1 Samúéil 8
8
Rí á Éileamh
1Nuair a chuaigh Samúéil in aois, cheap sé a bheirt mhac ina mbreithiúna ar Iosrael. 2Bhí Ióél mar ainm ar a chéadghin agus Aibiá ar an dara fear; ba bhreithiúna iad i mBéar Seaba. 3Ach níor lean a chlann mhac ina choiscéimeanna; ghabhadar an cosán claon chun airgid; ghlacaidís breabanna, agus thugaidís claonbhreith. 4Chruinnigh seanóirí uile Iosrael i gceann a chéile agus tháinig siad go dtí Samúéil i Rámá. 5“Féach,” ar siad leis, “tá tusa sean, agus ní leanann do chlann mhac i do choiscéimeanna. Déan rí a cheapadh dúinn chun sinn a rialú ar nós na gciníocha go léir.” 6Níor thaitin sé le Samúéil go ndúirt siad: “Tabhair rí dúinn chun sinn a rialú,” agus ghuigh sé chun an Tiarna. 7Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Tabhair aird ar ghlór na ndaoine agus ar a ndeir siad leat. Óir ní duitse a dhiúltaigh siad, ach domsa a bheith i mo rí orthu. 8Gach a ndearnadar ormsa ón lá a thug mé amach as an Éigipt iad go dtí inniu féin–thugadar droim láimhe liomsa agus rinneadar seirbhís do dhéithe eile–tá na nithe sin go léir á ndéanamh acu ortsa. 9Géill dá nglór dá bhrí sin; ach ní foláir duit rabhadh sollúnta a thabhairt dóibh, agus bealaí an té a bheidh ina rí orthu a theagasc dóibh.”
10Dʼinis Samúéil a raibh ráite ag an Tiarna do na daoine a bhí ag iarraidh rí air. 11Dúirt sé: “Seo iad na bealaí a bheidh ag an té a bheidh ina rí oraibh: tógfaidh sé bhur gclann mhac agus ceapfaidh sé iad mar charbadóirí agus mar mharcshlua aige féin, agus ceapfaidh sé iad le rith os comhair a charbaid amach. 12Ceapfaidh sé taoisigh míle, agus taoisigh leathchéad, agus cuirfidh sé cuid díobh a threabhadh a chuid gort agus a bhaint a fhómhair, a dhéanamh a threalamh cogaidh agus trealamh a charbad. 13Tógfaidh sé bhur n‑iníonacha le bheith ina gcumhránaithe agus ina gcócairí, agus ina mbáicéirí. 14Tógfaidh sé togha bhur ngort agus bhur bhfíonghort agus bhur ngort ológ, agus tabharfaidh sé dá sheirbhísigh iad. 15Tógfaidh sé deachú de bhur ngrán agus de bhur bhfíonghoirt agus tabharfaidh sé í dá mhaoir agus dá oifigigh. 16Tógfaidh sé bhur searbhóntaí fear agus ban, agus togha bhur n‑eallaigh agus bhur n‑asal, agus cuirfidh sé i mbun oibre dó féin iad. 17Tógfaidh sé deachú de bhur gcaoirigh agus beidh sibhse in bhur ndaoir aige. 18An lá sin glaofaidh sibh amach os ard mar gheall ar an rí a thoghfaidh sibh daoibh féin, ach ní éisteoidh an Tiarna libh an lá sin.”
19Ach dhiúltaigh an pobal aon aird a thabhairt ar a raibh á rá ag Samúéil, agus dúirt siad: “Ní hea! Teastaíonn uainn rí a bheith orainn, 20i dtreo go mbeimidne cosúil leis na ciníocha eile go léir agus go mbeidh ár rí dár rialú agus ina thaoiseach orainn ag troid ár gcathanna dúinn.” 21Dʼéist Samúéil lena raibh le rá ag an bpobal agus dʼaithris sé i gcluasa an Tiarna é. Agus dúirt an Tiarna le Samúéil: “Tabhair aird ar a nglór agus déan rí a cheapadh dóibh.” 22Agus ansin dúirt Samúéil le fir Iosrael: “Filleadh gach duine agaibh ar a chathair féin.”
Currently Selected:
1 Samúéil 8: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.