1 Samúéil 19
19
Cosnaíonn Iónátán Dáiví
1Dúirt Sól lena mhac Iónátán agus lena shearbhóntaí go léir nárbh fholáir Dáiví a mharú. Ach bhí an-chion ag Iónátán mac Shóil ar Dháiví 2agus thug Iónátán rabhadh do Dháiví á rá: “Tá mʼathair Sól ag iarraidh thú a mharú. Bí ar dʼfhaichill, mar sin, maidin amárach; gábh i bhfolach in áit uaigneach éigin. 3Agus gabhfaidh mise amach agus fanfaidh mé i gcomhluadar mʼathar sa ghort mar a mbeidh tusa agus labhróidh mé le mʼathair fút. Má fhaighim fios an scéil inseoidh mé duit é.” 4Mhol Iónátán Dáiví dá athair, Sól, dá bhrí sin agus dúirt leis: “Ná déanadh an rí peaca in aghaidh a shearbhónta, Dáiví, mar ní dhearna seisean peaca i dʼaghaidh, agus gach a ndearna sé, chuaigh sé go mór i dtairbhe duitse. 5Chuaigh sé i mbaol a anama nuair a mharaigh sé an Filistíneach, agus nuair a thug Dia bua mór dʼIosrael go léir. Chonaic tú féin é, agus bhí lúcháir ort. Cén fáth mar sin go ndéanfá peaca in aghaidh fola neamhchiontaí agus Dáiví a mharú gan chúis?” 6Agus thug Sól aird ar a ndúirt Iónátán agus thug Sól mionn á rá: “Dar an Tiarna beo, ní mharófar é.” 7Ghlaoigh Iónátán ar Dháiví agus dʼinis sé an méid sin dó. Ansin thug Iónátán Dáiví leis go dtí Sól agus bhíodh sé ag freastal air faoi mar bhíodh roimhe sin.
Dáiví ar Teitheadh
8Bhí sé ina chogadh arís agus chuaigh Dáiví amach agus throid in aghaidh na bhFilistíneach; rinne sé ár agus eirleach orthu agus theitheadar roimhe. 9Ansin ghabh drochspiorad ón Tiarna greim ar Shól agus é ina shuí ina theach agus a shleá ina láimh aige; bhí Dáiví ag seinm na cruite. 10Rinne Sól iarracht ar Dháiví a ghreamú den bhalla lena shleá, ach sceinn sé as an tslí ó Shól i dtreo gur sháigh seisean a shleá sa bhalla. Theith Dáiví agus tháinig slán.
11An oíche chéanna úd chuir Sól dream go teach Dháiví chun é a fhaire dʼfhonn é a mharú maidin lá arna mhárach. Ach dúirt Míceal bean Dháiví leis: “Mura n‑éalaíonn tú le dʼanam anocht, marófar thú amárach.” 12Ansin scaoil Míceal Dáiví síos ón bhfuinneog, agus theith sé leis agus dʼéalaigh. 13Fuair Míceal an taráfaím, an íomhá, ansin agus leag ar an leaba é, chuir mothall dʼfhionnadh gabhair ar a cheann, agus leag brat air á cheilt. 14Nuair a sheol Sól lucht a ghafa go Dáiví, dúirt sí: “Tá sé tinn.” 15Ach chuir Sól a ghiollaí ar ais chun Dáiví a fheiceáil á rá: “Tugaigí chugam aníos ar a leaba é ionas go maróinn é!” 16Chuadar isteach dá bhrí sin agus ansiúd rompu ar an leaba bhí an taráfaím agus an mothall dʼfhionnadh gabhair ar a cheann! 17Ansin dúirt Sól le Míceal: “Cén fáth ar mheall tú mar seo mé agus ligean do mo namhaid imeacht agus éalú leis?” Dʼfhreagair Míceal Sól á rá: “Dúirt sé liom: ‘Lig dom imeacht, cén fáth thú a mharú?’ ”
18Theith Dáiví agus dʼéalaigh leis agus chuaigh go Samúéil i Rámá agus dʼinis sé dó gach a ndearna Sól air. Dʼimigh sé féin agus Samúéil ansin agus chuireadar fúthu sna botháin. 19Tháinig an scéala go Sól: “Tá Dáiví sna botháin i Rámá.” 20Chuir Sól giollaí chun Dáiví a ghabháil. Nuair a chonaic siad cuallacht na bhfáithe ag fáidheoireacht agus Samúéil ansiúd i gceannas orthu, tháinig spiorad Dé ar ghiollaí Shóil agus rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith.
21Nuair a fuair Sól an scéala sin chuir sé giollaí eile uaidh, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith. Ansin chuir Sól giollaí eile fós den tríú huair, ach rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith. 22Chuaigh sé féin go Rámá ansin, agus tháinig sé go tobar [an urláir bhuailte ar an gcnocán maol] agus dʼfhiafraigh: “Cá bhfuil Samúéil agus Dáiví?” Dʼfhreagair duine éigin: “Féach, tá siad sna botháin i Rámá.” 23Dʼimigh sé leis ón áit sin go dtí na botháin i Rámá agus tháinig spiorad Dé airsean chomh maith agus, ar an mbealach do, bhí sé ag fáidheoireacht nó gur shroich sé na botháin i Rámá. 24Chaith seisean leis a chuid éadaigh de agus bhí sé ag fáidheoireacht chomh maith i láthair Shamúéil agus dʼfhan sé ansiúd sínte ar an talamh agus é nocht ar feadh an lae agus na hoíche sin. Uaidh sin an nath: “An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”
Currently Selected:
1 Samúéil 19: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: