YouVersion Logo
Search Icon

2 Macabaech 14

14
Alcamas go Gníomhach
1Trí bliana ina dhiaidh sin fuair Iúdás agus a chuid fear scéala go raibh Déimitrias mac Sheiliúcas tagtha i dtír i gcuan Thriopoil le harm láidir agus le cabhlach, 2agus go raibh seilbh faighte aige ar an tír agus Aintíochas agus a oide, Lisias, marbh aige. 3Alcamas áirithe, duine a bhí tráth ina ardsagart, ach a rinne é féin a thruailliú dʼaonghnó le linn an éirí amach, tuigeadh dó nach raibh bealach sábhála fanta aige, ná teacht arís ar an altóir naofa; 4chuaigh sé go dtí Déimitrias rí timpeall na bliana céad caoga a haon agus bhronn air coróin óir agus pailm mar aon le roinnt géaga ológ den sean-nós ón Teampall; cheap sé a shuaimhneas ansin an lá sin. 5Ach fuair sé caoi chun a phlean buile a chur chun cinn nuair a thug Déimitrias cuireadh dó chun na comhairle, agus gur ceistíodh é faoi cad a bhí in aigne agus ar intinn ag na Giúdaigh. Dʼfhreagair sé: 6“Na Giúdaigh ar a dtugtar na Hasadaeigh, arb é Iúdás Macabaech a gceannaire, tá cogadh á chothú agus ceannairc á hadhaint acu agus ní ligfidh siad don ríocht dul chun suaimhnis. 7Sin é faoi deara dom teacht anseo anois agus mo ghlóir shinseartha scartha liom–an ardsagartacht atá i gceist agam– 8ar dtús mar gur cás agam dáiríre gnóthaí an rí, agus sa dara háit, mar gur cás agam mo chomhshaoránaigh. Óir de bharr baois na muintire a luaigh mé, tá ár gcine go léir faoi shrathair na hainnise. 9Meáigh na gnóthaí seo go léir go mion, a rí, agus soláthraigh riar a gcáis dár dtír agus dár gcine atá i gcúngrach, mar is dual don chineáltas lena bpléann tú leis an saol mór. 10Fad a mhairfidh Iúdás níl breith ag an stát ar a bheith faoi shíocháin.”
11Nuair a bhí deireadh na cainte sin ráite, níorbh fhada an mhoill ar an gcuid eile de chairde an rí a raibh fuath acu do Iúdás, Déimitrias a ghríosú níos mó fós ina aghaidh. 12Thogh sé gan mhoill Niocánór, an té a bhí i gceannas na n‑eilifintí, agus cheap é ina ghobharnóir ar Iúdáia agus sheol é 13le horduithe Iúdás a mharú, a chuid fear a scaipeadh, agus Alcamas a insealbhú mar ardshagart ar an Sár-Theampall. 14Na gintlithe ar fud Iúdáia a theith ó Iúdás chruinnigh siad ina scuainí chun Niocánór, á mheas gur chun a leasa féin a rachadh tubaistí agus ainnise na nGiúdach.
Cairdeas idir Niocánór agus Iúdás
15Nuair a chuala na Giúdaigh go raibh Niocánór ag teacht agus go raibh na gintlithe le hionsaí, chroitheadar luaith ar a gceann, agus ghuíodar chun an té sin a bhuanaigh a phobal féin go brách agus a chothaíonn a oidhreacht féin i gcónaí lena thaispeántas. 16Fuair siad ordú óna gceannaire agus dʼfhág siad an áit ina raibh siad gan mhoill, agus chuaigh i ngleic leis na namhaid i mbaile ar a dtugtar Deasau. 17Bhí cath curtha ag Síomón deartháir Iúdáis roimhe sin ar Niocánór, ach de bhrí gur tháinig an namhaid [aniar aduaidh] air, baineadh siar as go fóill. 18Bhí sé cloiste ag Niocánór a chróga agus a bhí Iúdás agus a chuid fear agus a mhisniúla agus a throididís i gcónaí ar son a dtíre dúchais, agus ní chuirfeadh sé réiteach an scéil i bhfiontar an chlaímh. 19Sheol sé Posadóinias, Teodótas agus Mataitias dá bhrí sin le gealltanais chairdis a thairiscint do na Giúdaigh agus a ghlacadh uathu. 20Rinneadh na coinníollacha a mheá go mion agus dʼfhógair an ceannaire dá shluaite iad; agus de bhrí gur léir go raibh siad uile ar aon aigne, dʼaontaigh siad leis an gconradh. 21Ceapadh lá ar a bhféadfadh na ceannairí teacht le chéile ar leithligh; tháinig carbad ar aghaidh ó gach arm agus cuireadh cathaoireacha in airde. 22Chuir Iúdás fir armtha i láithreacha oiriúnacha dʼfhonn aon fheall gan choinne a bheadh á dhéanamh ag an namhaid a chosc. Bhí agallamh acu agus cairdeas dá bharr. 23Dʼfhan Niocánór in Iarúsailéim, gan aon ní as an tslí a dhéanamh, agus scaoil sé chun siúil fiú na sluaite a chruinnigh ina scuainí chuige. 24Choinnigh sé Iúdás i gcónaí lena ais agus bhí an-chion aige air. 25Dʼáitigh sé air pósadh agus clann a bheith aige; phós seisean, chuir faoi, agus chaith gnáthshaol.
Naimhdeas Arís
26Nuair a thug Alcamas faoi deara a chairdiúla a bhí an bheirt, dʼimigh sé go Déimitrias le cóip den chonradh a bhí déanta, agus dúirt leis go raibh Niocánór mídhílis don rialtas mar go raibh an cealgaire úd in aghaidh na ríochta, Iúdás, ceaptha aige mar chomharba [air féin]. 27Tháinig fearg ar an rí agus de bhrí gur ghriog tromaíocht bhréige an scraiste úd é, scríobh sé go Niocánór a rá go raibh sé míshásta leis an gconradh agus á ordú dó an Macabaech a sheoladh i ngeimhle go hAintíoch gan mhoill. 28Nuair a fuair Niocánór an teachtaireacht sin tháinig buaireamh air agus bhí sé an-mhíshásta an conradh a bhriseadh agus gan aon éagóir déanta ag an bhfear. 29Ós rud é nárbh fhéidir cur i gcoinne an rí, bhí sé ag faire na faille an gnó úd a dhéanamh le gliceas. 30Ach thug an Macabaech faoi deara go raibh Niocánór níba ghéire ina iompar leis, agus go raibh sé giorraisc ag plé leis thar mar a bhíodh, agus tuigeadh dó nach aon ní fónta a bhí ar chúl na géire seo. Chruinnigh sé chuige roinnt mhaith dá chuid fear dá bhrí sin agus chuaigh ar a choimeád ó Niocánór.
31Nuair a thuig seisean go raibh an fear eile tar éis bob a bhualadh air go cliste, chuaigh sé go dtí an Sár-Theampall naofa le linn do na sagairt a bheith ag ofráil na n‑íobairtí agus dʼordaigh dóibh [Iúdás] a thabhairt suas dóibh. 32Nuair a mhionnaíodar nach raibh a fhios acu cá raibh an té a bhí á lorg aige, 33shín sé amach a lámh i dtreo an tsanctóra, agus mhionnaigh mar leanas: “Mura dtugann sibh Iúdás suas mar chime dom, déanfaidh mé tearmann seo Dé a scartáil ó bhonn agus leagfaidh mé an altóir agus déanfaidh mé teampall taibhseach a thógáil do Dhíonaíosas san áit seo.”
34Nuair a bhí an méid sin ráite aige dʼimigh sé leis. Shín an pobal a lámha i dtreo na bhflaitheas ansin, agus ghlaoigh ar chosantóir buan ár gcine á rá: 35“A Thiarna na n‑uile, nach bhfuil aon ní de dhíth ort, ba thoil leat go mbeadh teampall le háitreabh agat inár measc. 36Anois, más ea, a Aon Naofa, a Thiarna na naofachta go léir, coinnigh an teach seo a naomhaíodh chomh gairid ó shin gan truailliú go deo.”
Bás Razais
37Rinneadh Razais áirithe, seanóir de chuid Iarúsailéim a ghearán le Niocánór mar dhuine a raibh grá mór aige dá chomhshaoránaigh, a bhí faoi dhea-cháil agus a fuair an teideal Athair na nGiúdach de bharr a chineáltais. 38Tráth dá raibh, nuair nach raibh aon chaidreamh leis na gintlithe, cuireadh Giúdachas ina leith, agus chuir sé corp agus anam i bhfiontar ar son an Ghiúdachais. 39Dʼfhonn an fuath a bhí aige do na Giúdaigh a léiriú, chuir Niocánór breis agus cúig céad saighdiúir lena ghabháil; 40mar shíl sé dá ngabhfaí eisean go ndéanfadh sé díobháil dóibhsean. 41Nuair a bhí na trúpaí ar tí an túr a ghabháil agus go raibh doras na cúirte á bhrú isteach acu, agus iad ag éileamh tine a thabhairt agus na comhlaí a chur trí thine, bhí Razais teanntaithe agus chaith sé é féin ar bhéal a chlaímh; 42bʼfhearr leis bás a fháil le honóir ná titim i lámha peacach agus maslaí a fhulaingt nár dhual dá dhúchas uasal. 43Le cruas an chomhraic, níor aimsigh sé go cruinn, agus bhí an slua faoin am seo ag brúchtaíl an doras isteach. Rith sé in airde ar an mballa go cróga agus chaith é féin anuas le barr misnigh i measc an tslua. 44Ach dhruid siadsan i leataobh go tapa, fágadh spás agus thit sé i lár an spáis fholaimh sin. 45Bhí an dé fós ann agus é ar buile le fearg: dʼéirigh sé ina sheasamh, agus cé go raibh an fhuil leis ina tulcaí agus é tromleonta, rith sé tríd an slua agus sheas ar splinc carraige; 46ní raibh deoir fola fágtha ann anois; srac sé a ionathar as a chliabhrach, rug ina dhá láimh orthu agus chaith i measc na dtrúpaí iad agus é ag glaoch ar Thiarna na beatha agus an anama iadsan a thabhairt ar ais arís dó. Bʼshin mar a fuair sé bás.

Currently Selected:

2 Macabaech 14: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in