YouVersion Logo
Search Icon

2 Samúéil 10

10
Cogadh le hAmónaigh
1Fuair rí na nAmónach bás ina dhiaidh sin, agus tháinig Hánún a mhac i gcoróin ina dhiaidh. 2Dúirt Dáiví leis féin: “Beidh mé chomh dílis céanna do Hánún mac Nácháis agus a bhí a athair domsa.” Chuir Dáiví a sheirbhísigh chuige le teachtaireacht chomhbhróin faoi bhás a athar. Ach nuair a ghabh seirbhísigh Dháiví isteach i dtír na nAmónach, 3dúirt na taoisigh Amónacha le Hánún a máistir: “An dóigh leat gur dʼfhonn onóir a thabhairt do dʼathair atá teachtairí comhbhróin á gcur ag Dáiví chugat? A mhalairt, nach bhfuil a sheirbhísigh curtha ag Dáiví chugat chun an chathair a bhrath, a spíonadh agus a scrios?” 4Ghabh Hánún seirbhísigh Dháiví dá bhrí sin, bhearr an fhéasóg de gach duine díobh, ghearr a gcuid éadaigh díobh leath slí suas chun a más, agus chuir chun siúil iad. 5Nuair a insíodh an scéal do Dháiví, chuir sé teachtaire ina gcoinne, mar go raibh náire shaolta ar na fir. “Fanaigí in Ireachó,” arsan rí, “go bhfása bhur bhféasóg aris, agus tagaigí ar ais ansin.”
6Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin tagtha ar Dháiví leo, chuireadar teachtairí le hAramaeigh Bhéit Rachob agus Aramaeigh Zóbá, fiche míle troitheach, a fhostú; agus rí Mhácá le míle fear, agus muintir Thób, dhá mhíle dhéag fear. 7Nuair a chuala Dáiví é sin sheol sé amach Ióáb leis na saighdiúirí singile agus leis na curaidh. 8Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag béal an gheata, ach dʼfhan Aramaeigh Zóbá agus Rachob, muintir Thób agus Mhácá, leo féin sa mhachaire. 9Nuair a chonaic Ióáb go raibh an cath le cur ar a bhéala agus ar a chúla, thogh sé cuid de rogha na nIosraelach agus chóirigh iad in aghaidh na nAramaech. 10Chuir sé an chuid eile den arm faoi cheannas a dhearthár Aibísí, agus chóirigh iad in aghaidh na nAmónach. 11Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, cabhraighse liom,” ar sé, “ach má bhíonn na hAmónaigh rothréan duitse, rachaidh mé i gcabhair ortsa. 12Bíodh misneach agat agus seas an fód ar son ár bpobail agus cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.” 13Chuaigh Ióáb agus an mhuintir a bhí in éineacht leis i ngleic leis na hAramaeigh ach theitheadarsan uaidh. 14Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh theitheadar féin mar an gcéanna ó Aibísí agus isteach leo sa chathair. Dʼfhill Ióáb ansin ón gcogadh in aghaidh na nAmónach agus tháinig ar ais go Iarúsailéim.
15Ar fheiceáil do na hAramaeigh gur bhris Iosrael orthu, chruinníodar go léir le chéile. 16Chuir Hadad Eizir teachtairí go dtí na hAramaeigh a bhí taobh thall den Abhainn agus bhailigh chuige iad. Thángadar go Haelám agus Seobác ceann feadhna arm Hadad Eizir a dtreorú. 17Nuair a dʼinsíodar é sin do Dháiví, chruinnigh sé Iosrael go léir le chéile, agus ghabh thar an Iordáin agus tháinig go Haelám. Chuir na hAramaeigh cóiriú catha orthu féin in aghaidh Dháiví agus chuaigh i ngleic leis. 18Theith na hAramaeigh ó Iosrael, agus mharaigh Dáiví seacht gcéad dá bhfoirne carbaid agus daichead míle marcach; threascair sé Seobác a gceann feadhna freisin agus fuair sé bás ar an toirt. 19Nuair a chonaic na ríthe go léir a thug géillsine do Hadad Eizir go raibh buaite orthu ag Iosrael, rinneadar síocháin le hIosrael, agus ghéilleadar dóibh. Bʼeagal leis na hAramaeigh cabhrú leis na hAmónaigh a thuilleadh.

Currently Selected:

2 Samúéil 10: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in