YouVersion Logo
Search Icon

Barúch 1

1
Guí Aithríoch
Réamhrá
1Is iad seo a leanas briathra an leabhair a scríobh Barúch, mac Néiria, mac Mhásaeiá, mac Zidicíá mac Hasaidia, mac Hilcíá sa Bhablóin, 2ar an seachtú lá den mhí, cúig bliana tar éis do na Caildéigh Iarúsailéim a ghabháil agus a chur trí thine.
3Leigh Barúch an leabhar seo os ard i láthair Iacoiniá, mac Iahóiácaím, rí Iúdá, agus na ndaoine go léir a tháinig le chéile chun éisteacht leis, 4agus os comhair na móruaisle agus chlann mhac na ríthe agus na seanóirí agus an phobail go léir, idir óg agus aosta, is é sin le rá, i bhfianaise na ndaoine uile a raibh cónaí orthu sa Bhablóin, ar bhruacha na habhann Súd. 5Agus thosaigh siad ag caoineadh agus ag troscadh agus ag guí os comhair an Tiarna. 6Rinne siad bailiúchán airgid ansin, gach duine díobh ag tabhairt síntiúis uaidh de réir mar ab acmhainn dó, 7agus sheol siad go Iarúsailéim é go dtí an sagart Iahóiácaím, mac Hilcíá, mac Shealúm, agus go dtí na sagairt eile agus go dtí na daoine go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim. 8Ag an am seo freisin, an deichiú lá de mhí Shíován, ghlac Barúch soithí theach an Tiarna, a tógadh as an Teampall tráth, agus thug sé leis ar ais iad go tír Iúdá. B'iad seo na soithí airgid a chuir Zidicíá, mac Ióisíá, rí Iúdá, á ndéanamh, 9tar éis do Nabúcadnazar, rí na Bablóine, Iacoiniá agus na prionsaí agus na cimí agus na móruaisle agus cosmhuintir na tíre a bhreith leis ó Iarúsailéim chun iad a thabhairt go dtí an Bhablóin.
10Tá airgead á chur chugaibh againn - ar siad. Leis an airgead seo ceannaígí ábhar íobairtí lándóite agus ofrálacha le haghaidh peacaí agus túis; déanaigí ofráil arbhair a sholáthar chomh maith; ofrálaigí iad ar altóir an Tiarna, ár nDia. 11Guígí ar son Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus ar son Bhaltasar, a mhac, ionas go mbeidh a laethanta chomh buan leis na flaithis féin atá os cionn na talún. 12Mar sin, tabharfaidh an Tiarna neart dúinn agus soilseoidh sé ár súile agus mairfimid faoi scáth Nabúcadnazar, rí na Bablóine, agus faoi scáth Bhaltasar, a mhac, agus déanfaimid seirbhís dóibh ar feadh mórán laethanta agus doirtfidh siad a ngnaoi orainn.
13Guígí ar ár son-na freisin chun an Tiarna, ár nDia, mar pheacaíomar in aghaidh an Tiarna, ár nDia, agus go dtí an lá seo féin níor iompaíodh fraoch ná fearg an Tiarna uainn. 14Léifidh sibh an leabhar seo atá curtha chugaibh againn i dtreo go bhféadfar admháil peacaí a dhéanamh i dteach an Tiarna ar an bhféile agus ar laethanta cuí eile.
Admháil Ciontachta
15Déarfaidh sibh: Is ag an Tiarna atá an ceart; ach, mar is léir inniu, is cóir aghaidheanna, atá ar lasadh le náire, a bheith orainne: ar mhuintir Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim, 16ar ár ríthe agus ar ár bprionsaí, ar ár sagairt agus ar ár bhfáithe agus ar ár n‑aithreacha. 17Óir, pheacaíomar in aghaidh an Tiarna; 18ní rabhamar umhal dó ná níor éisteamar le glór an Tiarna, ár nDia, d'fhonn go gcoimeádfaimis na haitheanta a leag sé orainn. 19Ón lá a threoraigh an Tiarna ár n‑aithreacha amach as an Éigipt go dtí an lá atá inniu ann, bhíomar easumhal don Tiarna, ár nDia, agus le corp neamhshuime níor éisteamar lena ghlór. 20Dá bharr sin, mar is léir anois, tá tubaistí á gcarnadh orainn mar aon leis an mallacht a rinne Maois, seirbhíseach an Tiarna, ar a ordu, an lá a threoraigh sé ár sinsir as an Éigipt chun tíre a bhfuil mil agus bainne ina slaoda inti, a thabhairt dúinn. 21Níor éisteamar, áfach, le glór an Tiarna a léiríodh dúinn i mbriathra uile na bhfáithe a chuir sé chugainn. 22Is amhlaidh a lean gach duine dínn claonta a chroí mhallaithe; dá dheasca sin bhíomar umhal do dhéithe eile agus rinneamar gníomhartha arb olc leis an Tiarna iad.

Currently Selected:

Barúch 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy