YouVersion Logo
Search Icon

2 Ríthe 11

11
Réimeas Atailiá agus a Bás
1Nuair a chuala Atailiá, máthair Achaizíá, go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad láithreach. 2Ach Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, deirfiúr Achaizíá, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach ó Atailiá sa suanlios, agus níor maraíodh é. 3Dʼfhan sé sé bliana aici i bhfolach i dTeampall an Tiarna agus Atailiá i gceannas na tíre.
4Sa seachtú bliain chuir Iahóideá fios ar cheannfoirt na gCairianach agus na bhfear faire, agus thug sé chuige féin iad i dTeampall an Tiarna. Rinne sé conradh leo agus tar éis dó iad a chur faoi mhionn thaispeáin sé mac an rí dóibh. 5Thug sé an t‑ordú seo dóibh: “Seo mar atá le déanamh agaibh: téadh trian díbh, an mhuintir a bheidh gan dualgas ar an tsabóid, ar garda ar phálás an rí 6(agus trian eile ag geata Shúr, agus trian ag an ngeata ar chúl na ngardaí, agus téigí ar garda ar phálás an rí), 7agus téadh an dá thrian eile agaibh a bheidh ar dualgas ar an tsabóid ar garda ar Theampall an Tiarna (le hais an rí), 8agus seasaidís timpeall an rí agus a airm i láimh gach fir; cuirtear chun báis aon duine a thabharfaidh iarracht ar bhrú tharaibh isteach. Bígí le hais an rí ag gabháil amach agus ag teacht isteach dó.”
9Rinne na ceannfoirt gach ní mar a dʼordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor den gharda ar an tsabóid agus iad siúd a bhí ag dul ar garda ar an tsabóid, agus tháinig siad chuig Iahóideá an sagart. 10Ghléas an sagart na ceannfoirt le gathanna agus le sciatha an rí Dáiví a bhí i dTeampall an Tiarna. 11Bhí na gardaí ina seasamh, agus arm i láimh gach duine acu, ó choirnéal theas an Teampaill go dtí an coirnéal thuaidh, thart timpeall ar an altóir agus ar an Teampall. 12Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus dʼung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: “Go maire an rí!”
13Nuair a chuala Atailiá gártha (an gharda agus) an phobail, tharraing sí ar an Teampall, áit a raibh na daoine. 14Nuair a chonaic sí an rí ina sheasamh ansin [ar an ardán], mar ba nós, agus na ceannfoirt agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: “Feall! Feall!” 15Ansin dʼordaigh Iahóideá an sagart do na hoifigigh airm: “Beirigí libh í taobh amuigh den áit naofa agus cuirigí chun báis leis an gclaíomh duine ar bith a leanfaidh í.” “Óir ní foláir,” a mheabhraigh an sagart dóibh, “gan í chur chun báis i dTeampall an Tiarna.” 16Rug siad uirthi agus ar shroicheadh an pháláis di, trí Gheata na gCapall, is ann a cuireadh chun báis í.
17Rinne Iahóideá conradh idir an Tiarna agus an rí agus an pobal, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna; idir an rí agus an pobal mar an gcéanna. 18Ansin chuaigh muintir na tuaithe go léir go teampall Bhál agus scrios siad é; rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n‑altóirí. Agus chuir an sagart fir faire ar garda ar Theampall an Tiarna.
19Thug sé leis na ceannfoirt, na Cairianaigh, na fir faire agus muintir na tuaithe go léir, agus rugadar an rí leo óTheampall an Tiarna trí gheata na ngardaí isteach i bpálás an rí, agus shuigh sé i gcathaoir na ríthe. 20Bhí lúcháir mhór ar mhuintir na tuaithe go léir. Dʼfhan an chathair ciúin, agus chuir siad Atailiá chun báis i bpálás an rí.

Currently Selected:

2 Ríthe 11: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in