YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 23

23
1Labhair Pól leis an tsainidrín agus é ag cur na súl tríothu: “A bhráithre,” ar seisean, “níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.” 2Leis sin dʼordaigh Anainias, an t‑ardsagart, dóibh sin a bhí ina seasamh in aice leis Pól a bhualadh sa bhéal. 3Ansin dʼiompaigh Pól air: “Buailfidh Dia thusa, a bhalla aolta,” ar seisean. “An bhfuil tú i do shuí ansin ag tabhairt breithiúnais ormsa de réir an dlí agus tú féin ag sárú an dlí ag ordú mo bhualadhsa?” 4An mhuintir a bhí ina seasamh ina aice, dúirt siad le Pól: “An ag tabhairt achasáin don ardsagart atá tú?” 5Dʼfhreagair Pól: “Ní raibh a fhios agam, a bhráithre, gurb é an t‑ardsagart é, mar tá scríofa: ‘Ná habair aon drochní mar gheall ar phrionsa an phobail.’ ”
6Nuair a dʼaithin Pól gur de bhuíon na Sadúcach cuid acu agus gur de bhuíon na bhFairisíneach an chuid eile dúirt sé sa tsainidrín in ard a ghutha: “A bhráithre, is Fairisíneach mise agus is de shliocht na bhFairisíneach mé. Is mar gheall ar an dóchas agus ar aiséirí na marbh atáim ar mo thriail anseo.” 7Ní raibh an méid sin ráite aige nuair a dʼéirigh achrann idir na Fairisínigh agus na Sadúcaigh agus bhí an cruinniú scoilte ina dhá chuid, 8mar go ndeir na Sadúcaigh nach bhfuil aiséirí ann ná aingeal ná spiorad agus creideann na Fairisínigh i ngach ceann acu.
9Mhéadaigh ar an ngleo, agus dʼéirigh roinnt scríobhaithe de chuid na bhFairisíneach agus thosaigh siad ag maíomh go colgach: “Ní fhaighimid aon locht ar an bhfear seo. Más ea féin gur labhair aingeal nó spiorad leis...” 10Bhí an t‑achrann ag dul chomh mór sin i méid go raibh eagla ar an gceannasaí go sracfaí Pól as a chéile; dá bhrí sin dʼordaigh sé don arm dul síos agus Pól a tharrtháil uathu agus é a thabhairt isteach sa dúnfort.
11An oíche dár gcionn sheas an Tiarna láimh leis agus dúirt: “Bíodh misneach agat. Faoi mar atá fianaise tugtha agat orm anseo in Iarúsailéim, ní mór duit fianaise a thabhairt ar an gcaoi chéanna sa Róimh freisin.”
Comhcheilg á Beartú
12Nuair a bhí sé ina lá, tháinig roinnt de na Giúdaigh le chéile agus chuaigh siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeadh Pól marbh acu. 13Bhí breis agus daichead acu a thug brí na mionn sin le chéile. 14Ansin chuaigh siad go dtí na hardsagairt agus na seanóirí agus dúirt leo: “Ghabhamar de gheasa orainn féin gan aon ní a bhlaiseadh nó go mbeidh Pól marbh againn. 15Dá bhrí sin cuirigí sibhse agus an tsainidrín scéala chun an cheannasaí á iarraidh Pól a chur anuas chugaibh mar dhea gur mhaith libh a chás a fhiosrú ní ba chruinne. Agus beimidne réidh chun é a dhíothú sula mbeidh sé tagtha i ngar.”
16Fuair mac deirféar Phóil cogar scéil an luíocháin, áfach. Chuaigh sé go dtí an dúnfort agus isteach leis ag insint an scéil do Phól. 17Ghlaoigh Pól ar dhuine de na taoisigh chéad agus dúirt leis: “Tabhair leat an gasúr seo go dtí an ceannasaí mar tá scéala aige le hinsint dó.” 18Thóg sé leis é go dtí an ceannasaí agus dúirt: “Chuir an príosúnach Pól fios orm agus dʼiarr orm an gasúr seo a thabhairt chugat mar go bhfuil rud aige le rá leat.” 19Rug an ceannasaí ar láimh ar an ngasúr, chuaigh i leataobh leis agus dʼfhiafraigh de: “Cén scéal atá agat le hinsint dom?” 20“A leithéid seo,” arsa an gasúr, “tá socair ag na Giúdaigh a iarraidh ortsa Pól a chur síos amárach go dtí an tsainidrín, mar dhea gur mhaith leo a chás a scrúdú ní ba chruinne. 21Ach ná déansa rud orthu, mar tá breis agus daichead duine acu ag déanamh luíocháin air mar tá siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeidh sé curtha den saol acu. Tá siad ullamh anois chuige agus iad ag feitheamh le gealltanas uaitse.”
Pól á chur go Féilix Gobharnóir
22Scaoil an ceannasaí an gasúr chun siúil tar éis a rá leis: “Ná hinis do dhuine ar bith gur nocht tú an scéal seo dom.” 23Chuir sé fios ansin ar bheirt de na taoisigh chéad agus dúirt leo: “Bíodh dhá chéad saighdiúirí ullamh agaibh ar an tríú huair anocht chun dul go Céasaráia agus seachtó marcach chomh maith agus dhá chéad sleádoirí. 24Agus bíodh beithígh iompair agaibh ar a gcuirfeadh sibh Pól agus é a thabhairt slán go dtí an Gobharnóir Féilix.” 25Agus scríobh sé litir ar an aiste seo a leanas:
26“Beatha agus sláinte ó Chlauidias Lisias chun an Ghobharnóra ró-oirirc Féilix. 27Bhí beirthe ag na Giúdaigh ar an bhfear seo agus iad ar tí é a chur chun báis nuair a tháinig mé orthu leis an arm; tharrthaigh mé uathu é nuair a fuair mé amach gur saoránach Rómhánach é. 28Ansin dʼfhonn a fháil amach cén chúis a bhí acu á chur ina leith, thóg mé chun a sainidríne é. 29Fuair mé amach gur mar gheall ar phointí áirithe dá ndlí féin a bhí siad á chúiseamh agus nach raibh aon ní ina choinne a thuillfeadh bás ná príosún. 30Ach nuair a cuireadh in iúl dom go bhfuil comhcheilg déanta ina choinne, sheol mé chugatsa gan mhoill é agus dʼordaigh mé dá chúiseoirí a ngearán faoi a dhéanamh i do láthairse.”
31Rinne na saighdiúirí mar a dúradh leo agus thóg siad Pól agus rug leo san oíche é chomh fada le hAntapaitris. 32Lá arna mhárach tháinig siad ar ais go dtí an dúnfort agus lig do na marcaigh é a thionlacan. 33Nuair a shroich siad Céasaráia, sheachaidh siad an litir don ghobharnóir agus thug Pól ar láimh dó chomh maith. 34Léigh sé an litir agus dʼfhiafraigh cén cúige arbh as dó; agus nuair a fuair sé fios gurbh as an tSiléis dó, dúirt sé: 35“Éistfidh mé leat ar ball nuair a bheidh lucht do chúisithe anseo.” Agus dʼordaigh sé é a chur faoi choimeád i bpréatóiriam Héaróid.

Currently Selected:

Gníomhartha 23: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in