YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 24

24
Deisíonn Ióáis an Teampall
1Bhí Ióáis seacht mbliana dʼaois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé daichead bliain i réim in Iarúsailéim. Zibiá ó Bhéar Seaba ab ainm dá mháthair. 2Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna an dá lá dhéag agus an fad a mhair Iahóideá an sagart. 3Fuair Iahóideá beirt bhan dó agus bhí clann mhac agus iníonacha aige. 4Ina dhiaidh sin bheartaigh Ióáis Teampall an Tiarna a dheisiú. 5Chruinnigh sé na sagairt agus na Léivítigh agus dúirt sé leo: “Téigí amach go cathracha Iúdá agus bailígí go leor airgid ó Iosrael go léir ionas go bhféadfaí Teampall bhur nDé a dheisiú ó bhliain go bliain, agus déanaigí é seo go tapa.” Ach rinne na Léivítigh moill. 6Chuir an rí fios ar Iahóideá a gceannasaí agus dúirt leis: “Cén fáth nár éiligh tú ar na Léivítigh an cháin a leag Maois, searbhónta an Tiarna, ar chomhthionól Iosrael do Bhoth na Fianaise, a thobhach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim? 7Rinne clann mhac Atailiá na coirpeachta dochar do Theampall an Tiarna agus bhronn siad ofrálacha coisricthe uile Theampall an Tiarna ar na Bálaím.” 8Dʼordaigh an rí dóibh cófra a dhéanamh agus é a chur lasmuigh de gheata Theampall an Tiarna. 9Fógraíodh ansin ar fud Iúdá agus Iarúsailéim an cháin a leag Maois searbhónta Dé ar Iosrael san fhásach, a thabhairt chun an Tiarna. 10Tháinig na maithe agus an pobal go léir lena gcánacha le barr lúcháire agus bhíodar á gcaitheamh isteach sa chófra go dtí go raibh deireadh íoctha. 11Nuair a thugadh na Léivítigh an cófra go dtí oifigigh riartha an rí, agus go bhfeicidís go raibh a lán airgid ann, thagadh rúnaí an rí agus ionadaí an ardsagairt agus dʼfholmhaídís an cófra agus bheiridís leo é agus chuiridís ar ais ina áit féin é. Rinne siad amhlaidh lá i ndiaidh an lae agus chruinníodar suim mhór airgid. 12Thug an rí agus Iahóideá ar láimh é do na saoistí a bhí i bhfeighil obair Theampall an Tiarna. An lucht tuarastail, na saoir chloiche agus adhmaid, luigh siad le deisiú Theampall an Tiarna. Bhí gaibhne iarainn agus cré-umha freisin ag athchóiriú an Teampaill. 13A luaithe a bhí tús déanta ag maoir an tsaothair chuaigh an deisiú chun cinn faoina dtreoir. Dheisigh siad Teampall an Tiarna i dtreo go raibh sé chomh maith agus a bhí riamh agus neartaigh siad an foirgneamh. 14Nuair a bhí deireadh déanta, thug siad an fearasbarr airgid go dtí an rí Iahóideá agus rinneadh leis gréithe do Theampall an Tiarna, soithí don liotúirge agus do na híobairtí uileloiscthe, loingíní túise, agus árais óir agus airgid.
Bhí íobairtí uileloiscthe á n‑ofráil gan stad i dTeampall an Tiarna fad a mhair Iahóideá. 15Ach chuaigh Iahóideá in aois agus i laethanta lána liatha, agus dʼéag. Bhí sé céad agus a tríocha bliain nuair a dʼéag sé. 16Rinne siad é a adhlacadh i gcathair Dháiví leis na ríthe mar go ndearna sé seirbhís fhónta do Dhia agus dá Theampall in Iosrael.
Coir agus Pionós Ióáis
17Tar éis bhás Iahóideá tháinig prionsaí Iúdá le hómós a thabhairt don rí, agus ghlac an rí lena gcomhairle. 18Thréigeadar Teampall an Tiarna, Dia a sinsear, agus dʼadhradar na cuaillí naofa agus na híola. Tháinig fraoch feirge sa mhullach ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim mar gheall ar an gcoir sin. 19Ach ina dhiaidh sin agus uile chuir [Dia] fáithe chucu chun iad a sheoladh ar ais chun an Tiarna, ach ní éistfidís lena dteachtaireacht siúd, nuair a cháin siad iad. 20Ansin ghabh spiorad Dé seilbh ar Zacairiá mac Iahóideá an sagart. Dʼéirigh sé ina sheasamh os comhair an phobail agus dúirt leo: “Seo mar a deir Dia: ‘Cad chuige a sáraíonn sibh aitheanta an Tiarna, agus gur miste sibh é? Tá sibh tar éis an Tiarna a thréigean; tá sibhse do bhur dtréigean aigesan anois.’ ” 21Rinneadar uisce faoi thalamh ina aghaidh agus ar fholáireamh an rí chlochadar é i gclós Theampall an Tiarna. 22Ar an gcaoi sin rinne an rí Ióáis dearmad den bhuanghrá a bhí ag Iahóideá athair Zacairiá dó, ach mharaigh sé a mhac. Nuair a bhí seisean ag fáil bháis, dúirt sé: “Go bhfeice an Tiarna é seo agus go mbaine sé díoltas amach!”
23Faoi cheann bliana chuir arm Arám cogadh ar Ióáis. Tháinig siad fad le Iúdá agus le Iarúsailéim, chuireadar prionsaí an phobail chun báis agus sheoladar an chreach ar ais go dtí rí na Damaisce. 24Bíodh gur tháinig arm Arám ar bheagán slua, thug an Tiarna arm an-mhór suas dóibh, toisc gur thréigeadarsan an Tiarna, Dia a sinsear. Thugadar an íde a bhí tuillte aige ar Ióáis, 25agus dʼfhágadar ina ndiaidh é, agus é gortaithe go mór. Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh in éiric bhás mhac Iahóideá an sagart agus mharaíodar é ina leaba. Is mar sin a fuair sé bás; agus chuireadar é i gcathair Dháiví ach níor chuireadar é i dtuamaí na ríthe. 26Ba iad lucht na comhcheilge: Zábád mac Shimeát, an tAmónach mná, agus Iahózábád mac Shimrít, an Móábach mná. 27Maidir lena chlann mhac, leis an gcáin throm a gearradh, le hathchóiriú Theampall Dé, tá cuntas orthusan go léir scríofa sa Ghluais ar Leabhar na Ríthe. Tháinig a mhac Amaiziá i gcomharbacht air.

Currently Selected:

2 Croinicí 24: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in