1 Samúéil 25
25
Nábál agus Aibíogáil
1Fuair Samúéil bás agus chruinnigh Iosrael go léir le chéile chun é chaoineadh. Adhlacadh é ina theach i Rámá.
Dʼimigh Dáiví leis ansin agus ghabh síos go fásach Mháón. 2Tharla go raibh fear i Máón a raibh a ghnó i gCairmeil. Bhí sé an-saibhir; bhí trí mhíle caora aige agus míle gabhar. Bhí sé ag bearradh a chuid caorach i gCairmeil. 3Nábál a ba ainm don fhear agus Aibíogáil dá bhean. Bhí an bhean éirimiúil sciamhach, ach bhí an fear tuathalach drochbhéasach. Cálaebach a ba ea é. 4Nuair a chuala Dáiví san fhásach go raibh Nábál ag bearradh a chuid caorach, 5chuir sé deichniúr ógánach chuige á rá leo: “Téigí suas go Cairmeil, tugaigí cuairt ar Nábál agus beannaígí dó i mʼainm. 6Agus labhraigí mar leanas [le mo dheartháir]: ‘Síocháin duit agus síocháin do do theaghlach, agus síocháin do gach a mbaineann leat! 7Is clos dom go bhfuil an mheitheal bhearrtha agat. Bhí dʼaoirí inár dteannta agus ní dhearnamar aon dochar dóibh agus níor chailleadar aon ní i rith an ama go léir a bhíodar i gCairmeil. 8Cuir ceist ar dʼógánaigh agus inseoidh siad sin duit. Go raibh do ghnaoi dá bhrí sin ar na hógánaigh seo, mar is ar lá féasta a thángamar. Tabhair, le do thoil, cibé ní cóir atá agat ansin do do shearbhóntaí agus do Dháiví do mhac.’ ”
9Tháinig ógánaigh Dháiví agus dúradar é sin go léir le Nábál in ainm Dháiví agus ansin dʼfhanadar. 10Dʼfhreagair Nábál seirbhísigh Dháiví: “Dáiví–cé he féin? Cé hé mac Ieise? Is iomaí seirbhíseach atá ag éalú óna máistirí na laethanta seo! 11An dtógfaidh mise mʼarán agus mʼfhíon agus an fheoil a mharaigh mé do mo mheitheal bhearrtha agus sin a thabhairt do dhaoine nach eol dom cad as dóibh?” 12Chas ógánaigh Dháiví ar a sáil agus dʼfhilleadar an bealach a thángadar agus rinneadar an méid sin go léir a aithris do Dháiví. 13Ansin dúirt Dáiví lena chuid fear: “Ceanglaíodh gach duine a chlaíomh air féin!” Agus cheangail gach duine a chlaíomh air féin; agus cheangail Dáiví a chlaíomh air féin chomh maith. Lean timpeall ceithre chéad fear Dáiví agus dʼfhan dhá chéad leis an mbagáiste.
14Thug duine de na seirbhísigh an scéala go hAibíogáil, bean Nábál. “Chuir Dáiví,” ar sé, “teachtairí ón bhfásach chun ceiliúradh dár máistir, ach thug sé aghaidh a chaoraíochta orthu. 15Anois bhí na fir seo an-mhaith dúinn; níor chuireadar isteach orainn agus níor chailleamar aon ní i rith an ama go léir a bhíomar ina gcomharsanacht. 16Ba sciath dídine dúinn iad de lá agus dʼoíche le linn dúinn a bheith ag aoireacht ár gcaorach ina n‑aice. 17Déan do mhachnamh air sin anois agus féach cad is féidir leat a dhéanamh mar tá sé beartaithe drochíde a imirt ar ár máistir agus ar a theaghlach go léir, agus tá sé féin chomh ciotrúnta sin nach féidir dʼaon duine focal a rá leis.” 18Ansin tháinig fuadar faoi Aibíogáil; fuair sí dhá chéad builín, dhá sheithe fíona, chuig caora feannta deasaithe, cúig thomhas de ghrán tíortha, céad crobhaing rísíní, dhá chéad císte figí, agus leag sí ar asail iad. 19Agus dúirt sí lena giollaí: “Ar aghaidh libh romham amach. Beidh mise ar bhur sála.” Ach níor inis sí aon ní dá fear, Nábál. 20Agus í ag marcaíocht ar a hasal le fána faoi speirín sléibhe, seo chuici anuas ina treo Dáiví agus a chuid fear, agus bhuail sí leo. 21Is é a bhí ráite, más ea, ag Dáiví: “Ba obair in aisce agam, go cinnte, a bheith ag cosaint mhaoin an fhir úd san fhásach! Níor cailleadh aon phioc dá raibh aige, ach féach gur olc a chúitigh sé an mhaith liom. 22Go ndéana Dia seo agus siúd agus a thuilleadh fós le Dáiví má fhágaim oiread agus fear dá mbaineann leis beo faoi mhaidin!” 23A luaithe a chonaic Aibíogáil Dáiví, tháinig sí anuas dá hasal faoi dheifir, chaith í féin ar a béal os comhair Dháiví, agus chrom chun talún. 24Chaith sí í féin ag a chosa agus dúirt: “Cuir an milleán seo ormsa amháin, a thiarna. Tabhair cluas do do bhanóglach, le do thoil, agus éist le focail do bhanóglaigh. 25Ná bíodh aon aird agat ar Nábál an drochmhianaigh, mar is cuma a nádúr nó a ainm; tuathalachán a ainm agus is tuathalach a mheon. Ach ní fhaca mise, do bhanóglach, na saighdiúirí a chuir mo thiarna. 26Anois, a uasail, dar an Tiarna beo, agus dar dʼanam beo, agus dar an Tiarna a choinnigh thú ó choir na fola, agus ó dhíoltas a imirt le do láimh féin, go n‑imí an íde chéanna le Nábál ar do naimhde agus ar gach duine a bheartaíonn an t‑olc in aghaidh mo thiarna. 27Maidir leis an mbronntanas atá á thabhairt ag do bhanóglach go dtí mo thiarna, tugtar é do na hógánaigh, lucht leanúna mo thiarna féin. 28Maith a cionta do do bhanóglach agus déanfaidh an Tiarna ríshliocht daingean a dheonú do mo thiarna, mar tá mo thiarna ag troid cathanna an Tiarna, agus ní bheidh urchóid le fáil ort i gcaitheamh do shaoil go léir. 29Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill. 30Nuair a bheidh gach ní cóir atá geallta aige fút déanta ag an Tiarna do mo thiarna, nuair a bheidh tú ceaptha i do thaoiseach ar Iosrael aige, 31ná bíodh aon chúis cháisimh ná aiféala ar mo thiarna de bharr fuil a dhoirteadh gan ghá, ná éiric a bhaint amach le do láimh féin. Nuair a thaispeánfaidh an Tiarna a fhéile do mo thiarna, ansin cuimhnigh ar do bhanóglach.” 32Dúirt Dáiví le hAibíogáil: “Is beannaithe an Tiarna Dia Iosrael a chuir thú i mo threo inniu! 33Gura beannaithe dʼeagna, agus gura beannaithe thú féin, de bharr mé a chosc inniu ó choir na fola, agus ó éiric a bhaint amach le mo láimh féin! 34Ach dar an Tiarna Dia Iosrael a mhaireann beo, agus a choisc mé ó dhíobháil a dhéanamh duit, mura mbeadh tú a bhrostú amach i mo choinne, dar mʼfhocal, ní bheadh oiread agus fear fágtha beo ag Nábál faoi mhaidin.” 35Ansin ghlac Dáiví óna láimh a raibh tugtha aici chuige agus dúirt sé léi: “Imigh leat abhaile faoi shíocháin; féach, thug mé cluas duit, agus rinne mé mar a dʼiarr tú.”
36Dʼfhill Aibíogáil ar Nábál, agus bhí fleá ar siúl aigesean ina theach, fleá mar a mbeadh ag rí. Bhí Nábál meidhreach súgach agus toisc é a bheith ar a chaoil ní dúirt sí focal leis go raibh sé ina lá. 37Ar maidin lá arna mhárach nuair a bhí an deoch curtha de ag Nábál, dʼinis a bhean an scéal go léir dó. Thit an lug ar an lag ag Nábál, rinneadh staic de mar chloch. 38Timpeall deich lá ina dhiaidh sin bhuail an Tiarna Nábál, agus cailleadh é.
39Nuair a fuair Dáiví scéala báis Nábál, dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna a rinne an aithis a fuair mé ó láimh Nábál a agairt, agus a choisc a shearbhónta ón olc; tá drochbhearta Nábál tugtha sa mhullach air féin ag an Tiarna.” Ansin chuir Dáiví scéala cleamhnais go hAibíogáil. 40Nuair a tháinig searbhóntaí Dháiví go hAibíogáil i gCairmeil, dúradar: “Chuir Dáiví sinne chugat chun tú a fháil mar bhean dó féin.” 41Dʼéirigh sise agus chrom go humhal chun talún: “Seo bhur mbanóglach agaibh,” ar sí, “mar dhaoirseach le cosa searbhóntaí mo thiarna a ní.” 42Dʼéirigh Aibíogáil ansin go deifreach, chuaigh ar muin asail, agus a cúigear ionailt ina coimhdeacht, agus lean sí teachtairí Dháiví agus bhí aige mar bhean. 43Thóg Dáiví Aichíonoam ó Izréil chomh maith mar bhean, agus bhíodar araon aige mar mhná céile. 44Míceal, iníon Shóil, bean Dháiví, bhí sí tugtha ag Sól do Phailtí, mac Laís, ó Ghailím.
Currently Selected:
1 Samúéil 25: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: