YouVersion Logo
Search Icon

2 Croinicí 21

21
1Chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsear, agus cuireadh é i gcathair Dháiví. Tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air.
Cionta agus Tubaiste
2Bhí [seisear] deartháireacha ag Iahórám, clann mhac Iahóiseáfát: Azairiá, Ichíéil, Zacairiá, Azairiáhú, Míocáéil, Seafaitiá; clann mhac Iahóiseáfát rí Iúdá iadsan go léir. 3Bhronn a n‑athair a lán bronntanas airgid, óir agus seod agus cathracha daingne in Iúdá orthusan, ach bhronn sé an choróin ar Iahórám mar gurbh é an chéadghin. 4Nuair a tháinig Iahórám i gcoróin i ndiaidh a athar agus gur dhaingnigh sé a ghreim uirthi, chuir sé a dheartháireacha go léir chun báis le faobhar claímh, agus cuid dʼoifigh Iosrael chomh maith leo. 5Bhí Iahórám dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i réim in Iarúsailéim. 6Lean sé sampla ríthe Iosrael mar a bhí déanta ag sliocht Acháb, mar go raibh sé pósta le hiníon Acháb. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna. 7Ach ní scriosfadh an Tiarna teaghlach Dháiví de bharr an chonartha a rinne sé le Dáiví agus de bhrí go raibh sé dílis don ghealltanas a thug sé go bhfágfadh sé lampa aige féin agus ag a shliocht go brách.
8Lena linn rinne Eadóm ceannairc in aghaidh Iúdá agus cheapadar rí dá gcuid féin. 9Ansin ghabh Iahórám sall lena cheannairí agus lena charbaid. Dʼéirigh sé san oíche agus bhris sé amach lena cheannairí carbad trí shluaite na nEadómach, a bhí ina thimpeall. 10Chaith Eadóm díobh cuing Iúdá ar an gcuma sin agus tá siad saor go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc in aghaidh a cheannais an t‑am céanna mar gur thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear. 11Thóg sé ardionaid in ardáin Iúdá, agus thug ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis agus chuir sé Iúdá ar seachrán. 12Tháinig litir chuige ó Éilias fáidh á rá: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví dʼathair: ‘De bhrí nár lean tú sampla Iahóiseáfát dʼathair, ná Ásá rí Iúdá, 13ach sampla ríthe Iosrael, agus gur thug tú ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis, faoi mar a thug teaghlach Acháb ar Iosrael a bheith mídhílis, agus gur mharaigh tú, as do theaghlach féin, do dheartháireacha ab fhearr dʼfhir ná thú féin, 14féach, [buailfidh] an Tiarna le tubaiste mhór [thú féin] agus do mhuintir agus do shliocht agus do chuid ban agus do mhaoin go léir. 15Tiocfaidh galair [gháifeacha] ort féin, agus galar cliabhraigh chomh géar sin go sceithfidh tú dʼionathar le himeacht aimsire.’ ”
16Mhúscail an Tiarna fearg na bhFilistíneach, agus na nArabach atá láimh leis na Cúisigh, in aghaidh Iahórám. 17Dʼionsaigh siad Iúdá agus rinne ionradh air agus thugadar leo an mhaoin go léir a fuair siad, a bhain le teaghlach an rí, agus a chlann mhac, agus a chuid ban, i dtreo nach raibh mac fágtha aige ach Achaizíá, an té ab óige. 18Ansin threascair an Tiarna le galar doleighiste sa chliabhrach é. 19Lean sé de breis agus bliain agus nuair a bhí dhá bhliain caite agus é ar an dé deiridh thit a ionathar amach as le déine an ghalair, agus fuair sé bás i ngéarphian. Níor las an pobal tine dó murab ionann agus a athair. 20Bhí sé dhá bhliain déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé ocht mbliana i gcoróin in Iarúsailéim. Dʼimigh sé ar shlí na fírinne gan aon duine á chaoineadh agus chuireadar é i gcathair Dháiví, cé nárbh i dtuamaí na ríthe é.

Currently Selected:

2 Croinicí 21: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for 2 Croinicí 21