2 Samúéil 18
18
1Ansin chuir Dáiví tionól ar na sluaite a bhí ina theannta, agus cheap ceannairí mílte agus ceannairí céadta orthu. 2Rinne Dáiví an t‑arm [a roinnt ina thrí bhuíon], buíon faoi cheannas Ióáb, buíon faoi cheannas Aibísí, mac Zarúá, deartháir Ióáb, agus buíon faoi cheannas Iotaí an Giteach. Ansin dúirt an rí leis na sluaite: “Máirseálfaidh mé féin cois ar chois libh.” 3Ach dʼfhreagair na fir: “Ná téighse amach. Má chuirtear an teitheadh orainn, is cuma leo fúinn; agus má mharaítear leath againn, is cuma leo fúinn. Ach tusa! is fiú deich míle dínn thusa! Dá bhrí sin is fearr thusa a bheith ullamh le fóirithint orainn ón gcathair.” 4Dúirt an rí leo: “Déanfaidh mé mar is fearr is dóigh libh.” Sheas an rí mar sin láimh leis an ngeata nuair a ghluais na saighdiúirí amach ina gcéadta agus ina mílte. 5Thug an rí ordú do Ióáb, dʼAibísí agus dʼIotaí: “Ná bígí dian ar an ógánach Aibseálóm, ar mo shonsa.” 6Ghabh na sluaite amach go páirc an chatha ar an gcuma sin in aghaidh Iosrael agus fearadh an cath i bhForaois Eafráim. 7Bhris lucht leanúna Dháiví ar arm Iosrael, agus rinneadh ár agus eirleach an lá sin, agus thit fiche míle fear; 8agus leath an cath ar fud na dúiche go léir, agus shlog an fhoraois níos mó an lá sin ná mar a mharaigh an claíomh.
Bás Aibseálóm
9Tharla dʼAibseálóm gur bhuail sé le cuid de lucht leanúna Dháiví. Bhí Aibseálóm ag marcaíocht ar mhiúil agus bhí an mhiúil ag dul faoi chraobhacha tiubha crainn mhóir darach. Chuaigh ceann Aibseálóm i bhfostú sa chrann darach agus fágadh ar crochadh idir spéir agus talamh é–ach an mhiúil a raibh sé ag marcaíocht uirthi, lean sí uirthi. 10Chonaic duine éigin é seo agus thug sé an scéal do Ióáb: “Féach! chonaic mé Aibseálóm,” ar seisean, “agus é ar crochadh ó chrann darach.” 11Dúirt Ióáb leis an té a thug an scéala dó: “Agus má chonaic tú é, cén fáth nár leag tú ar lár ar an toirt é? Thabharfainnse féin, le fonn, deich seicil airgid duit, agus crios chomh maith.” 12“Fág go mbraithfinn meáchan míle seicil airgid ar mo ghlaic ní shínfinn mo lámh in aghaidh mhac an rí. Óir thug an rí i gcomhchlos dúinne, ordú duitse, dʼAibísí agus dʼIotaí: ‘Déanaigí anacal anama ar Aibseálóm ar mo shonsa.’ 13Ach dá ndéanfainn feall, agus mʼanam a chur i mbaol–níl aon ní i bhfolach ar an rí–ní ardófá méar ar mhaithe liom.” 14Ansin dúirt Ióáb leis: “Ní bheidh mé ag meilt ama mar seo leat,” agus rug sé ar thrí shleá ina láimh agus sháigh sé i gcroí Aibseálóm iad agus é beo fós ansiúd ar an gcrann darach. 15Ansin tháinig deichniúr ógánach, lucht iompair airm Ióáb timpeall ar Aibseálóm, agus bhuail siad é agus mharaigh.
16Ansin shéid Ióáb an stoc agus dʼfhill na saighdiúirí ar ais ón tóir ar Iosrael mar gur choisc Ióáb iad. 17Thógadar Aibseálóm leo agus chaitheadar síos isteach i bpoll mór san fhoraois é agus thógadar carn mór os a leacht. Agus theith Iosrael go léir, gach duine chun a bhaile féin.
18Agus é fós ina bheatha, rinne Aibseálóm an gallán atá i nGleann an Rí a roghnú agus a chur ina sheasamh i gcuimhne air féin. “Táim gan mac,” ar sé, “a choimeádfadh cuimhne mʼainm beo.” Bhí a ainm tugtha aige ar an ngallán, agus tugtar Gallán Aibseálóm air go dtí an lá inniu féin.
Drochscéala do Dháiví
19Ansin dúirt Aichímeáz mac Zádóc: “Caithfidh mé rith agus a rá leis an rí gur fhuascail an Tiarna é ó láimh a naimhde.” 20Ach dúirt Ióáb: “Ní bheifeá i do theachtaire dea-scéala inniu; ach beidh tú lá éigin eile; ach ní bheidh dea-scéala agat dó inniu, mar tá mac an rí marbh.” 21Ansin dúirt Ióáb leis an gCúiseach: “Imigh leat agus inis don rí a bhfaca tú.” Dʼumhlaigh an Cúiseach do Ióáb agus rith leis. 22Ach lean Aichímeáz mac Zádóc air: “Cibé a tharlóidh,” ar sé le Ióáb, “caithfidh mise rith i ndiaidh an Chúisigh.” “Cad ab áil leat ag rith, a mhic ó? Ní bheidh aon ní agat de bharr do scéala.” 23“Cibé a tharlóidh,” ar sé, “caithfidh mé rith.” “Rith leat, más ea,” arsa Ióáb. Ansin rith Aichímeáz leis bealach an mhachaire agus fuair sé an tosach ar an gCúiseach.
24Bhí Dáiví ina shuí idir an dá gheata. Bhí an fear faire tar éis dul suas go dtí díon an gheata, ag an mballa; ag ardú a shúl dó dʼfhéach sé agus chonaic fear ag rith leis féin. 25Scairt an fear faire agus dʼinis sé sin don rí. Dúirt an rí: “Má tá sé leis féin, tá scéala le hinsint aige.” Nuair a dhruid an fear níos cóngaraí fós agus é á bhaint as na bonna, 26chonaic an fear faire fear eile ag rith; agus scairt an fear faire [ar bharr] an gheata: “Seo fear eile chugainn ag rith leis féin!” Dʼfhreagair an rí: “Tá scéala aige sin chomh maith.” 27“Is dóigh liom go ritheann an chéad fhear mar a ritheann Aichímeáz mac Zádóc,” arsan fear faire. “Fear maith eisean,” arsan rí, “agus tá dea-scéala leis.” 28Tháinig Aichímeáz i láthair an rí: “Bail ó Dhia ort!” ar sé, agus shléacht don rí agus chrom go talamh roimhe. “Moladh leis an Tiarna, do Dhia,” ar sé, “mar gur thug sé ar láimh an mhuintir a shín a lámh in aghaidh mo thiarna an rí.” 29“An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?” dʼfhiafraigh an rí. “Nuair a sheol Ióáb uaidh do shearbhónta, chonaic mé círéib mhór, ach níl a fhios agam cad a bhí i gceist.” 30Dúirt an rí: “Téigh i leataobh agus seas ansin.” Chuaigh sé i leataobh agus dʼfhan ina sheasamh. 31Ansin tháinig an Cúiseach i láthair. “Dea-scéala do mo thiarna an rí!” arsa an Cúiseach. “Rinne an Tiarna thú a fhuascailt inniu ó láimh gach duine a rinne ceannairc i dʼaghaidh.” 32“An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?” dʼfhiafraigh an rí den Chúiseach. Dʼfhreagair sé siúd: “An bhail atá ar an ógánach sin, go raibh sé ar naimhde mo thiarna an rí, agus orthu siúd uile a rinne dʼaimhleas lena gceannairc.”
Currently Selected:
2 Samúéil 18: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.