2 Samúéil 6
6
An Áirc in Iarúsailéim
1Thionóil Dáiví sluaite tofa Iosrael go léir, tríocha míle fear. 2Chuir Dáiví chun bealaigh agus dʼimigh lena lucht leanúna go léir ó Bhálá Iúdá chun áirc Dé ar a bhfuil ainm Tiarna na Slua a shuíonn faoi réim ar na ceiribíní a thabhairt aníos as sin. 3Leagadar áirc Dé ar charr nua, agus thugadar leo í ó theach Aibíonádáb atá ar an gcnoc. Bhí Uzá agus Aichíó, clann mhac Aibíonádáb, ag tiomáint an chairr nua. 4[Bhí Uzá ag siúl] taobh le háirc Dé agus Aichíó ag gabháil roimpi. 5Bhí Dáiví agus teaghlach Iosrael ag rince os comhair an Tiarna le barr dúthrachta, ag cantain le cruiteanna, le cláirseacha, le bodhráin, le castainéid, agus le ciombail.
6Nuair a thángadar go hurlár buailte áirithe, shin Uzá a lámh chun áirc an Tiarna agus choinnigh socair í mar go raibh na daimh ag tuisliú. 7Dʼadhain fearg an Tiarna in aghaidh Uzá agus bhuail Dia ar an toirt é mar gur bhain sé leis an áirc lena láimh, agus fuair sé bás ansiúd taobh le háirc an Tiarna. 8Bhí Dáiví míshásta mar gur bhris fearg an Tiarna amach ina aghaidh Uzá, agus tugtar Bearna Uzá ar an áit go dtí an lá inniu. 9Bhí eagla an Tiarna ar Dháiví an lá sin: “Conas,” ar sé, “arbh fhéidir le háirc an Tiarna teacht chugamsa?” 10Shocraigh Dáiví gan an áirc a thabhairt isteach i nDúnfort Dháiví ach thug sé i leataobh í go teach Óbaed Eadóm ó Ghat. 11Dʼfhan áirc an Tiarna i dteach Óbaed Eadóm ó Ghat ar feadh trí mhí, agus chuir an Tiarna a bheannacht ar Obaed Eadóm agus ar a theaghlach go léir.
12Tháinig scéala go Dáiví rí gur chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach Óbaed Eadóm agus ar gach ar bhain leis de bharr áirc an Tiarna. Dʼimigh Dáiví dá bhrí sin agus thug sé áirc Dé leis aníos ó theach Óbaed Eadóm go Dúnfort Dháiví le barr lúcháire. 13Nuair a bhí lucht iompair áirc an Tiarna imithe sé choiscéim, rinne sé damh agus caora ramhar a íobairt. 14Bhí Dáiví ag rince an méid a bhí ina chorp os comhair an Tiarna, agus éafód lín á chaitheamh aige. 15Thug Dáiví agus teaghlach Iosrael go léir áirc an Tiarna aníos le gártha agus le séideadh an stoic. 16Nuair a bhí áirc an Tiarna ag dul isteach i nDúnfort Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví rí ag steipeadaíl agus ag rince os comhair an Tiarna; tháinig drochmheas aici air ina croí. 17Thug siad áirc an Tiarna isteach leo agus dʼfhág siad ina hionad í laistigh den bhoth a bhí curtha suas ag Dáiví di. Agus dʼofráil Dáiví íobairtí dóite agus íobairtí comaoineach os comhair an Tiarna. 18Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví bheannaigh sé an pobal in ainm Tiarna na Slua. 19Ansin roinn sé ar an bpobal uile, ar shlua iomlán Iosrael, idir fhir agus mhná, cáca aráin an duine agus sciar dátaí agus císte rísíní. Dʼimigh an pobal go léir ansin, gach duine chun a thí féin.
20Ag teacht abhaile do Dháiví chun a theaghlach a bheannú, chuaigh Míceal iníon Shóil amach ina choinne: “Nach breá an cháil,” ar sí, “a thuill rí Iosrael dó féin inniu, á nochtadh féin os comhair chailíní a shearbhóntaí, mar a dhéanfadh aon chrosán é féin a nochtadh.” 21Dʼfhreagair Dáiví Míceal: “Don Tiarna a bhí mé ag rince. [Dar an Tiarna beo], an té a thogh mise roimh dʼathair agus roimh a theaghlach go léir le taoiseach a dhéanamh díom ar Iosrael, pobal an Tiarna, déanfaidh mé rince os comhair an Tiarna 22agus mé féin a ísliú níos mó fós. Beidh mé gan mheas i do shúilese, ach beidh deamheas orm ina súile siúd, na cailíní a luann tú.” 23Go lá a báis bhí Míceal iníon Shóil gan chlann.
Currently Selected:
2 Samúéil 6: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.