2 Samúéil 9
9
Meirí Bál
1Dʼfhiafraigh Dáiví: “An bhfuil aon duine fágtha de theaghlach Shóil i dtreo gurbh fhéidir dom bheith cineálta leis ar son Iónátán?” 2Bhí searbhónta de theaghlach Shóil, darbh ainm Zíbeá, agus ghlaodar air chuig Dáiví: “An tú Zíbeá?” arsan rí leis. “Faoi do réir,” ar sé. 3Dúirt an rí: “Nach bhfuil duine éigin de theaghlach Shóil fágtha le go dtaispeánfainn cineáltas Dé dó?” Dʼfhreagair Zíbeá an rí: “Tá mac le Iónátán, duine a bhfuil cosa bacacha faoi.” 4Dúirt an rí leis: “Cá bhfuil sé?” Dúirt Zíbeá leis an rí: “Tá cónaí air i dteach Mhácaír mac Aimíéil i Ló Dabár.” 5Chuir Dáiví rí fios air agus thug é ó theach Mhácaír mhic Aimíéil i Ló Dabár.
6Ar theacht i láthair Dháiví dó, chaith Meirí Bál mac Iónátán mhic Shóil é féin ar a bhéal agus thug ómós dó. “Meirí Bál!” arsa Dáiví. “Táim faoi do réir,” ar sé. 7Dúirt Dáiví leis: “Ná bíodh eagla ort; taispeánfaidh mise cineáltas duit ar son dʼathar Iónátán agus déanfaidh mé fearann uile dʼathar, Sól, a thabhairt ar ais duit agus íosfaidh tú i gcónaí ag mo bhord.” 8Thug Meirí Bál ómós dó: “Céard é do shearbhónta,” ar sé, “a rá go mbeadh do ghnaoi ar mhadra marbh mar mise.”
9Ghlaoigh an rí ansin ar Zíbeá, searbhónta Shóil, agus dúirt leis: “Thug mé do mhac do mháistir gach ar bhain le Sól agus lena theaghlach go léir. 10Ní foláir duitse an talamh a shaothrú dó, thú féin agus do chlann mhac agus do dhaoráin; ní foláir duitse an fómhar a bhaint chun bia a sholáthar do chlann do mháistir. Ach Meirí Bál, mac do mháistir, beidh a bhéilí i gcónaí aige ag bord liom féin.” Bhí cúigear mac déag ag Zíbeá agus fiche daorán. 11Dúirt Zíbeá leis an rí: “Déanfaidh do shearbhónta gach ar ordaigh mo thiarna an rí dá shearbhónta.” Bhíodh Meirí Bál dá bhrí sin ag suí chun boird le Dáiví, mar dhuine de chlann mhac an rí. 12Bhí mac óg ag Meirí Bál darbh ainm Míceá. Rinne searbhóntaí do Mheirí Bál de gach duine a raibh cónaí air i dteach Zíbeá. 13Bhí cónaí ar Mheirí Bál i Iarúsailéim mar shuíodh sé i gcónaí ag bord an rí. Bhí dhá chois bhacacha faoi.
Currently Selected:
2 Samúéil 9: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: