YouVersion Logo
Search Icon

1 Tiomóid 6

6
1Iad sin atá faoi chuing na daoirse, tuigidís ina n‑aigne go bhfuil gach ómós ag dul dá máistrí le heagla go gcaithfí dímheas ar ainm Dé agus ar an teagasc. 2Sclábhaithe a bhfuil creidmhigh mar mháistrí acu, ná bíodh aon drochmheas acu orthu i dtaobh gur bráithre dóibh iad; ní hea ach déanaidís a ndualgas níos díograisí fós toisc gur creidmhigh agus lucht páirte na daoine a bhainfidh leas as a saothar.
Múinteoirí
Déan na nithe sin a theagasc agus a fhógairt. 3Duine ar bith a thugann a mhalairt de theagasc agus nach réitíonn le briathra fónta ár dTiarna Íosa Críost, leis an teagasc atá de réir na cráifeachta, 4is ag borradh le bród atá sé agus gan aon tuiscint aige ach cíocras air chun aighnis agus conspóide, nithe nach dtagann dá mbarr ach éad agus achrann, achasáin agus drochamhras 5agus an iomarbhá úd a bhíonn ag daoine a bhfuil a n‑intinn ag meathlú agus an fhírinne caillte acu. Is dóigh leo gurb údar saibhris an chráifeacht. 6Is mór an t‑údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid. 7Mar níor thugamar aon ní isteach sa saol ná ní féidir dúinn aon ní a thógáil as. 8Dá réir sin má bhíonn bia agus éadach againn, beimid sásta. 9Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe. 10Dúil san airgead is bun do gach olc, agus le barr dúile ann tá daoine áirithe imithe ar fán ón gcreideamh agus is iomaí arraing atá curtha trína gcroí féin acu.
An Saighdiúir Cróga
11Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas. 12Fear cath an chreidimh go calma agus bain amach an bheatha shíoraí, mar is chun na beatha sin a fuair tú an glaoch nuair a rinne tú an dea-admháil chreidimh i láthair mórán finnéithe. 13I láthair Dé a thugann beatha don uile ní, agus i láthair Chríost Íosa a rinne a dhea-admháil féin chreidimh os comhair Phoint Pióláit, achtaím ort, 14an aithne seo a choimeád gan cháim gan locht go dtí taibhsiú ár dTiarna Íosa Críost. 15Taispeánfaidh Dia dúinn é ina mhithidí féin:
An Dia beannaithe atá ina aon cheannasaí,
atá ina rí ar na ríthe
agus ina thiarna ar na tiarnaí;
16an tAon atá buan gan bás,
agus a chónaíonn sa solas doshroichte.
Aon duine riamh ní fhaca é
ná ní féidir dó é a fheiceáil.
Glóir dó agus cumhacht shíoraí. Amen.
17Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as. 18Abair leo an mhaith a dhéanamh, bheith saibhir i ndea-oibreacha, bheith fial flaithiúil lena gcuid 19agus stór a chur i dtaisce dóibh féin a bheidh ina bhun maith acu san am atá le teacht chun an bheatha úd a shealbhú atá ina beatha dáiríre. 20A Thiomóid, cumhdaigh an taisce a fágadh i do chúram, agus seachain an chaint bhaoth dhíomhaoin agus ráite bréige an eolais úd nach bhfuil ann ach eolas in ainm, 21mar tá daoine á chraobhscaoileadh agus tá siad claonta ón gcreideamh. Grásta go raibh agaibh.

Currently Selected:

1 Tiomóid 6: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in