Amós 8
8
An Ceathrú Fís
1Seo an rud a thaispeáin an Tiarna Dia dom:
cliabh de thorthaí aibí.
2“A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé.
“Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé.
Ansin dúirt an Tiarna liom:
Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt,
ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
3Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin,
–is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn–
beidh na corpáin gan áireamh ann
agus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm.
Caimiléirí
4Éistigí leis seo,
sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoirí
chun bochtáin na tíre a dhíothú.
5Sibhse a deir: Cathain a chuirfear deireadh leis an ré nua,
ionas go ndíolfaimid arbhar,
agus leis an tsabóid,
ionas go gcuirfimid ár gcruithneacht ar an margadh,
agus go ndéanfaimid an t‑éafá beag agus an seicil mór
trí chaimiléireacht a dhéanamh ar na scálaí,
6go dtig linn an bochtán a cheannach le hairgead
agus an t‑ainniseoir le péire cuarán,
agus go dtig linn fiú barraíl na cruithneachta a dhíol?
7Mhionnaigh an Tiarna dar mórtas Iacóib.
Go deimhin, ní dhearmadfaidh mé choíche
aon rud dá bhfuil déanta acu.
8Nach dá bhrí seo a chritheann an talamh
agus a chaoineann gach duine dá gcónaíonn ann?
Tá sí ag borradh ar nós na Níle
agus ag éirí agus ag titim mar Abhainn na hÉigipte?
Bagairtí Eile
9An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia,
tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin,
agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil.
10Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaí
agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile;
cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach,
agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir.
Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh;
agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.
11Féach, tá na laethanta chugaibh,
a deir an Tiarna Dia,
nuair a chuirfidh mé gorta sa tír,
nach gorta bia ná dí é,
ach díth dúile in éisteacht bhriathra an Tiarna.
12Tuisleofar ó fharraige go farraige;
seachránfar ón tuaisceart soir, ar lorg bhriathar an Tiarna agus gan teacht air.
13An lá sin titfidh idir chailín deas
agus bhuachaill breá i laige le tart.
14An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire
agus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!,
go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”,
titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.
Currently Selected:
Amós 8: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.