na fir a dʼiompair Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó. 23Ach maidir leis an triúr, Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó, thit siad faoina gceangail isteach san fhoirnéis ag spréacharnach le lasair.
Urnaí Azairiá san Fhoirnéis
24Shiúil siad timpeall i lár na lasrach ag moladh Dé, agus ag glóiriú an Tiarna. 25Sheas Azairiá agus ghuigh mar a leanas ag oscailt a bhéil i lár na lasrach ag rá:
26Glóir duit, a Thiarna, Dia ár n‑aithreacha, a thuilleann moladh,
agus moladh go deo le dʼainm.
27Mar is cóir thú i ngach a bhfuil déanta agat agus is fíor
dʼoibreacha go léir,
is is díreach do shlite,
is is fírinneach do bhreithiúnais.
28Thug tú breith chóir
i ngach ar sheol tú orainn
agus ar chathair naofa ár n‑aithreacha, Iarúsailéim.
Mar san fhírinne agus sa cheart
thug tú iad seo uile orainn trínár bpeacaí.
29Sea, pheacaíomar uile agus rinneamar thú a thréigean go héagórach.
Pheacaíomar go mór
agus níor ghéilleamar do dʼaitheanta.
30Níor chomhlíonamar iad,
ná ní dhearnamar ar ordaíodh dúinn
ar mhaithe linn féin.
31Uime sin gach ar thug tú sa mhullach orainn,
gach a ndearna tú linn,
tá siad seo déanta agat sa tslánchóir.
32Thug tú sinn i lámha ár namhad,
do phobal gan reacht agus do dhíogha na gcoirpeach,
agus do rí ró-olc, do rí rómhailíseach thar ríthe uile an domhain.
33Inniu ní féidir linn ár mbéal a oscailt;
táir agus tarcaisne is dán do do shearbhóntaí agus do lucht dʼadhartha.
34Ná tréig sinn ar fad ar son dʼaimn
agus ná bris do chonradh.
35Ná tóg ar ais uainn do thrócaire
ar son Abrahám do chara,
agus Íosác do shearbhónta,
is Iosrael do neach naofa,
36ar gheall tú dóibh clann chomh líonmhar le réaltaí neimhe,
agus le gaineamh ar thrá na mara.
37Féach, a Thiarna, is sinne is lú de na ciníocha uile,
agus táimid faon inniu ar chlár na cruinne de dheasca ár bpeacaí.
38Faoi láthair níl againn taoiseach, ná fáidh, ná prionsa,
uileloscadh, ná íobairt, ná abhlann, ná túis,
ná ionad chun céadtorthaí a thoirbhirt duit,
39agus trócaire a fháil os do chomhair.
Ach, le doilíos croí agus in umhlaíocht spioraid, go nglactar linn,
40mar a ghlacfaí le huileloscadh reithí agus tarbh
agus leis na mílte ar dheich mílte dʼuain mhéithe;
gurb amhlaidh sin dár n‑íobairt inniu os do chomhair,
i slí is go leanfaimid thú go hiomlán,
mar níl aon náire i ndán dóibh siúd a bhfuil a muinín asatsa.
41Anois leanaimid thú ó chroí lán;
tá dʼeagla orainn agus fonn radharc a fháil ar do ghnúis.
42Ná cuir náire orainn,
ach láimhsigh sinn de réir do chineáltachta
agus de réir do thrócaire rómhór.
43Fuascail sinn de réir dʼoibreacha taibhseacha,
agus tabhair glóir do dʼainm, a Thiarna.
44Deargnáire ar chách a dhéanann díobháil do do shearbhóntaí;
go raibh siad faoi tháir,
a gcumhacht uile ar ceal,
agus a neart go léir cloíte.
45Bíodh a fhios acu gur tusa amháin is Dia agus is Tiarna,
faoi ghlóir ar fud an domhain uile.
46Anois searbhóntaí an rí a chaith isteach iad, níor staon siad ach ag cothú na tine le nafta, le pic, le barrach agus le brosna. 47Dʼardaigh an lasair naoi mbanlámh agus daichead os cionn na foirnéise in airde, 48agus bhrúcht sí amach agus dhóigh sí a bhfuair sí de Chaildéigh timpeall na foirnéise. 49Ach chuaigh aingeal an Tiarna síos san fhoirnéis le hAzairiá agus a chompánaigh, agus thiomáin sé an lasair spréacharnach as an fhoirnéis amach 50i dtreo go raibh lár na foirnéise faoi mar a bheadh leoithne chumhra ghaoithe ann agus drúcht léi, agus níor theagmhaigh an lasair leo ar aon chor ná ní dhearna sí díobháil dóibh ná níor chuir cás orthu.
Caintic an Triúr Ógánach
51Ansin mhol, mhór agus ghlóirigh an triúr Dia dʼaon ghuth san fhoirnéis agus dúirt siad:
52Is beannaithe, a Thiarna, Dia ar n‑aithreacha,
le moladh agus le glóiriú de shíor.
Is beannaithe é do naomhainm uasal,
le moladh agus le glóiriú de shíor.
53Is beannaithe thú i dteampall do naomhghlóire,
le móradh agus le mórghlóiriú go deo.
54Is beannaithe thú ag iniúchadh na nduibheagán agus i do shuí ar na ceiribíní,
le moladh go hard agus le móradh go deo.
55Is beannaithe thú i gcathaoir ríoga do fhlaithis,
le móradh agus le mórghlóiriú de shíor.
56Is beannaithe thú i bhfirmimint neimhe,
le hadhmholadh agus le mórghlóiriú go deo.
57Glóirígí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarna,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
58Glóirígí an Tiarna, a aingle an Tiarna,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
59Glóirígí an Tiarna, a spéartha thuas,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
60Glóirígí an Tiarna, a uiscí os cionn na spéartha,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
61Glóirígí an Tiarna, a chumhachtaí uile an Tiarna,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
62Glóirígí an Tiarna, a ghrian agus a ghealach,
molaigí agus móraigí é go hard de shíor.
63Glóirígí an Tiarna, a réaltaí na spéire,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
64Glóirígí an Tiarna, a bháisteach agus a dhrúcht de gach sórt,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
65Glóirígí an Tiarna, a ghaotha uile,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
66Glóirígí an Tiarna, a thine agus a theas,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
67[Glóirígí an Tiarna, a fhuacht agus a bhrothaill,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
68Glóirígí an Tiarna, a dhrúcht agus a shneachta go léir,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.]
69Glóirígí an Tiarna, a shioc agus a oighir,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
70Glóirígí an Tiarna, a oícheanta agus a laethanta,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
71Glóirígí an Tiarna, a sholais agus a dhorchadais,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
72Glóirígí an Tiarna, a reo agus a shneachta go léir,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
73Glóirígí an Tiarna, a léasa agus a scamalla
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
74Glóiríodh an talamh an Tiarna,
moladh sé é agus móradh sé é de shíor.
75Glóirígí an Tiarna, a shléibhte agus a chnoca,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
76Glóirígí an Tiarna, a luibheanna a fhásann ar an talamh,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
77Glóirígí an Tiarna a thoibreacha uile,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
78Glóirígí an Tiarna, a fharraigí agus a aibhneacha,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
79Glóirígí an Tiarna, a mhíola móra agus gach a ngluaiseann sna huiscí,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
80Glóirígí an Tiarna, a éanlaith uile an aeir,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
81Glóirígí an Tiarna, a ainmhithe agus a tháinte,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
82Glóirígí an Tiarna, a dhaoine an tsaoil,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
83Glóirígí an Tiarna, a Iosrael,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
84Glóirígí an Tiarna, a shagarta,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
85Glóirígí an Tiarna, a shearbhóntaí Dé,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
86Glóirígí an Tiarna, a spiorada agus a anamacha na bhfíréan,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
87Glóirígí an Tiarna, a naomha agus a ísle ó chroí,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor.
88Glóirígí an Tiarna, a Hanainiá, a Azairiá, a Mhíséil,
molaigí é agus móraigí é go hard de shíor,
mar dʼfhuascail sé sinn ó Sheól,
sciob sé sinn ó chumhacht an bháis,
shaor sé sinn ó lasair loiscneach na foirnéise,
agus dʼfhuascail sé sinn ó lár na tine.
89Beirigí buíochas le Dia, mar is maith é,
mar maireann a thrócaire go deo.
90Glóirígí Dia na ndéithe, sibhse uile a adhrann an Tiarna,
molaigí é agus altaígí dó,
mar maireann a thrócaire le saol na saol.
91Ansin tháinig líonrith ar an rí Nabúcadnazar agus dʼéirigh sé faoi dheifir. Chuir sé ceist ar a chomhairleoirí: “Nach triúr fear i gcuibhreacha a chaitheamar isteach sa tine?” Dʼfhreagair siadsan an rí: “Sea go deimhin, a rí.” 92Dúirt seisean: “Feicim, áfach, ceathrar fear gan chuibhreacha ag siúl timpeall i lár na tine gan dochar déanta dóibh, agus is cosúil le mac de chuid na ndéithe an ceathrú duine ar a dhealramh.”
93Ansin dhruid Nabúcadnazar le béal na foirnéise ag spréacharnach le lasair agus dúirt: “A Sheadrac, a Mhéiseac, a Aibéid Neagó, a fhónann don Dia ró-ard, tagaigí amach, agus tagaigí anseo.” Ansin tháinig Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó amach as lár na tine. 94Chruinnigh na satraip, na huachtaráin, na rialtóirí, na comhairleoirí le chéile agus chonaic siad nach raibh cumhacht ar bith ag an tine ar chorp na bhfear úd agus nár loisceadh folt a gcinn, nár milleadh a n‑éadaí, agus nár bhain boladh na tine leo.
95Labhair Nabúcadnazar agus dúirt go hard: “Moladh le Dia Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a chuir uaidh a aingeal, agus a dʼfhuascail a shearbhóntaí a chuir a muinín ann; níor ghéill siad dʼordú an rí ach a gcorp a thabhairt suas níos túisce ná fónamh do dhia ar bith ach a nDia féin, ná é a adhradh. 96Uime sin tugaim ordú: ‘Aon phobal nó treibh nó teanga a labhróidh focal in aghaidh Dé Sheadrac, Mhéiseac agus Aibéid Neagó a stolladh ina spólaí agus a dtithe a scartáil ó bhonn: mar níl aon dia eile a fhéadann fóirithint ar an gcuma seo.’ ” 97Ansin chuir an rí Seadrac, Méiseac agus Aibéid Neagó chun cinn i gcúige na Bablóine.
Taibhreamh Nabúcadnazar agus a Bhuile
98Nabúcadnazar, rí, do gach pobal, treibh agus teanga dá gcónaíonn ar talamh i ngach cearn: Síocháin libh ina tuile! 99Bheartaigh mé gur chóir na comharthaí agus na fearta a thug an tArd-Dia chun críche tríomsa a fhoilsiú.
100Nach mór iad a chomharthaí!
Nach tréan iad a fhearta!
Ríocht shíoraí a ríocht!
Tá a fhlaitheas ó ghlúin go glúin!
Currently Selected:
Dainéil (Gr) 3: ABN
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.