2 Samúéil 1
1
Sól á Chaoineadh
1Nuair a bhí Sól tar éis bháis, dʼfhill Dáiví ó ár na nAmailéiceach agus chaith dhá lá i Zicleag. 2Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó. 3“Cá has ar tháinig tú?” dʼfhiafraigh Dáiví de. “Dʼéalaigh mé as campa na nIosraelach,” ar sé. 4“Cad a tharla? Inis dom,” arsa Dáiví leis. Dʼfhreagair sé: “Theith na daoine ó pháirc an áir agus thit a lán acu agus tá siad marbh. Tá Sól agus a mhac Iónátán marbh chomh maith.” 5Ansin dʼfhiafraigh Dáiví den óglach a thug an scéala: “Conas tá a fhios agat go bhfuil Sól agus a mhac Iónátán marbh?” 6“Tharla ar Shliabh Ghiolboa mé,” dʼfhreagair an t‑óglach, “agus ba shiúd é Sól ina luí ar a shleá agus na carbaid agus na capaill ag brú air go dian. 7Dʼfhéach sé siar agus chonaic mise agus ghlaoigh orm, agus dʼfhreagair mé: ‘Anseo dom.’ 8‘Cé hé thú féin?’ ar sé liom. ‘Amailéiceach,’ arsa mise. 9Dúirt sé ansin liom: ‘Seas os mo chionn agus maraigh mé mar tá speabhraídí tagtha orm cé go bhfuil an t‑anam ionam ar fad fós.’ 10Sheas mé os a chionn dá bhrí sin agus mharaigh mé é, mar bhí a fhios agam nach mairfeadh sé agus é ar lár. Ansin thóg mé an choróin a bhí ar a cheann, agus an bhráisléad a bhí ar a ghéag agus thug mé anseo go dtí mo thiarna iad.”
11Ansin rug Dáiví ar a chuid éadaigh agus stróic sé iad. Na fir go léir a bhí ina chuideachta, rinne siad an rud céanna. 12Bhí siad ag caoineadh agus ag mairgnigh agus ag déanamh troscaidh go tráthnóna mar gheall ar Shól agus a mhac Iónátán, mar gheall ar phobal an Tiarna agus ar theaghlach Iosrael agus an bás le claíomh a imríodh orthu.
13Ansin dúirt Dáiví leis an óglach a thug an scéala chuige: “Cad as duit?” “is mac duine dheoranta, Amailéiceach mé,” ar sé. 14Dúirt Dáiví: “Conas nárbh eagal leat do lámh a shíneadh chun ungthach an Tiarna a scrios?” 15Ansin ghlaoigh Dáiví ar dhuine dá shaighdiúirí: “Gabh i leith,” ar sé; “treascair é.” Bhuail agus mharaigh. 16“Go dtaga do chuid fola sa mhullach ort féin,” arsa Dáiví, “mar thug do bhéal féin fianaise i dʼaghaidh, á rá: ‘Mharaigh mé fear ungtha an Tiarna.’ ”
17Ansin chaoin Dáiví Sól agus a mhac Iónátán leis an gcaoineadh seo leanas. 18Dúirt sé é a mhúineadh, dá ghruama é, do chlann Iúdá. Féach, tá sé scríofa i Leabhar na bhFíréan. Mar seo a dúirt sé:
19“Uchón, tá glóir Iosrael ar lár ar dʼardáin!
Cad é mar a dʼéag na gaiscígh!
20Ná hinsigí é i nGat
Agus ná foilsígí é i sráidibh Aiscileon.
Nó beidh lúcháir ar iníonacha na bhFilistíneach,
Agus mórtas ar iníonacha na foirne gan timpeallghearradh.
21A Shléibhte Ghiolboa,
Ná bíodh drúcht ná fearthainn oraibh.
A bhánta fill!
Óir is ansiúd a tugadh masla do sciath an laoich.
Ní le hola a rinneadh sciath Shóil a smearadh,
22Ach le fuil na gcréachtach agus saill na laoch.
Níor chas bogha Iónátán ar ais
Ná níor fhill claíomh Shóil follamh.
23Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe!
Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh!
Ba mhire iad ná na hiolair.
Ba láidre ná na leoin.
24A iníonacha Iosrael caoinigí Sól,
A ghléas sibh go caithiseach le héadaí craoraga,
A chuir dealga óir
Ar bhur bhfeisteas.
25Conas a dʼéag na gaiscígh
I lár an chatha?
A Iónátán, is é do bhás a chloígh mé!
26Tá mé caillte i do dhiaidh, a Iónátán, a dheartháirín ó.
Ba thú mo lao is mʼansacht.
Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin.
27Conas a dʼéag na gaiscígh?
Conas a theip an trealamh catha?”
Currently Selected:
2 Samúéil 1: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.