YouVersion Logo
Search Icon

2 Samúéil 16

16
Cabhair agus Doicheall
1Nuair a bhí Dáiví imithe tamall gairid thar mhullach an tsléibhe, tháinig Zíbeá, searbhónta Mheirí Bál, ina araicis le dhá asal, diallaití orthu agus ualach orthu de dhá chéad builín aráin, céad crobhaing rísíní, céad de thorthaí an tsamhraidh, agus seithe fíona. 2Dúirt an rí le Zíbeá: “Cá rachaidh tú leo sin?” Dʼfhreagair Zíbeá: “Do theaghlach an rí le marcaíocht orthu na hasail; do na saighdiúirí le hithe an t‑arán agus na torthaí samhraidh; le hól ag an mhuintir a éireoidh lag san fhásach an fíon.” 3“Agus cá bhfuil mac do mháistir?” arsan rí. Dʼfhreagair Zíbeá an rí: “Féach, dʼfhan sé in Iarúsailéim, mar a deir sé: ‘Tabharfaidh teaghlach Iosrael ríocht mʼathar ar ais dom inniu.’ ” 4Ansin dúirt an rí le Zíbeá: “Is leat anois cuid Mheirí Bál go léir.” Dúirt Zíbeá: “Umhlaím duit. Gura fiú mé dʼfhabhar a fháil i gcónaí, a thiarna mo rí!”
5Nuair a tháinig Dáiví a fhad le Bachúraím, amach le fear den sliocht céanna ónar shíolraigh clann Shóil. Simeí mac Ghéará ab ainm dó. Agus ag teacht dó bhí sé ag mallachtaigh leis 6agus ag caitheamh cloch le Dáiví rí agus lena chuid oifigeach go léir, cé go raibh an t‑arm ar fad agus na gaiscígh uile thart timpeall ar an rí, ar dheis agus ar chlé. 7Seo mar a bhí sé ag mallachtaigh: “Beir as, beir as, a fhir na fola, a chladhaire! 8Bhain an Tiarna díoltas asat i bhfuil theaghlach Shóil ar ghlac tú a fhlaitheas ort féin, agus tá an Tiarna tar éis an flaitheas céanna a thabhairt i láimh Aibseálóm do mhac. Seo chugat anois uair na cinniúna, a fhir na fola.” 9Dúirt Aibísí mac Zarúá leis an rí: “An bhfuilimid chun ligean don mhadra marbh seo bheith ag mallachtaigh ar mo thiarna, an rí? Lig dom dul anonn agus an ceann a bhaint de.” 10Ach dʼfhreagair an rí: “Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: ‘Cuir mallacht ar Dháiví,’ 11cén ceart atá ag aon duine a rá: ‘Cad chuige a ndearna tú seo?”’ Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: “Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis. 12Bʼfhéidir go mbreathnódh an Tiarna ar [mʼanró] agus an mhaith a chur i mo threo in éiric a mhallachta inniu.” 13Chuir Dáiví agus a chuid fear chun bealaigh mar sin. Ach lean Simeí air ar feadh an tsléibhe ar a aghaidh anonn ag mallachtaigh ar an mbealach agus ag caitheamh cloch agus cré leis. 14Shroich an rí agus an mhuintir go léir a bhí in éineacht leis [an Iordáin] agus an-tuirse orthu, agus ligeadar a scíth ansiúd.
Aibseálóm in Iarúsailéim
15Tháinig Aibseálóm lena lucht leanúna go léir de chlann Iosrael isteach in Iarúsailéim; bhí Aichítifeil ina theannta. 16Nuair a tháinig Húisí an tAircíoch, cara Dháiví, i láthair Aibseálóm, dúirt sé: “Fad ar shaol an rí! Fad ar shaol an rí!” 17Agus dúirt Aibseálóm le Húisí: “An mar sin atá ag do dhílseacht do do chara? Cén fáth nár imigh tú le do chara?” 18Agus dúirt Húisí le hAibseálóm: “Ní mar sin atá. Ach an té a thogh an Tiarna agus an pobal seo agus muintir Iosrael go léir is aigesean a bheidh mise, agus is leis-sean a fhanfaidh mé. 19Agus thairis sin, cé dó a ndéanfainn seirbhís? Cé eile ach dá mhac? Déanfaidh mé seirbhís duitse faoi mar a rinne mé do dʼathair.”
20Agus dúirt Aibseálóm le hAichítifeil: “Déan do mhachnamh go maith; cad tá le déanamh againn?” 21Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Luigh leis na leannáin dá chuid a dʼfhág dʼathair i bhfeighil a thí; ansin beidh a fhios ag Iosrael go léir go mbeidh an ghráin ag dʼathair ort, agus beidh breis misnigh ag do lucht tacaíochta go léir.” 22Shuíodar both dá bhrí sin dʼAibseálóm ar dhíon an tí agus ghabh Aibseálóm isteach chun leannáin a athar i bhfianaise Iosrael go léir. 23Sna laethanta úd ba gheall le dul i muinín oracail Dé féin dul i muinín chomhairle Aichítifeil. Sin é an meas a bhí ar gach comhairle a thugadh Aichítifeil ag Dáiví agus ag Aibseálóm chomh maith céanna.

Currently Selected:

2 Samúéil 16: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in