2 Macabaech 3
3
Héiliodóras
1Bhí an chathair naofa á háitreabh i síocháin choiteann, agus bhí na dlíthe á gcomhlíonadh chomh foirfe agus ab fhéidir de bharr chráifeacht an ardsagairt Oinias agus a fhuath don choirpeacht; 2agus is amhlaidh a bhí na ríthe féin ag tabhairt urraime don áit naofa agus ag cur le glóir an Teampaill le togha na dtabhartas. 3Rinne fiú Seiliúcas rí na hÁise na costais a bhain le seirbhís na n‑íobairtí a íoc as a theacht isteach féin. 4Ach Síomón áirithe de threibh Bhiniáimin, a bhí ceaptha ina reachtaire ar an Teampall, dʼéirigh idir é agus an t‑ardsagart faoi reachtáil mhargadh na cathrach. 5Nuair a theip air Oinias a shárú, dʼimigh leis go Apollóinias mhic Thairséas a bhí faoin am sin ina cheannasaí ar Choíle Síre agus ar Fhéinícia, 6agus thug mar scéala dó go raibh an ciste in Iarúsailéim ag cur thar maoil le hairgead, go raibh an oiread sin síntiús á dtabhairt nach raibh áireamh ar an iomlán, agus nár bhain sé le cuntas na n‑íobairtí ach gurbh fhéidir é a theacht faoi smacht an rí. 7Bhuail Apollóinias leis an rí agus dʼinis sé dó faoin airgead a raibh cloiste aige faoi. Thogh an rí Héiliodóras, a sheansailéir, agus sheol é le treoracha leis an airgead a luamar a bhreith chun siúil. 8Chuir Héiliodóras chun bealaigh gan mhoill le fiosrú a dhéanamh, mar dhea, ar chathracha Choíle Síre agus Féinícia, ach dáiríre dʼfhonn cuspóir an rí a chur i gcrích.
9Tar éis dó Iarúsailéim a bhaint amach agus fáilte fhial a fháil ón ardsagart [agus ón] gcathair, dʼinis sé cén scéala a fuarthas agus nocht dá réir sin cad a thug ann é agus dʼfhiafraigh an mar sin a bhí dáiríre. 10Mhínigh an t‑ardsagart go raibh ciste áirithe curtha i leataobh do bhaintreacha agus do dhílleachtaí, 11agus airgead chomh maith a bhain le Hiorcánas mac Thóibias, fear a bhí in ardghradam, ach nach raibh ann in iomláine ach ceithre chéad tallann airgid agus dhá chéad tallann óir murab ionann agus a ndúirt Síomón coirpeach go bréagach. 12Dúirt sé freisin go raibh sé as an áireamh éagóir a dhéanamh orthu siúd a chuir a muinín i naofacht na háite agus i mbeannaitheacht agus i dtearmann an Teampaill atá faoi urraim ar fud an domhain mhóir.
13Ach dúirt Héiliodóras nár mhór, cibé scéal é, an t‑airgead sin a ghabháil do chiste an rí de bharr na dtreoracha a bhí aige ón rí. 14Shocraigh sé lá don ghnó dá bhrí sin agus chuaigh isteach le maoirseacht a dhéanamh ar an maoin á hiniúchadh. Bhí corrabhuais ar an gcathair go léir. 15Chaith na sagairt iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla os comhair na haltóra agus a n‑éidí sagairt orthu, agus ghlaodar chun neimhe ar údar an dlí faoi na taiscí, á impí air iad a choimeád slán do lucht a dtaiscthe. 16Ba ghoin go croí féachaint ar an ardsagart, agus a bhuairt aigne á nochtadh san athrú ina dhreach agus ina chuntanós. 17Ghabh eagla agus ballchrith chomh mór sin an fear go mba léir don mhuintir a chonaic é cad é buaireamh a luigh ar a chroí. 18Rinne na daoine ruathar as a dtithe ina sluaite agus é ar aigne acu impí choiteann a dhéanamh mar go raibh masla á bhagairt ar an áit naofa. 19Bhí mná ag brúchtaíl ar fud na sráideanna agus éadach róin faoina gcíocha orthu. An méid de na maighdeana a bhí á gcoimeád istigh, ritheadar le chéile, cuid acu chun na ndoirse, cuid eile acu chun ballaí na cathrach, agus bhí a thuilleadh acu ag gliúcaíl trí na fuinneoga; 20bhí a lámha sínte i dtreo na bhflaitheas acu go léir agus iad ag impí. 21Ba thruamhéileach an rud é an pobal go léir a fheiceáil á gcaitheamh féin ar an talamh agus an buaireamh a bhí ar an ardsagart le teann imní. 22Fad a bhíodar ag glaoch ar an Tiarna uilechumhachtach na taiscí a chumhdach le barr sábháilteachta do lucht a dtaiscthe, 23chuaigh Héiliodóras i mbun an ghnó a bhí ceaptha.
Pionós agus Aithrí Héiliodóras
24Nuair a shroich sé an ciste lena gharda cosanta, rinne Tiarna na spiorad agus na cumhachta a leithéid de thaispeántas gur chuir cumhacht Dé scéin ar an muintir go léir a raibh sé de dhánaíocht acu dul leis, agus gur tháinig scanradh agus uafás orthu. 25Dhealraigh dóibh each a bhí gafa go taibhseach, agus marcach scanrúil cló, ar a mhuin; thug sé ruathar buile faoi Héiliodóras agus bhuail é lena chrúba tosaigh. Bhí, de réir dealraimh, éide agus airm óir ag an marcach. 26Thaibhsigh beirt óglach eile dó freisin, fir le neart éachtach agus le maise ghlórmhar snó agus éide, agus sheas siad ar gach taobh de agus bhí á lascadh gan staonadh, ag bualadh buille ar bhuille air. 27Thit sé ar an talamh go tobann agus tháinig néal dorcha air; ansin dʼardaigh a chuid fear é agus chuir ar eileatram é, 28agus rug leo é–an fear céanna seo a ghabh isteach sa chiste, a luamar, lena lucht coimhdeachta líonmhar agus lena gharda cosanta go léir, ach nárbh fhéidir dó cabhrú leis féin anois; dʼadmhaigh siad go hoscailte cumhacht mhullaigh Dé. 29Bhí Héiliodóras ar lár gan urlabhra gan aon súil lena théarnamh de bharr lámh Dé a luí air, 30agus na Giúdaigh ag moladh an Tiarna a thug glóir go míorúilteach dá áit naofa féin. An Teampall a bhí ó chianaibhín lán de scanradh agus de bhuaireamh, bhí sé anois ar sceith le háthas agus le lúcháir mar gur thaibhsigh an Tiarna uilechumhachtach. 31Dʼimpigh cuid de chompánaigh Héiliodóras gan mhoill ar Oinias glaoch ar an Té is Airde agus fad saoil a thabhairt don duine úd agus é ar an dé deiridh. 32Bhí eagla ar an ardsagart go mbeadh an rí in amhras go raibh feall éigin déanta ag na Giúdaigh ar Héiliodóras agus dʼofráil sé íobairt ar mhaithe lena shláinte. 33Nuair a bhí an t‑ardsagart ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh, thaibhsigh na fir chéanna arís do Héiliodóras, an éide chéanna orthu, agus iad ina seasamh taobh leis. Dúirt siad: “Bíodh an-bhuíochas agat don ardsagart Oinias mar is ar a shonsan a bhronn an Tiarna fad saoil ort. 34Agus ós rud é gur sciúrsáladh ó neamh thú, fógair don saol mór cumhacht ghlórmhar Dé.” Nuair a bhí an méid sin ráite acu dʼimíodar as radharc.
35Dʼofráil Héiliodóras íobairt don Tiarna ansin, rinne móideanna móra do chaomhnóir a anama, dʼfhág slán ag Oinias, agus chuir chun bealaigh ar ais go dtí an rí lena armáil. 36Thug sé fianaise os ard do chách ar ghníomhartha Dé mhóir a chonaic sé lena shúile cinn. 37Nuair a dʼfhiafraigh an rí de Héiliodóras cén sort duine a dʼoirfeadh a chur go Iarúsailéim turas eile, dʼfhreagair sé: 38“Má tá namhaid agat, nó duine atá ag déanamh ceilge in aghaidh do rialtais, cuir ann é; agus fillfidh sé ar ais ort, agus sciúrsáil chruthaithe faighte aige, má thugann sé na cosa leis ar aon chor, mar is cinnte go bhfuil cumhacht éigin ó Dhia timpeall na háite sin. 39An té a bhfuil a áitreabh sna flaithis, is cinnte go bhfuil súil aige ar an áit sin agus tagann sé i gcabhair air, agus leagann ar lár agus scriosann an mhuintir a thagann le hurchóid a dhéanamh dó.” 40Ba é sin críoch eachtra Héiliodóras agus cosaint an chiste.
Currently Selected:
2 Macabaech 3: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.