1 Samúéil 20
20
Cabhraíonn Iónátán le Dáiví
1Theith Dáiví ó na botháin i Rámá, agus tháinig sé agus labhair sé le Iónátán: “Cad a rinne mé as an tslí? Cén cion atá orm, agus cén choir a rinne mé in aghaidh dʼathar a rá go bhfuil sé ar thóir mʼanama?” 2Dʼfhreagair seisean é: “Cuir uait agus ná bí den tuairim sin. Ní mharóidh sé thú. Féach, ní dhéanann mʼathair aon ní, le tábhacht ná gan tábhacht, gan é chur faoi mo bhráid. Cén fáth a gceilfeadh mʼathair é seo orm? Ní fíor é.” 3Ach thug Dáiví mionn arís agus dúirt: “Is maith is eol do dʼathair go bhfuil an-chion agatsa orm, agus deir sé leis féin: ‘Ná bíodh a fhios seo ag Iónátán nó goillfidh sé air.’ Ach dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, níl ach coiscéim idir mise agus an bás.” 4Ansin dúirt Iónátán le Dáiví: “Cad a theastaíonn uait a dhéanfainn duit?” 5Dʼfhreagair Dáiví: “Féach, amárach an Ré Nua agus ba dhual domsa a bheith ag bord leis an rí; ach ligse dom dul i bhfolach sna goirt go tráthnóna (an tríú lá). 6Má thugann dʼathair faoi deara mé a bheith as láthair, caithfidh tú a rá: ‘Dʼimpigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó brostú leis go Beithil, a bhaile féin, mar go bhfuil an íobairt bhliantúil don fhine go léir á ceiliúradh ansiúd.’ 7Má deir sé: ‘Tá go maith,’ tá do shearbhónta slán; ach má thagann fearg air, bíodh a fhios agat go bhfuil an t‑olc beartaithe aige. 8Bí cineálta dílis dá bhrí sin le do shearbhónta, mar dʼaontaigh tú thú féin leis de bhrí chonartha in ainm an Tiarna. Ach má táim ciontach, cuirse féin chun báis mé–cad ab áil leat do mo bhreith go dtí dʼathair?” 9Dʼfhreagair Iónátán: “Cuir uait, ná bí den tuairim sin. Dá mbeinnse cinnte de go raibh mʼathair meáite ar olc a thabhairt sa mhullach ort, nach n‑inseoinn sin duit?” 10Ansin dʼfhiafraigh Dáiví de Iónátán: “Cé a inseoidh dom é má thugann dʼathair freagra dolba ort?”
11“Téanam,” arsa Iónátán le Dáiví, “téimis amach faoi na bánta.” Dʼimíodar araon amach faoi na bánta. 12Ansin dúirt Iónátán le Dáiví: “Go raibh an Tiarna Dia Iosrael ina fhinné! Déanfaidh mé mʼathair a thriail an taca seo amárach (nó an tríú lá); má bhíonn gach ní ina cheart maidir le Dáiví agus nach gcuirim sin in iúl dó, 13ansin go ndéana an Tiarna a leithéid seo le Iónátán–agus a thuilleadh fós. Má bheartaíonn mʼathair urchóid a dhéanamh duit, cuirfidh mé é sin in iúl duit agus seolfaidh mé chun siúil thú agus éalóidh tú gan díobháil, agus go raibh an Tiarna leat mar a bhíodh le mʼathair. 14Má mhairim fós, taispeáin dom cineáltas buan an Tiarna féin; má fhaighim bás 15ná diúltaigh do chineáltas féin do mo theaghlach go brách. Nuair a scriosfaidh an Tiarna gach namhaid de chuid Dháiví de dhroim na talún, 16ná scriostar ainm Iónátán ó theaghlach Dháiví, [nó éileoidh an Tiarna cuntas ar Dháiví]” 17[Thug] Iónátán an mionn sollúnta arís do Dháiví dar a ghrá dó mar gur ghráigh sé é mar a rinne a anam féin.
18Dúirt Iónátán leis: “Amárach an Ré Nua; braithfear ar iarraidh thú mar go mbeidh do shuíochán follamh. 19Arú amárach ámh, tógfar an-cheann de thú a bheith ar iarraidh, agus ní foláir duit dul chun na háite ina ndeachaigh tú i bhfolach lá an bhirt, agus fanacht taobh leis an gcarnán cloch ansiúd. 20Maidir liomsa, scaoilfidh mé trí saigheada cliathánach leis mar a dhéanfainn le sprioc. 21Ansin cuirfidh mé mo ghiolla uaim á rá: ‘Téigh agus faigh na saigheada.’ Má deirim leis an ngiolla: ‘Féach! tá na saigheada ar an taobh seo duit, beir leat iad,’ ansin ní miste duit teacht, mar beidh sé sábháilte agat agus ní bheidh aon chúis eagla agat dar an Tiarna beo. 22Ach má deirim leis an ógánach: ‘Féach! tá na saigheada romhat amach.’ Ansin bailigh leat mar beidh an Tiarna é féin do do chur chun siúil. 23Maidir leis an margadh a rinneamar lena chéile, mise agus tusa, sea, tá an Tiarna ina fhinné eadrainn go brách.”
24Chuaigh Dáiví i bhfolach sna bánta; tháinig an Ré Nua agus shuigh an rí síos chun bia a ithe. 25Shuigh an rí mar ba ghnáth leis sa chathaoir ag an mballa; [shuigh] Iónátán os a chomhair, agus shuigh Aibnéar taobh le Sól, ach bhí ionad Dháiví follamh. 26Ach ní dúirt Sól aon ní an lá sin, mar shíl sé: “Tharla rud éigin dó; tá sé neamhghlan, tá sin go cinnte.” 27Ach an dara lá, an lá tar éis na Ré Nua, bhí áit Dháiví fós follamh. Agus dúirt Sól le Iónátán a mhac: “Cad ina thaobh nár tháinig mac Ieise chun an bhéile inné ná inniu?” 28Dʼfhreagair Iónátán Sól: “Dʼimpigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó dul go Beithil: 29‘Lig dom dul,’ ar sé, ‘mar tá íobairt na fine againn sa chathair agus dʼordaigh mo dheartháir dom a bheith i láthair. Má réitíonn tú le mʼiarratas más ea, lig dom imeacht agus mo dheartháireacha a fheiceáil.’ Sin é faoi deara dó gan teacht go bord an rí.”
30Tháinig racht feirge ar Shól ansin le Iónátán agus dúirt sé leis: “A mhic na mná táire crosta! nach eol dom go bhfuil tú i gcomhar le mac Ieise, chun dʼaithise féin agus aithise nochtacht do mháthar! 31Fad a mhairfidh mac Ieise beo ar talamh, ní bheidh tú féin ná do chearta rí daingean gan bhaol. Cuir fios air, dá bhrí sin, agus tabhair chugam é, óir tá an bás i ndán dó.” 32Ansin dʼfhreagair Iónátán Sól, a athair: “Cén fáth é a chur chun báis,” ar sé, “céard atá déanta aige?” 33Ach chaith Sól urchar dá shleá leis lena leagan ar lár; thuig Iónátán ansin go raibh sé beartaithe ag a athair Dáiví a chur chun báis.
34Dʼéirigh Iónátán ón mbord agus fraoch feirge air agus níor chaith sé aon bhia an dara lá sin den Ré Nua, mar gur ghoill cás Dháiví air mar gur mhaslaigh a athair é. 35Maidin lá arna mharach ghabh Iónátán amach sna bánta chun na coinne a bhí aige le Dáiví, agus giolla óg ina theannta. 36Dúirt sé lena ghiolla: “Rith agus faigh na saigheada atá le caitheamh agam,” agus fad a bhí an giolla ag rith chaith sé saighead roimhe amach. 37Nuair a shroich an giolla an áit inar chaith Iónátán an tsaighead, ghlaoigh Iónátán chun an ghiolla agus dúirt: “Nach bhfuil an tsaighead romhat amach?” 38Ghlaoigh Iónátán chun an ghiolla arís: “Brostaigh, corraigh ort, ná déan moill.” Bhailigh giolla Iónátán na saigheada agus tháinig ar ais chun a mháistir. 39Ní raibh tuairim dá laghad ag an ngiolla i dtaobh cad a bhí i gceist; ag Iónátán agus ag Dáiví amháin a bhí fios an scéil.
40Thug Iónátán a airm dá ghiolla ansin agus dúirt leis: “Imigh leat agus beir leat don chathair iad.” 41Nuair a dʼimigh an giolla dʼéirigh Dáiví ón áit ina raibh sé ag taobh an chairn agus chaith é féin ar a bhéal ar an talamh agus chrom faoi thrí. Ansin phógadar a chéile agus ghoileadar go fuíoch le chéile nó gur tháinig Dáiví chuige féin. 42Dúirt Iónátán ansin le Dáiví: “Imigh faoi shíocháin. Maidir leis an mionn a mhionnaigh an bheirt againn in ainm an Tiarna, go raibh an Tiarna ina fhinné idir thusa agus mise, idir do shliochtsa agus mo shliochtsa go brách.” 43Dʼéirigh [Dáiví] ina sheasamh ansin agus dʼimigh sé leis, agus dʼfhill Iónátán ar an gcathair.
Currently Selected:
1 Samúéil 20: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: