YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 25

25
Réimeas Amaiziá
1Bhí Amaiziá cúig bliana fichead dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Iahóadán ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair. 2Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níor le croí gan locht é. 3A luaithe a bhí greim daingean aige ar a ríocht, chuir sé chun báis na feidhmeannaigh úd a mharaigh a athair, an rí. 4Ach níor chuir sé a gclann chun báis de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois mar ar ordaigh an Tiarna: “Níl aithreacha le cur chun báis ar son mac ná mic ar son aithreacha; ní foláir gach duine a chur chun báis ar son a pheaca féin.”
5Ansin chruinnigh Amaiziá fir Iúdá le chéile agus dʼeagraigh sé iad ina bhfiní, faoi cheannas ceannairí míle agus ceannairí céad do Iúdá agus do Bhiniáimin go léir. Rinne sé daonáireamh ar an muintir a bhí fiche bliain dʼaois nó os a chionn, agus fuair amach go raibh trí chéad míle fear tofa, réidh chun cogaidh, oilte ar shleá agus ar sciath. 6Dʼfhostaigh sé freisin céad míle laoch gaile ó Iosrael ar chéad tallann airgid. 7Tháinig an giolla Dé chuige agus dúirt: “Ná lig dʼarm Iosrael máirseáil le do chois, a rí, mar níl an Tiarna le hIosrael ná le haon duine ó Eafráim. 8Óir má thagann siad, is cuma cé chomh calma agus a bheidh tú sa chath, déanfaidh Dia thú a threascairt os comhair do naimhde, mar ag Dia atá cumas cothaithe nó treascartha.” 9Dúirt Amaiziá leis an ngiolla Dé: “Cad a dhéanfaimid faoin gcéad tallann a thug mé dʼarm Iosrael?” Dʼfhreagair an giolla Dé: “Is féidir don Tiarna i bhfad níos mó ná sin a thabhairt duit.” 10Ansin scaoil Amaiziá uaidh an t‑arm a tháinig ó Eafráim, agus chuir abhaile iad. Tháinig fearg mhór orthusan le Iúdá agus dʼimigh siad leo abhaile agus iad ar deargbhuile. 11Ach tháinig misneach chuig Amaiziá agus threoraigh sé a shaighdiúirí amach go Gleann an tSalainn, agus scrios sé deich míle fear de mhuintir Shaeír. 12Ghabh fir Iúdá deich míle díobh ina mbeatha agus rug iad go léir go barr na carraige agus chaitheadar thar faobhar na faille iad agus rinneadh smidiríní díobh go léir. 13Ansin an díorma fear a chuir Amaiziá ar ais gan ligean dóibh dul leis sa chath, rinne siad ionsaí anois ar chathracha Iúdá, ón tSamáir go Béit Horon, agus mharaigh siad trí mhíle fear iontu agus ghabhadar a lán creiche.
Mídhílse agus Tubaiste
14Nuair a dʼfhill Amaiziá tar éis ár na nEadómach, thug sé déithe mhuintir Shaeír leis agus chuir suas iad mar dhéithe dó féin, agus chrom síos ina n‑onóir agus thug ofrálacha dóibh. 15Bhí fearg ar an Tiarna le hAmaiziá agus chuir sé fáidh chuige a dúirt leis: “Cén fáth a ndeachaigh tú i muinín déithe na ndaoine seo, déithe nach bhféadfadh a muintir féin a fhuascailt ó do lámhasa?” 16Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”
17Ghlac Amaiziá comhairle ansin agus chuir sé teachtaireacht go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú, rí Iosrael, á rá: “Tar agus bíodh triail againn as a chéile!” 18Chuir Ióáis rí Iosrael scéala ar ais go hAmaiziá rí Iúdá: “Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: ‘Tabhair dʼiníon le pósadh do mo mhac,’ ach rinne ainmhithe allta na Liobáine an feochadán a shatailt faoina gcosa agus iad ag gabháil thar bráid. 19Deir tú: ‘Féach ormsa, an té a chloígh Eadóm,’ agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scriosadh?” 20Ach ní éisteodh Amaiziá; ba de dheonú Dé é sin dʼfhonn iad a thabhairt i lámha a naimhde, mar gur chuaigh siad i muinín déithe Eadóm. 21Ghluais Ióáis rí Iosrael amach chun catha, agus thug sé féin agus Amaiziá rí Iúdá aghaidh ar a chéile ag Béit Seimis le Iúdá. 22Bhris Iosrael ar Iúdá agus theith gach duine abhaile. 23Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá, mac Ióáis, mac Achaizíá, ag Béit Seimis agus thug sé leis é go Iarúsailéim; scrios sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad. 24Thug sé leis an t‑airgead agus an t‑ór go léir agus na fearais go léir a bhí le fáil i dTeampall an Tiarna agus Óbaed Eadóm mar aon leo, agus cistí phálás an rí agus gialla chomh maith; ansin dʼfhill ar an tSamáir.
Bás Amaiziá
25Mhair Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá cúig bliana déag tar éis bháis do Ióáis mac Iahóácház, rí Iosrael. 26An chuid eile de stair Amaiziá, ó thús deireadh, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael? 27Ón uair a dʼiompaigh Amaiziá ón Tiarna, bhí comhcheilg ar siúl ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís, ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é. 28Iompraíodh ar ais ar chapaill é agus adhlacadh é i gcathair Dháiví lena shinsir.

Currently Selected:

2 Croinicí 25: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in