1 Samúéil 26
26
Faill ar Shól
1Ansin tháinig muintir Zíf go Sól i nGibeá á rá: “Nach bhfuil Dáiví,” ar siad, “i bhfolach ar Shliabh Haicíleá lastoir de Ieisímeon?” 2Dʼimigh Sól dá bhrí sin agus síos leis go fásach Zíf agus trí mhíle fear tofa as Iosrael aige chun Dáiví a chuardach i bhfásach Zíf. 3Shuigh Sól a champa ar Shliabh Haicíleá atá le hais an bhóthair lastoir de Ieisímeon. Bhí Dáiví ag cur faoi san fhásach faoin am seo agus chonaic sé go raibh Sól ag teacht ansiúd ar a thóir. 4Chuir Dáiví lucht braite amach, dá bhrí sin, agus fuair amach go cinnte go raibh Sól tagtha. 5Chuir Dáiví chun siúil agus tháinig chun na háite ina raibh a champa suite ag Sól. Chonaic sé mar a raibh Sól agus Aibneár mac Néar, ceannasaí an airm, ina luí. Bhí Sól ina luí istigh sa champa agus na saighdiúirí ina mbothanna ina thimpeall. 6Ansin labhair Dáiví le hAichímeilic an Hiteach agus le hAibísí mac Zarúá, deartháir Ióáb: “Cé rachaidh síos liom isteach sa champa go Sól?” ar sé. Dʼfhreagair Aibísí: “Mise; rachaidh mise leat.” 7Dʼimigh Dáiví agus Aibísí leo sa dorchadas dá bhrí sin chun an airm agus fuaireadar Sól ansiúd ina chodladh sa champa, a shleá sáite sa talamh ag a cheann agus Aibneár agus an t‑arm ina luí timpeall air. 8Ansin dúirt Aibísí le Dáiví: “Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin! Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.” 9Ach dʼfhreagair Dáiví Aibísí: “Ná maraigh é! Óir cé dʼfhéadfadh a lámh a shíneadh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna, agus ciontacht a sheachaint? 10Dar an Tiarna beo,” arsa Dáiví, “déanfaidh an Tiarna féin an té sin a threascairt, cibé acu a thagann an bás air ar an bhfód, nó go dtéann sé amach chun catha agus bás a fháil ansin. 11Nár lige an Tiarna go sínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna! Ach tóg leat an tsleá anois atá ag a cheann, agus an crúsca uisce, agus imímís linn.” 12Thóg Dáiví an tsleá agus an crúsca uisce a bhí taobh le ceann Shóil agus dʼimigh leis. Ní bhfuair aon duine radharc súl ná clos cluas ar ar tharla, ná níor dhúisigh aon duine; bhíodar go léir ina gcodladh mar thit codladh trom ón Tiarna orthu.
13Ghabh Dáiví anonn go dtí an taobh eile agus stad sé ar bharr an chnoic i bhfad ó bhaile; bhí spás mór eatarthu. 14Ansin ghlaoigh Dáiví ar an arm agus ar Aibneár mac Néar á rá: “A Aibneár, nach dtabharfaidh tú freagra orm?” “Cé tá ag glaoch ar an rí?” arsa Aibneár. 15Dʼfhreagair Dáiví Aibneár: “Nach fear thú féin? Cá bhfuil do shamhail in Iosrael? Cén fáth nach ndearna tú do thiarna, an rí, a ghardáil, más ea? Tháinig duine den phobal isteach chun do thiarna, an rí, a mharú. 16Ní maith mar a rinne tú. Dar an Tiarna beo, tá an bás tuillte agaibh go léir mar nach ndearna sibh bhur dtiarna, fear ungtha an Tiarna, a ghardáil. Féach, cá bhfuil sleá an rí anois, agus an crúsca uisce a bhí taobh lena cheann?”
17Dʼaithin Sól guth Dháiví, agus dúirt: “An é sin do ghuth, a Dháiví, a mhic?” “Is é; is é mo ghuth é, a rí, a thiarna liom,” arsa Dáiví. 18“Cén fáth,” ar sé, “a bhfuil mo thiarna sa tóir ar a shearbhónta? Cad tá déanta agam? Cén choir ina bhfuilim ciontach? 19Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’ 20Ná lig do mʼfhuilse titim ar thalamh i gcéin ó lathair an Tiarna! Óir tá rí Iosrael tagtha amach ar thóir [mʼanama] dála duine a bheadh ag fiach na patraisce ar na sléibhte.”
21Dʼfhreagair Sól: “Pheacaigh mé! Fill, a Dháiví, a mhic. Ní dhéanfaidh mé díobháil a thuilleadh duit, mar bhí an oiread sin urrama agat do mo bheo inniu. Baois, sea baois, a ba ea mo chúrsa, agus ba mhór é mo mhearbhall.” 22Agus dʼfhreagair Dáiví: “Seo sleá an rí anseo. Tagadh duine de na saighdiúirí anall agus beireadh sé leis í. 23Cúitíonn an Tiarna a fhíréantacht agus a dhílse le gach duine. Thug an Tiarna thú i mo láimh dom inniu ach ní shínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna. 24Féach, faoi mar a bhí urraim agamsa inniu do do bheosa, sin mar a bheidh urraim ag an Tiarna do mo bheosa, agus déanfaidh sé mé a fhuascailt ó gach anachain.” 25Ansin dúirt Sól le Dáiví: “Go raibh beannacht ort, a Dháiví, a mhic! Is iomaí éacht a dhéanfaidh tú agus beidh rith an rása leat.” Ansin dʼimigh Dáiví leis agus dʼfhill Sól ar a áit féin.
Currently Selected:
1 Samúéil 26: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: