2 Croinicí 5:13-14
2 Croinicí 5:13-14 ABN
Iad siúd a sheinn an stoc agus a chan, mholadar agus mhóradar an Tiarna dʼaonghuth. Thógadar a nglór i gcomhcheol leis an stoc agus leis an gciombal agus leis na gléasanna ceoil agus mholadar an Tiarna: “Óir is maith é, agus maireann a bhuanghrá de shíor,” líon néal an sanctóir, is é sin, Teampall an Tiarna. De bharr an néil seo níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais; bhí Teampall Dé lán de ghlóir an Tiarna.





