2 Ríthe 5
5
Námán á Leigheas
1Ba é Námán ceannfort arm rí Arám, agus bhí ardmheas agus gean ag a mháistir air mar is tríd a shaor an Tiarna Arám. Ba chalma an laoch gaile agus ba shaibhir an fear é, ach bhí sé ina lobhar. 2I ruathar dá gcuid thug na hArámaigh cailín beag as Iosrael ina príosúnach leo agus bhí sí ag freastal ar bhean chéile Námán. 3Agus dúirt sí lena máistreás: “Uch nach leis an bhfáidh sa tSamáir atá mo mháistir, is cinnte go leigheasfadh sé óna lobhra é.” 4Ansin chuaigh Námán chun a thiarna, agus dúirt leis: “Dúirt an cailín ó thír Iosrael a leithéid seo agus a leithéid siúd.” 5Dúirt rí Arám leis: “Imigh leat agus cuirfidh mise litir chuig rí Iosrael.” Dʼimigh sé agus thug sé leis deich dtallann airgid agus sé mhíle seicil óir agus deich n‑éide aonaigh. 6Thug sé an litir chun rí Iosrael. Dúradh inti: “Nuair a gheobhaidh tú an litir seo, bíodh a fhios agat gur chuir mé Námán, mo shearbhónta, ag triall ort, chun go leigheasfá ón lobhra é.” 7Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.”
8Ar a chloisteáil dʼEilíseá, giolla Dé, gur stróic rí Iosrael a chuid éadaigh, chuir sé scéala chun an rí: “Cad chuige ar stróic tú do chuid éadaigh? Lig dó teacht chugamsa, agus gheobhaidh sé amach go bhfuil fáidh in Iosrael.” 9Dá bhrí sin tháinig Námán lena chapaill agus lena charbad agus stad sé ag doras theach Eilíseá. 10Chuir Eilíseá teachtaire chuige á rá: “Imigh leat agus nigh thú féin seacht n‑uaire sa Iordáin; agus cneasóidh do chorp agus beidh tú glan athuair.” 11Tháinig fearg ar Námán agus dʼimigh sé leis á rá: “Shíl mé go dtiocfadh sé amach chugam, go ndéanfadh sin, agus go seasfadh sé amuigh ag glaoch ar ainm an Tiarna a Dhia, agus a lámh a shíneadh os cionn an bhaill agus an lobhar a leigheas. 12Nach fearr iad an Abáná agus an Farpar, aibhneacha na Damaisce, ná a bhfuil dʼuiscí in Iosrael chun go nífinn mé féin iontu agus go nglanfaí mé.” Dá bhrí sin thiontaigh sé agus dʼimigh agus é ar buile. 13Tháinig a shearbhónta chuige agus dúirt leis: “A athair, dá n‑iarrfadh an fáidh ort rud éigin deacair a dhéanamh, is cinnte go ndéanfá é. Nach móide is ceart duit a bhfuil ráite aige leat anois a dhéanamh: ‘Nigh thú féin agus beidh tú glan’?” 14Ansin chuaigh sé síos agus thum é féin seacht n‑uaire sa Iordáin de réir chomhairle ghiolla Dé. Agus leigheasadh a chneas mar a bheadh cneas naíonáin ann agus bhí sé glan.
15Ansin dʼfhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.” 16Ach dʼfhreagair seisean: “Dar an Tiarna beo dá ndéanaim seirbhís, ní thógfaidh mé aon ní.” Agus bhí Námán ag tathant air ach ní dhéanfadh. 17Ansin dúirt Námán: “Ós rud é nach dtógfaidh tú, tugtar, le do thoil, ualach dhá mhiúil de chré do do shearbhónta; mar as seo amach ní ofrálfaidh do shearbhónta íobairt dhóite ná eile dʼaon dia ach don Tiarna. 18Ach aon ní amháin–agus go maithe an Tiarna do do shearbhónta é–nuair a théann mo mháistir go teampall Rimeon le hadhradh a dhéanamh ann, luíonn sé ar mo ghéag agus cromaim síos i dteampall Rimeon [nuair a dhéanann seisean]. Go maithe an Tiarna an beart seo do shearbhónta.” 19Dʼfhreagair sé: “Imigh faoi shíocháin!”
Ach nuair a bhí Námán imithe tamall beag, 20dúirt Géichizí, searbhónta Eilíseá, leis féin: “Is bog a scaoil mo mháistir leis an Arámach seo mar nár ghlac sé lenar ofráil sé dó. Dar an Tiarna beo, rithfidh mé ina dhiaidh agus gheobhaidh mé rud éigin uaidh.” 21Dʼimigh Géichizí i ndiaidh Námán. Nuair a chonaic Námán é ag rith ina dhiaidh, phreab sé as a charbad le bualadh leis, agus dúirt: “An bhfuil gach ní ina cheart?” 22Agus dʼfhreagair seisean: “Tá gach ní ina cheart. Chuir mo mháistir chugat mé lena rá: ‘Tháinig beirt ógánach de bhráithreachas na bhfáithe chugam anois díreach ó ardáin Eafráim; tabhair dóibh tallann airgid, le do thoil (agus dhá éide aonaigh).’ ” 23“Tóg dhá thallann, le do thoil (agus dhá éide aonaigh),” a dʼfhreagair Námán, agus bhí á dtathant air, agus cheangail sé dhá thallann airgid i dhá mhála (le dhá éide aonaigh) agus leag iad ar bheirt dá shearbhóntaí a dʼiompair iad roimh Géichizí. 24Nuair a shroich sé Oifil, thóg sé uathu iad agus chuir i leataobh ina theach iad. Ansin lig sé na fir chun siúil agus dʼimíodar.
25Dʼimigh sé féin isteach agus sheas os comhair a mháistir, agus dúirt Eilíseá: “Cá raibh tú, a Ghéichizí?” Dʼfhreagair seisean: “Ní raibh do shearbhónta in aon bhall.” 26Ach dúirt Eilíseá leis: “Nach raibh mé ansiúd ó chroí nuair a dʼfhág duine éigin a charbad le bualadh leat? [Os rud é gur] ghlac tú an t‑airgead, ní miste duit anois garraithe a [cheannach leis], agus gairdíní ológ, agus caoirigh, agus eallach, agus daoráin agus daoirseacha. 27Ach leanfaidh lobhra Námán díot féin agus de do shliocht go brách.” Agus dʼimigh Géichizí óna láthair ina lobhar, chomh geal le sneachta.
Currently Selected:
2 Ríthe 5: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.