2 Croinicí 31
31
Deireadh le hÍoladhradh
1Nuair a bhí sin go léir thart, dʼimigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin dʼfhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin.
Ath-Eagrú
2Dʼathbhunaigh Hiziciá oird na sagart agus na Léivíteach, gach duine ina ord ceart de réir a dhualgas, sagairt agus Léivítigh, maidir le híobairtí dóite, le híobairtí comaoineach, le seirbhís liotúirgeach, le moladh agus le buíochas, laistigh de gheataí champa an Tiarna. 3Chuir an rí cuid dá mhaoin féin i leataobh do na híobairtí dóite: dʼíobairtí dóite na maidine agus an tráthnóna, dʼíobairtí dóite na sabóide, na ré nua agus na bhféilte sollúnta, mar atá scríofa i ndlí an Tiarna. 4Agus dʼordaigh sé don mhuintir a bhí ina gcónaí in Iarúsailéim an chuid a bhí dlite dóibh a thabhairt do na sagairt agus do na Léivítigh, dʼfhonn go ndéanfaidís iad féin a thíolacadh do dhlí an Tiarna. 5A luaithe a fógraíodh an t‑ordú os ard chruinnigh na hIosraelaigh céadtorthaí an arbhair, an fhíona, na hola, na meala, agus thorthaí na talún, agus thug siad isteach deachúna de gach ní go fial. 6Agus muintir Iosrael agus Iúdá a chónaigh i gcathracha Iúdá, thug siad isteach deachú den eallach agus de na caoirigh, agus de na nithe naofa a bhí tíolactha don Tiarna a nDia, agus rinneadar iad a leagan ina gcairn ansiúd. 7Sa tríú mí chrom siad ar na cairn a charnadh, agus bhí deireadh déanta acu sa seachtú mí. 8Nuair a tháinig Hiziciá agus a fheidhmeannaigh an treo agus go bhfaca siad na cairn, mhol siad an Tiarna agus a phobal, Iosrael. 9Agus cheistigh Hiziciá na sagairt agus na Léivítigh faoi na cairn. 10Dʼfhreagair Azairiá, an t‑ardsagart de theaghlach Zádóc, é agus dúirt: “Ó thosaíodar ag tabhairt na mbronntanas go Teampall an Tiarna, tá ár sáith á ithe againn agus tá fuílleach fós fágtha; óir chuir an Tiarna a bheannacht ar a phobal; tá an cnocán mór seo fágtha.”
11Ansin thug Hiziciá ordú dóibh seomraí a ullmhú i dTeampall an Tiarna agus rinneadar amhlaidh. 12Ansin thug siad isteach na bronntanais, na deachúna agus nithe coisricthe le coimeád in áit shábháilte. Ba é an Léivíteach Cónainiá an feidhmeannach a bhí i gceannas orthu, agus Simeí, a dheartháir, sa dara háit. 13Ceapadh Ichíéil, Azaiziá, Nachat, Asáhael, Irímeot, Iózábád, Eilíéil, Ísmiciá, Machat, agus Banáiá, mar mhaoir faoi cheannas Chónainiá agus a dhearthár Simeí, trí ordú ón rí Hiziciá agus Azairiá, reachtaire theach Dé. 14Cuireadh Córae mac Imneá an Léivíteach, garda an gheata thoir, i bhfeighil na n‑íobairtí deonacha do Dhia, le roinn ar leith an Tiarna agus na hofrálacha sárnaofa a chur i leataobh. 15Bhí Éidin, Miniáimin, Iéisiúa, Seamaiá, Amairiá agus Seacaniá ag cabhrú leis go dílis i gcathracha na sagart, lena gcuid a roinnt ar a mbráithre de réir a n‑ord, cé acu tábhachtach nó a mhalairt. 16Ina theannta sin eagraíodh de réir fine, na fir go léir [deich mbliana fichead] nó os a chionn, a théadh go Teampall an Tiarna ar uanaíocht lae, leis na dualgais liotúirgeacha a bhain lena n‑ord a chur i ngíomh. 17Eagraíodh na sagairt freisin de réir finí; agus na Léivítigh fiche bliain agus os a chionn de réir a ndualgas agus a n‑ord. 18Cuireadh eagar freisin ar chlann uile na sagart, a mná, a mic, agus a n‑iníonacha, ar mhaithe leis an gcomhthionól ar fad, mar bhí sé de dhualgas orthu iad féin a naomhú go dílis trí mheán na nithe naofa. 19Maidir leis na sagairt, clann Árón, a bhí ag cur fúthu sna tailte coimín a bhain lena gcathracha, nó sna cathracha féin, ceapadh daoine ar leith ó ainm dʼfhonn a gcuid a thabhairt do gach fear de na sagairt agus do gach duine de na Léivítigh a cláraíodh.
20Chuir Hiziciá na socruithe sin i bhfeidhm ar fud Iúdá. Rinne sé an ceart agus an mhaith agus an beart dílis i súile an Tiarna, a Dhia. 21Gach saothar a thóg sé idir lámha i seirbhís Theampall Dé maidir le dlí nó aitheanta, chuir sé i ngníomh é, agus a chroí dírithe ar Dhia, agus dʼéirigh leis.
Currently Selected:
2 Croinicí 31: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.