YouVersion Logo
Search Icon

1 Samúéil 24

24
Faill ar Shól
1Dʼimigh Dáiví leis ón áit sin agus chuir faoi i ndaingin Éan Geidí.
2Nuair a dʼfhill Sól ó thóir na bhFilistíneach, dúradh leis: “Tá Dáiví anois i bhfásach Éan Geidí.” 3Ansin roghnaigh Sól trí mhíle fear tofa as Iosrael go léir, agus thug sé leis iad chun Dáiví agus a lucht leanúna a lorg taobh thoir de Charraigeacha na nGabhar Fiáin. 4Agus tháinig sé fad leis na cróite caorach a bhí cois na slí, áit a raibh pluais. Chuaigh Sól isteach sa phluais chun a ghnó a dhéanamh. Bhí Dáiví agus a lucht leanúna ina suí i bhfad siar istigh sa phluais. 5Agus dúirt a lucht leanúna le Dáiví: “Is é seo an lá a ndúirt an Tiarna leat ina thaobh: ‘Féach, tabharfaidh mé do namhaid isteach i do láimh duit, chun go mbeidh tú in ann do rogha rud a dhéanamh leis.’ ” Dʼéirigh Dáiví ina sheasamh agus ghearr sé an t‑íochtar anuas de chlóca Shóil gan fhios dó. 6Ina dhiaidh sin tháinig aiféala ar Dháiví mar gur bhain sé an t‑íochtar anuas de chlóca Shóil 7agus dúirt sé lena lucht leanúna: “Nár lige an Tiarna go ndéanfainn an rud seo le mo thiarna, ná go sínfinn mo lámh amach ina aghaidh, ós é fear ungtha an Tiarna é.” 8Agus leis na briathra sin thug Dáiví ar a lucht leanúna gan Sól a ionsaí. Dʼéirigh Sól ansin agus amach leis as an bpluais agus dʼimigh sé leis.
9Ina dhiaidh sin tháinig Dáiví amach as an bpluais freisin agus scairt sé ar Shól á rá: “A Thiarna, a rí!” Nuair a bhreathnaigh Sól ina dhiaidh, chrom Dáiví síos go talamh agus dʼumhlaigh dó. 10Dúirt Dáiví le Sól ansin: “Cén fáth a dtugann tú aird ar dhaoine a deir: ‘Tá sé ar aigne ag Dáiví dochar a dhéanamh duit’? 11Féach, chonaic tú le do shúile cinn inniu gur thug an Tiarna isteach i mo láimh thú sa phluais. Agus bhí siad ann a dúirt liom thú a mharú. Ach lig mé do bheo leat. Dúirt mé: ‘Ní shínfidh mé mo lámh amach in aghaidh mo thiarna, ós é fear ungtha an Tiarna é.’ 12Féach, a athair, go bhfuil íochtar do chlóca i mo láimh agam. Ghearr mé an t‑íochtar anuas de do chlóca, ach níor mharaigh mé thú. Caithfidh tú a thuiscint agus a fheiceáil, dá réir sin, nach bhfuil urchóid ná tréas ar aigne agam. Níor chiontaigh mé i dʼaghaidh, bíodh go bhfuil tú sa tóir orm chun mé a mharú. 13Go dtuga an Tiarna breithiúnas idir mé agus thú; go mbaine an Tiarna éiric díot ar mo shon; ach ní leagfaidh mise lámh ort. 14(Seanfhocal le sinsireacht é: ‘Tagann an urchóid ón duine urchóideach,’ ach ní leagfaidh mise lámh ort.) 15Cé ina dhiaidh ar tháinig rí Iosrael amach? Cé air a bhfuil tú sa tóir? Ar mhadra marbh? Ar dhreancaid? 16Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh mar sin agus go dtuga sé breithiúnas idir mé is tú; go bhféacha sé chuige agus breithiúnas a thabhairt ar mo shon agus mé a shaoradh ó do láimh.”
17Nuair a bhí deireadh ráite ag Dáiví le Sól, dúirt Sól: “An é sin do ghuthsa, a Dháiví, a mhic?” Agus ghoil Sól os ard. 18“Is ionraice thusa ná mise,” ar sé le Dáiví, “óir chúitigh tusa mise leis an maith, ach chúitigh mise thusa leis an olc. 19Agus thaispeáin tú inniu a fheabhas a roinn tú liom sa mhéid nár mharaigh tú mé nuair a thug an Tiarna isteach i do láimh mé. 20Óir má bheireann duine ar a namhaid, an ligfidh sé slán uaidh é? Go gcúití an Tiarna go maith leat a ndearna tú dom inniu. 21Agus anois, féach, tá a fhios agam go mbeidh tú cinnte i do rí, agus go mbeidh ríocht Iosrael go daingean i do lámha.
22“Mionnaigh dom anois dar an Tiarna nach ndéanfaidh tú mo shliocht i mo dhiaidh a dhíothú agus nach scriosfaidh tú mʼainm as teaghlach mʼathar.” 23Mhionnaigh Dáiví sin go léir do Shól, agus dʼimigh Sól abhaile agus chuaigh Dáiví agus a lucht leanúna ar ais go dtí an daingean.

Currently Selected:

1 Samúéil 24: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in