YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 18

18
Pól i gCorant
1Dʼfhág sé an Aithin ina dhiaidh sin agus dʼimigh go Corant. 2Casadh ansiúd air Giúdach darbh ainm Acula, fear a rugadh i bPontas agus a bhí tagtha le gairid ón Iodáil, é féin agus a bhean Priscille, de bharr an ordú a bhí curtha amach ag Clauidias na Giúdaigh go léir a imeacht ón Róimh. Chuaigh Pól ar cuairt chucu 3agus toisc é bheith ar aon cheard leo–déantóirí bothanna ba ea iad–dʼfhan sé leo ag obair ar a cheird. 4Bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg gach lá sabóide ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na Giúdaigh agus ar na Gréagaigh.
5Nuair a tháinig Síleas agus Tiomóid anuas ón Macadóin chaith Pól a dhúthracht ar fad leis an tseanmóireacht, á chruthú do na Giúdaigh gurb é Íosa an Críost. 6Agus nuair a thosaigh siadsan á bhréagnú agus á cháineadh, chroith sé an deannach dá éadaí, á rá leo: “Bíodh bhur gcuid fola ar bhur gceann féin. Ní bheidh mise freagarthach inti. As seo amach tabharfaidh mé aghaidh ar na págánaigh.” 7Dʼfhág sé ann iad agus chuaigh isteach i dteach duine darbh ainm Síomón Iústas, fear diaganta a raibh a theach taobh leis an tsionagóg. 8Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.
9Oíche amháin labhair an Tiarna le Pól in aisling: “Ná bíodh aon eagla ort,” ar sé. “Lean ort ag seanmóireacht agus ná cuirtear tú i do thost, 10mar táimse leat agus ní leagfaidh duine ar bith barr méire ort chun dochar a dhéanamh duit, mar tá pobal mór agamsa sa chathair seo.” 11Bhain sé faoi ann mar sin ar feadh bliain go leith, ag múineadh briathar Dé ina measc.
12Le linn do Ghaillión bheith ina phróchonsal ar Acháia thug na Giúdaigh fogha faoi Phól de thoil a chéile agus rug os comhair an tsuí breithimh é. 13“Tá an fear seo,” ar siad, “ag áiteamh ar na daoine ómós aindleathach a thabhairt do Dhia.” 14Bhí Pól ar tí a bhéal a oscailt nuair a labhair Gaillión leis na Giúdaigh: “Dá mba éagóir éigin nó míghníomh coiriúil éigin a bhí i gceist agaibh, a Ghiúdacha,” ar seisean, “dʼéistfinn libh mar ba chóir. 15Ach ós focail agus ainmneacha agus dlí éigin de bhur gcuid féin atá i gceist agaibh, féachaigí féin chuige. Ní mian liomsa bheith i mo bhreitheamh ar na cúrsaí sin,” 16agus thiomáin sé ón suí breithimh iad. 17Ach rug siadsan go léir ar Shóstainéas, uachtarán na sionagóige, agus thug léasadh dó os comhair an tsuí bhreithimh amach. Ach bhí Gaillión beag beann ar na nithe sin.
18Dʼfhan Pól i gCorant ar feadh i bhfad. Ansin dʼfhág sé slán ag na bráithre agus chuaigh ar bord loinge chun na Síre. Chuaigh Priscille agus Acula in éineacht leis. Bhí sé tar éis a cheann a bhearradh i gCeinchré mar bhí móid air. 19Nuair a tháinig siad go hEifeasas, scar sé leis an mbeirt eile ann agus chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg ag díospóireacht leis na Giúdaigh. 20Dʼiarr siadsan air fanacht tamall, 21ach ní thoileodh sé chuige. “Ach,” ar seisean agus é ag fágáil slán acu, “tiocfaidh mé ar ais arís chugaibh, más toil le Dia é.” Chuir sé chun farraige ó Eifeasas 22agus tháinig i dtír i gCéasaráia. Ansin chuaigh sé suas (go Iarúsailéim) ag beannú don phobal naofa ann agus as sin síos go hAintíoch. 23Tar éis dó tamall aimsire a thabhairt ann, ghluais sé chun siúil agus i ndiaidh a chéile thaistil sé dúiche Ghalaite agus Fhrigia ag treisiú leis na deisceabail go léir.
Apollós in Eifeasas
24Tháinig go hEifeasas Giúdach darbh ainm Apollós. Alastraíneach ba ea é ó dhúchas, é dea-labhartha agus sároilte ar na scrioptúir. 25Bhí oiliúnt faighte aige ar bhealach an Tiarna, agus cé go labhraíodh sé go díograiseach agus go dtugadh sé teagasc cruinn faoi Íosa, ní raibh ar eolas aige ach baisteadh Eoin. 26Thosaigh sé ag labhairt go dána sa tsionagóg agus nuair a chuala Priscille agus Acula é, thug siad leo abhaile é agus thug léiriú ní ba chruinne dó ar bhealach an Tiarna. 27Agus ó tharla go raibh fonn air dul go hAcháia thug na bráithre spreagadh dó agus scríobh siad chun na ndeisceabal thall á iarraidh orthu fáilte a chur roimhe. Agus ar theacht go Corant dó, trí ghrásta Dé ba mhór an chabhair do na creidmhigh é, 28mar gur sháraigh sé na Giúdaigh go rábach in argóint phoiblí, á thaispeáint ar fhianaise na scrioptúr gurb é Íosa an Críost.

Currently Selected:

Gníomhartha 18: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in