1 Samúéil 21
21
Dáiví agus Sagart Nob
1Tháinig Dáiví ansin go Nob go dtí Aichímeilic, sagart. Tháinig Aichímeilic amach go hurramach in airicis Dháiví agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil tú i dʼaonar agus gan aon duine leat?” 2Dʼfhreagair Dáiví Aichímeilic sagart: “Thug an rí ordú dom agus dúirt liom: ‘Ná bíodh aon eolas ag aon duine faoin ngnó ar a bhfuilim do do chur, ná faoin ordú atáim a thabhairt duit.’ Maidir le mo shaighdiúirí, tá coinne déanta agam leo ina leithéid seo dʼáit. 3Idir an dá linn, céard atá ar láimh anseo agaibh? Tabhair dom cúig bhuilín nó cibé rud atá ar fáil.” 4Dʼfhreagair an sagart Dáiví: “Níl aon arán coiteann ar láimh agam; níl ann ach arán naofa–ar choinníoll gur staon do chuid fear ó mhná.” 5Dʼfhreagair Dáiví an sagart: “Bí deimhin de go bhfuil mná coiscthe orainn faoi mar a bhíonn i gcónaí nuair a théim ar eachtra; tá a gcuid coinnithe naofa ag mo shaighdiúirí. Cé gur aistear coiteann é seo, tá a gcuid naofa inniu go cinnte.” 6Thug an sagart an t‑arán naofa dó dá bhrí sin mar nach raibh dʼarán ann ach arán na láithreachta a thógtar ó láthair an Tiarna le harán te a chur ina áit an lá a thógtar é. 7Tharla duine de shearbhóntaí Shóil a bheith ansiúd an lá sin, é coinnithe i láthair an Tiarna; Doéig an tEadómach a ba ainm dó agus ba é ceannaire tréadairí Shóil é.
8Dúirt Dáiví ansin le hAichímeilic: “Nach bhfuil aon sleá ná claíomh ar láimh anseo agat? Níor thug mé mo chlaíomh ná mʼairm liom mar go raibh práinn le gnó an rí.” 9“Claíomh Ghóla an Filistíneach an té a mharaigh tú i nGleann Éileá,” arsa an sagart, “féach, tá sé ansiúd thall, agus éadach fillte air laistiar den éafód. Más mian leat é sin a bhreith leat, déan, mar níl anseo ach é.” “Níl a leithéid eile ann,” arsa Dáiví. “Tabhair dom é.”
10Dʼimigh Dáiví leis an lá sin, agus theith ó Shól, agus tháinig go hÁicís rí Ghat. 11Agus dúirt searbhóntaí Áicís leis-sean: “Nach é seo Dáiví, rí na tíre? Nach ina thaobh a chanaidís le chéile ag rince dóibh:
‘Mharaigh Sól a mhílte,
Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”
12Rinne Dáiví a mhachnamh ar na focail seo ina chroí, agus tháinig scanradh air roimh Áicís rí Ghat. 13Dhéanadh sé é féin a iompar go haisteach ina láthair, agus nuair a leagaidís lámha air ligeadh sé air a bheith ar buile. [Bhuaileadh] sé ar chomhlaí an gheata agus ligeadh prioslaí lena fhéasog síos. 14Dúirt Áicís lena shearbhóntaí: “Féach, tá an fear seo as a mheabhair! Cén fáth ar thug sibh chugamsa é? 15An amhlaidh nach bhfuil go leor gealt agam a rá is go bhfuil an duine seo á thabhairt agaibh chugam le bheith ag geamaíocht i mo láthair? An bhfuil sé le bheith ar mo theaghlach?”
Currently Selected:
1 Samúéil 21: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.