YouVersion Logo
Search Icon

2 Ríthe 8

8
An Bhean ó Shiúnaem Arís
1Seo mar a bhí ráite ag Eilíseá leis an mbean a ndearna sé a mac a ardú ó mhairbh: “Éirigh, agus imigh leat ar an gcoigrích, tú féin agus do líon tí, mar tá gorta glaoite ag an Tiarna–tá sé ag teacht ar an tír cheana féin–ar feadh seacht mbliana.” 2Dʼéirigh an bhean agus rinne mar a dúirt an giolla Dé léi: dʼimigh sí lena líon tí agus chuir fúithi ar feadh seacht mbliana i dtír na bhFilistíneach. 3Nuair a bhí na seacht mbliana caite dʼfhill an bhean ó thír na bhFilistíneach agus chuaigh lena héileamh faoina teach agus faoina talamh a chur faoi bhráid an rí. 4Bhí an rí ag caint le Géichizí, searbhónta an ghiolla Dé, á rá: “Inis dom na héachtaí go léir a rinne Eilíseá.” 5Agus fad a bhí sé ag insint don rí conas mar a dʼardaigh Eilíseá an leanbh ó mhairbh, siúd í an bhean ar ardaigh Eilíseá a mac ón mbás agus í ag cur a héilimh faoina teach agus faoina talamh faoi bhráid an rí. “A thiarna mo rí,” arsa Eilíseá, “sin í an bhean cheannann chéanna, agus sin é a mac a dʼardaigh Eilíseá ó mhairbh.” 6Cheistigh an rí an bhean agus dʼinis sí an scéal dó. Ansin chuir an rí duine dá mhaoir ina feighil agus thug an treoir seo dó: “Féach chuige go bhfaighidh sí a maoin go léir ar ais, agus an teacht isteach go léir óna cuid talún ón lá a dʼfhág sí an tír go dtí anois.”
Hazáéil
7Tháinig Eilíseá go dtí an Damaisc agus bhí Bein Hadad rí Arám tinn. Dúradh leis: “Tá an giolla Dé tagtha anseo.” 8Dúirt an rí ansin le Hazáéil: “Beir bronntanas leat agus téigh faoi choinne an ghiolla Dé, agus téigh i gcomhairle leis an Tiarna tríd a fhiafraí an dtéarnóidh mé ón tinneas seo.” 9Dʼimigh Hazáéil faoi choinne Eilíseá agus togha mhaoin na Damaisce aige leis mar bhronntanas–ualach daichead camall. Tháinig sé agus sheas sé os a chomhair agus dúirt: “Chuir do mhac Bein Hadad rí Arám mise chugat á fhiafraí díot: ‘An dtéarnóidh mé ón tinneas seo?’ ” 10Dʼfhreagair Eilíseá: “Téigh agus abair leis: ‘Tearnóidh tú cinnte,’ ach dʼfhoilsigh an Tiarna dom go bhfaighidh sé bás cinnte.” 11Ansin dʼéirigh a cheannaithe teann, agus stán sé air nó go dtáinig náire air agus ghoil an giolla Dé. 12“Cén fáth,” arsa Hazáéil, “go bhfuil mo thiarna ag gol?” Dʼfhreagair sé: “Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n‑ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.” 13“Ach,” arsa Hazáéil, “cad é do shearbhónta? Níl ann ach madra le haon ní mór mar sin a dhéanamh.” “I bhfís ón Tiarna,” arsa Eilíseá, “chonaic mé thú i do rí ar Arám.”
14Dʼfhág sé slán ag Eilíseá agus dʼfhill ar a mháistir, agus dʼfhiafraigh seisean de: “Cad dúirt Eilíseá?” Dʼfhreagair sé: “Dʼinis sé dom go ndéanfá téarnamh cinnte.” 15Lá arna mhárach fuair sé blaincéad agus thum in uisce é agus leath ar a cheann é agus fuair sé bás ar an gcuma sin agus tháinig Hazáéil i gcoróin ina áit.
Ríthe Iúdá
16Sa chúigiú bliain de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael, tháinig Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá i gcoróin. 17Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé ocht mbliana ina rí in Iarúsailéim. 18Lean sé sampla ríthe Iosrael, mar a rinne teaghlach Acháb, mar ba iníon le hAcháb a bhí aige mar bhean. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna. 19Ach ní scriosfadh an Tiarna Iúdá ar son Dháiví, a shearbhónta, mar gur gheall sé go dtabharfadh sé lóchrann go brách dó féin agus dá chlann mhac [ina láthair].
20Lena linn rinne Eadóm ceannairc ó cheannas Iúdá, agus cheapadar rí dá gcuid féin. 21Ansin ghabh Iahórám anonn go Záír lena charbaid go léir. Dʼéirigh sé san oíche, agus bhris sé amach lena cheannairí carbad trí shluaite na nEadómach a bhí ina thimpeall, ach theith a arm abhaile. 22Tá cuing Iúdá caite díobh ag Eadóm ar an gcuma sin go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc an t‑am sin chomh maith. 23An chuid eile de stair Iahórám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 24Ansin chuaigh Iahórám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é lena shinsir i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air mar rí.
25Sa dara bliain déag de réimeas Iórám mac Acháb rí Iosrael tháinig Achaizíá mac Iahórám i gcoróin ar Iúdá. 26Bhí Achaizíá dhá bhliain agus fiche nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá, iníon Omraí rí Iosrael, ab ainm dá bhean. 27Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb agus rinne an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, faoi mar a rinne teaghlach Acháb, lena raibh sé i gcleamhnas.
28Ghabh sé amach le Iórám mac Acháb le cogadh a chur ar Hazáéil rí Arám i Rámot Gileád, ach ghoin na hArámaigh Iórám. 29Dʼfhill Iórám rí ar Izréil le téarnamh ó na créachtaí a fuair sé i Rámá agus é ag troid in aghaidh Hazáéil rí Arám. Ghabh Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá síos go Izréil ar thuairisc Iórám mac Acháb mar go raibh sé breoite.

Currently Selected:

2 Ríthe 8: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in