YouVersion Logo
Search Icon

1 Teasalónaigh 5

5
1Maidir le hamanna agus uaineacha, a bhráithre, ní gá scríobh chugaibh ina dtaobh. 2Tá a fhios agaibh féin go beacht gur mar a bheadh bithiúnach san oíche a thiocfaidh an Lá úd an Tiarna. 3Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi. 4Ní sa dorchacht atá sibhse, áfach, a bhráithre, go dtiocfadh an lá úd aniar aduaidh oraibh mar a bheadh bithiúnach. 5Is clann an tsolais sibhse go huile, clann an lae. Ní leis an oíche ná leis an dorchacht sinn. 6Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall. 7Istoíche is ea a chodlaíonn na codlatánaigh agus istoíche a bhíonn na meisceoirí ar meisce. 8Ach ós den lá sinne, fanaimis ar ár gciall; cuirimis umainn an creideamh agus an grá mar lúireach agus dóchas ár slánaithe mar chafarr. 9Ní hí an fhearg atá ceaptha dúinn ag Dia ach go mbainfimis ár slánú amach trínár dTiarna Íosa Críost, 10a fuair bás ar ár son chun go mbeimis beo ina theannta, cibé acu beo nó marbh dúinn. 11Dá bhrí sin, leanaigí ag spreagadh a chéile agus ag treisiú le chéile faoi mar atá sibh a dhéanamh cheana.
Comhairle Dheireanach
12Iarraimid oraibh, a bhráithre, ómós a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú go dian in bhur measc agus atá do bhur stiúradh in ainm an Tiarna agus atá ag tabhairt comhairle daoibh. 13Bíodh meas agus cion as cuimse agaibh orthu mar gheall ar a gcuid oibre.
14Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile. 15Féachaigí chuige nach ndéanfaidh aon duine agaibh an t‑olc in aghaidh an oilc. Cuirigí romhaibh an mhaith a dhéanamh i gcónaí dá chéile agus do chách eile. 16Bíodh lúcháir oraibh i gcónaí. 17Bígí ag guí gan staonadh 18agus ag gabháil buíochais as gach ní; sin é an ní is áil le Dia uaibh in Íosa Críost. 19Ná múchaigí an Spiorad; 20ná déanaigí neamhshuim de na ráite fáidhiúla. 21Déanaigí gach ní a thástáil; cloígí leis an maith 22agus seachnaígí gach aon sórt oilc.
23Go ndéana Dia na síochána féin, sibh a naomhú go smior; agus go gcoimeádtar slán gan locht sibh idir spiorad agus anam agus chorp i gcomhair theacht ár dTiarna Íosa Críost. 24Mar is intaofa an té úd atá ag glaoch oraibh agus déanfaidh sé é sin. 25A bhráithre, bígí ag guí orainne chomh maith. 26Beannaígí do na bráithre uile leis an bpóg naofa. 27Cuirim oraibh as ucht an Tiarna an litir seo a léamh do na bráithre uile. 28Grásta ár dTiarna Íosa Críost go raibh agaibh.

Currently Selected:

1 Teasalónaigh 5: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in