2 Ríthe 24
24
1Lena linn rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine ionradh, agus bhí Iahóiácaím ag tabhairt ómóis dó ar feadh trí bliana, ach ansin dʼiompaigh sé uaidh agus rinne ceannairc ina aghaidh. 2Ach chuir [seisean] díormaí armtha de Chaildéigh, dʼAmóraigh, de Mhóábaigh, agus dʼAmónaigh ina choinne; chuir sé in aghaidh Iúdá iad le hé a scrios de réir an bhriathair a labhair an Tiarna trí bhéal a shearbhóntaí na fáithe. 3Tharla sé seo go léir do Iúdá de bharr [fhearg] an Tiarna; bheartaigh seisean iad a chaitheamh as a radharc de bharr pheacaí Mhanaise agus gach a ndearna sé, 4agus chomh maith de bharr gach a raibh dʼfhuil neamhchiontach doirte aige agus Iarúsailéim á líonadh aige ó cheann ceann le fuil neamhchiontach. Ní raibh maithiúnas le fáil ón Tiarna.
5An chuid eile de stair Iahóiácaím, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? 6Ansin chuaigh Iahóiácaím chun suain lena shinsir agus tháinig Iahóiácaín i gcomharbacht air.
7Níor fhág rí na hÉigipte a thír féin arís mar bhí gach dúiche a bhain le rí na hÉigipte ó ghleann na hÉigipte go habhainn an Eofrataes gafa ag rí na Bablóine.
8Bhí Iahóiácaín ocht mbliana déag dʼaois ag teacht i gcoróin dó, agus bhí sé trí mhí ina rí in Iarúsailéim. Nachuisteá, iníon Ealnátán ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair. 9Rinne sé an t olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a athair roimhe.
An Chéad Dream Deoraithe
10San am sin mháirseáil sluaite Nabúcadnazar rí na Bablóine in aghaidh Iarúsailéim agus rinne siad an chathair a thimpeallú. 11Tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine é féin chun an chathair a ionsaí fad a bhí sí faoi léigear ag a mhuintir. 12Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t‑ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar.
13Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna. 14Thug sé Iarúsailéim ar fad leis ar deoraíocht; na huachtaráin uile agus na laochra gaile uile, deich míle cime, mar aon leis na gaibhne agus leis na ceardaithe go léir; níor fágadh ina ndiaidh ach bochtáin na tíre. 15Dhíbir sé Iahóiácaín chun na Bablóine, mar aon le máthair an rí, mná an rí, a choillteáin agus uaisle na tíre; thug sé iad go léir leis ó Iarúsailéim ar deoraíocht chun na Bablóine. 16Na daoine gradamacha go léir, seacht míle acu, na gaibhne agus na ceardaithe, míle acu, agus gach duine acu in ann arm a iompar, thug rí na Bablóine an t‑iomlán leis ar deoraíocht chun na Bablóine. 17Mar chomharba ar Iahóiácaín cheap rí na Bablóine Matainiá a uncail ina rí, agus dʼathraigh sé a ainm go Zidicíá.
18Bhí Zidicíá bliain agus fiche dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Hamútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair. 19Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne Iahóiácaím. 20Tharla sin in Iarúsailéim agus in Iúdá de bharr fhearg an Tiarna i dtreo gur chaith sé i leataobh óna láthair iad ar deireadh. Rinne Zidicíá ceannairc in aghaidh rí na Bablóine.
Currently Selected:
2 Ríthe 24: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.