YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 29

29
Leasú Hiziciá
1Tháinig Hiziciá i gcoróin agus é cúig bliana fichead agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Aibíá iníon Zacairiá ab ainm dá mháthair. 2Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear. 3Sa chéad bhliain dá réimeas, sa chéad mhí, dʼoscail sé doirse Theampall an Tiarna agus dheisigh iad. 4Thug sé isteach na sagairt agus na Léivítigh agus thionóil iad sa chearnóg thoir. 5Dúirt sé leo: “Éistigí liom, a Léivíteacha! Déanaigí sibh féin a naomhú anois agus coisrigí Teampall an Tiarna, Dia ár sinsear, agus caithigí an salachar amach as an áit bheannaithe. 6Óir bhí ár sinsir mídhílis agus rinne siad an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, ár nDia; rinne siad é a thréigean agus a n‑aghaidh a iompú ón áit a ndearna an Tiarna a bhaile féin de, agus thug siad a gcúl leis. 7Rinne siad fiú amháin doirse an phóirse a dhúnadh, na lóchrainn a mhúchadh, gan túis a dhó ná íobairtí dóite a ofráil san áit atá coisricthe do Dhia Iosrael. 8Uime sin tháinig fearg an Tiarna sa mhullach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim, agus rinne sé ceap uafáis agus iontais agus gáire fonóide díobh faoi mar is léir do bhur súile cinn. 9Sin é an fáth, féach!, ar thit ár sinsir le faobhar claímh, agus ar fuadaíodh ár gclann mhac agus iníonacha chun deoraíochta. 10Tá sé beartaithe agam anois conradh a dhéanamh leis an Tiarna, Dia Iosrael, i dtreo go gcasfaí fraoch a fheirge uainn. 11A chlann ó, ná bígí faillítheach, óir thogh an Tiarna sibh le seasamh ina láthair, le freastal air, le seirbhís a thabhairt dó, agus le túis a ofráil dó.”
12Ansin chuaigh na Léivítigh chun oibre: Machat mac Amásai agus Ióéil mac Azairiá, de chlann Chohát; de chlann Mharáraí: Cís mac Aibdí agus Azairiá mac Iahalalael; de chlann Ghéirseon: Ióách mac Zimpeá agus Éidin mac Ióách; 13de chlann Eilízeáfán: Simrí agus Ieúéil; de chlann Ásáf: Zacairiá agus Matainiá; 14de chlann Héamán: Iachúéil agus Simeí; de chlann Iadútún: Seamaiá agus Uizíéil. 15Chruinníodar a mbráithre agus naomhaíodar iad féin, agus ghabhadar isteach de réir threoracha an rí faoi mar a dʼordaigh an Tiarna, chun Teampall an Tiarna a ghlanadh. 16Chuaigh na sagairt isteach ar fad i dTeampall an Tiarna lena ghlanadh agus thug siad amach aon ní neamhghlan a fuair siad i sanctóir an Tiarna, go cúirt Theampall an Tiarna; thóg na Léivítigh ansin é agus thugadar leo amach é go Gleann Chidreon. 17Thosaigh siad ar an naomhú seo ar an gcéad lá den chéad mhí, agus ar an ochtú lá bʼfhéidir dóibh dul isteach i bpóirse an Tiarna; chaith siad ocht lá ag naomhú Theampall an Tiarna, agus bhí deireadh déanta ar an séú lá déag den chéad mhí.
Íobairt Leorghnímh
18Chuaigh siad isteach ansin go Hiziciá an rí agus dúirt siad: “Tá Teampall an Tiarna ar fad glanta againn, altóir an uileloiscthe lena ghréithe go léir, bord builíní na fianaise lena ghréithe go léir. 19Na gréithe go léir a chaith Áchaz i leataobh le linn a réimis mhídhílis, chuireamar ar ais iad agus rinneamar iad a choisreacan. Tá siad anois, féach!, os comhair altóir an Tiarna.” 20Dʼéirigh Hiziciá go moch agus chruinnigh sé oifigigh na cathrach agus chuaigh suas go Teampall an Tiarna. 21Thug siad leo seacht dtarbh, seacht reithe, seacht n‑uan, agus seacht bpocán, mar íobairt pheaca don ríocht don sanctóir agus do Iúdá. Dúirt an rí ansin leis na sagairt, clann Árón, iad a ofráil ar altóir an Tiarna. 22Mharaigh siad na tairbh agus thug na sagairt an fhuil leo agus dhoirt í ar an altóir. Ansin mharaigh siad na reithí agus doirteadh a bhfuil ar an altóir; ansin mharaigh siad na huain agus doirteadh a bhfuil ar an altóir. 23Ansin tugadh na pocáin don íobairt pheaca go dtí an rí agus go dtí an comhthionól agus leag siad a lámha orthu. 24Mharaigh na sagairt iad agus rinne siad íobairt pheaca ar an altóir lena bhfuil mar leorghníomh ar son Iosrael go léir. Óir dʼordaigh an rí an íobairt uileloiscthe agus an íobairt pheaca a dhéanamh ar son Iosrael go léir.
25Chuir sé na Léivítigh i dTeampall an Tiarna le ciombail, le cláirseacha agus le cruiteanna, de réir ordú Dháiví agus Ghád, físí an rí, agus Nátán an fáidh; ón Tiarna an t‑ordú dáiríre trí bhéal a fháithe. 26Nuair a bhí na Léivítigh ina n‑ionad, le huirlisí Dháiví agus na sagairt lena stoic, 27dʼordaigh Hiziciá an íobairt uileloiscthe a ofráil ar an altóir. Nuair a thosaigh an íobairt uileloiscthe, cuireadh ceann ar iomann don Tiarna freisin; séideadh na stoic, agus uirlisí Dháiví rí Iosrael ag comhcheol leo. 28Rinne an comhthionól go léir adhradh, agus na cantairí ag canadh, agus na stoic á séideadh, agus mhair sin nó go raibh an íobairt uileloiscthe thart.
29Nuair a bhí an íobairt thart, chrom an rí agus gach duine a bhí ina theannta síos agus thug siad ómós. 30Dʼordaigh an rí Hiziciá agus na taoisigh do na Léivítigh an Tiarna a mholadh i mbriathra Dháiví agus Ásáf an físí. Chan siad moltaí le dúthracht agus le lúcháir agus chrom siad síos agus thug siad ómós. 31Labhair Hiziciá arís agus dúirt: “Rinne sibh sibh féin a choisreacan don Tiarna; tagaigí i leith. Tugaigí íobairtí comaoineach agus molta go Teampall an Tiarna.” Thug an comhthionól íobairtí comaoineach agus molta, agus thug lucht chroí mhóir íobairtí dóite. 32Ba é líon na n‑íobartach do na híobairtí dóite ná seachtó tarbh, céad reithe, dhá chéad uan; mar íobairt uileloiscthe don Tiarna iadsan go léir. 33Rinneadh sé chéad tarbh agus trí mhíle caora a choisreacan. 34Ní raibh go leor sagart ann ámh, agus níorbh fhéidir dóibh na híobairtí uileloiscthe go léir a fheannadh; chabhraigh na Léivítigh leo dá bhrí sin nó gur críochnaíodh an obair agus gur naomhaíodh sagairt eile; bhí na Léivítigh níba ionraice croí á naomhú féin ná na sagairt. 35Seachas sin go léir bhí ofrálacha dóite de choda méithe na n‑íobairtí comaoineach, agus iliomad íobairtí dí ag gabháil leis na híobairtí uileloiscthe. Rinneadh liotúirge Theampall an Tiarna a athnuachan ar an gcuma sin. 36Rinne Hiziciá agus an pobal go léir lúcháir de bharr a raibh déanta ag Dia don phobal, á spreagadh chun gnímh chomh gasta sin.

Currently Selected:

2 Croinicí 29: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for 2 Croinicí 29