1 Samúéil 14
14
Ionsaí Iónátán
1Dúirt Iónátán mac Shóil le fear iompair a airm lá: “Téanam anonn go dtí an garastún Filistíneach [sa bhealach],” ach ní dúirt sé aon ní lena athair. 2Bhí Sól in imeall Ghibeá, ina shuí faoin gcrann pomagránaite atá [ag an urlár buailte]. Bhí timpeall sé chéad fear ina chuideachta. 3Bhí Aichíá mac Aichiteob, deartháir Í Cávód, mac Phíneachás, mac Éilí, sagart an Tiarna i Sileo, ann agus an t‑éafód á chaitheamh aige. Ní raibh a fhios ag an slua go raibh Iónátán imithe. 4Bhí splinc charraige ar thaobh agus splinc charraige ar an taobh eile den bhealach trína raibh Iónátán ag iarraidh dul anonn go dtí an garastún Filistíneach. Bhí Bózaez ar cheann acu agus Seine ar an gceann eile. 5Tá an chéad splinc ag gobadh amach ar an taobh thuaidh os comhair Mhicmeáis, agus an dara ceann laisteas os comhair Gheaba. 6Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; bʼfhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir dʼaon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.” 7Dúirt fear iompair a airm: “Déan mar a chuireann do chroí in iúl duit. Maidir liomsa, tá mo chroí leat.” 8Ansin dúirt Iónátán: “Féach, rachaimid anonn go dtí na daoine seo, agus ligfimid dóibh sinn a fheiceáil. 9Má deir siad linn: ‘Fanaigí mar a bhfuil sibh go dtéimidne chugaibh,’ fanfaimid mar a bhfuilimid gan dul suas chucu. 10Ach má deir siad: ‘Tagaigí aníos chugainn,’ rachaimid suas mar bheidh sé sin ina chomhartha gur thug an Tiarna inár lámha dúinn iad.” 11Ligeadar araon do gharastún na bhFilistíneach iad a fheiceáil; dúirt na Filistínigh: “Seo amach na hEabhraigh as na poill ina raibh siad i bhfolach.” 12Chuir lucht an gharastúin forrán ansin ar Iónátán agus ar fhear iompair a airm: “Tagaigí aníos chugainn,” ar siad, “tá rud éigin le rá againn libh.” Dúirt Iónátán lena fhear iompair airm: “Lean suas mé; thug an Tiarna ar láimh Iosrael iad.” 13Ghabh Iónátán suas ar lámhacán, agus a fhear iompair airm ina dhiaidh. Thiteadar siúd roimh Iónátán agus tháinig a fhear iompair airm ina dhiaidh, agus mharaigh sé iad. 14Sa chéad ár a chuir Iónátán agus a fhear iompair airm thit timpeall fiche fear i bhfad leathiomaire in acra talún.
Cath
15Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine. 16Chonaic farairí Shóil i nGibeá Bhiniáimin an campa á scaipeadh i ngach treo. 17Dúirt Sól ansin leis an dream a bhí ina theannta: “Comhairigí anois agus féachaigí cé atá imithe uainn.” Rinneadh an comhaireamh agus bhí Iónátán agus fear iompair a airm in easnamh.
18Dúirt Sól ansin le hAichíá: “Tabhair an [t‑éafód] anseo”–mar eisean a dʼiompraíodh an [t‑éafód] i láthair Iosrael. 19Fad a bhí Sól ag caint leis an sagart dʼéirigh an callán i gcampa na bhFilistíneach níos measa agus níos measa, agus dúirt Sól leis an sagart; “Tarraing siar do lámh.” 20Ansin chuir Sól agus an mhuintir a bhí in éineacht leis iad féin in eagar agus chuadar chun an chatha; ansiúd bhí gach duine ag díriú a chlaímh ar a chéile agus bhí sé ina chíor thuathail. 21Fiú na hEabhraigh a chuaigh i seirbhís na bhFilistíneach roimhe sin, agus a ghabh suas leo go dtí an campa, ghabhadar leis na hIosraelaigh a bhí le Sól agus le Iónátán. 22Na hIosraelaigh go léir a bhí i bhfolach in ardáin Eafráim, nuair a chuala siad go raibh na Filistínigh ag teitheadh, chuadar go dian sa tóir orthu sa chath. 23Dʼfhuascail an Tiarna Iosrael an lá sin agus ghabh an troid anonn thar Bhéit [Horón].
24Chuir [Sól troscadh dian] i bhfeidhm an lá sin agus chuir an pobal faoi mhionn á rá: “Mallacht ar an té a íosfaidh greim bia roimh thráthnóna, sula ndéanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde.” Níor bhlais aon duine den phobal greim.
25[Bhí cíor mheala ar an talamh ar an mbán,] 26ach nuair a tháinig na daoine chomh fada léi, [cé go raibh an tsaithe imithe,] níor chuir aon duine lámh chun a bhéil, le heagla an mhionna. 27Ach níor chuala Iónátán a athair ag cur an phobail faoi bhrí an mhionna, agus shín sé barr an bhata a bhí ina ghlaic agus thum sa chíor é agus chuir a lámh chun a bhéil, agus tháinig preab ina shúile. 28Ansin labhair duine den phobal: “Chuir dʼathair,” ar sé, “an pobal go docht faoi bhrí mionna á rá go mbeadh mallacht ar an té a dʼíosfadh greim inniu” (agus bhí lagaíocht ar an bpobal). 29Dʼfhreagair Iónátán: “Rinne mʼathair dochar don tír; féach nach mó an phreab atá i mo shúile anois mar gur ith mé an bhéalóg mheala sin? 30Agus, dála an scéil, nárbh fhearr go mór é dá n‑íosfadh an pobal a ndóthain inniu as an gcreach a thógadar óna naimhde? Ní mor an t‑ár a cuireadh ar na Filistínigh.”
31Phleancadar na Filistínigh an lá sin ó Mhicmeáis go hAiálón nó go raibh an pobal tnáite traochta. 32Ansin thugadar faoin gcreach agus rugadar ar chaoirigh, daimh agus laonna, agus mharaíodar ansiúd ar an talamh iad agus dʼalpadar iad fuil agus uile. 33Chuala Sól an scéal sin: “Féach,” ar siad, “tá an pobal ag déanamh peaca in aghaidh an Tiarna ag ithe idir fhuil agus uile.” Dʼfhreagair sé: “Rinne sibh feall; déanaigí cloch mhór a bhurláil [anseo i leith] chugam.” 34Lean sé air ansin: “Imígí faoin slua agus abraigí leo: ‘Tugadh gach duine agaibh a dhamh nó a chaora agus maraídís anseo iad, gan peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna le bheith á n‑ithe fuil agus uile.’ ” Thug gach duine den phobal a dhamh leis an oíche sin agus mharaíodar ansiúd iad. 35Thóg Sól altóir don Tiarna; ba í sin an chéad altóir a thóg sé don Tiarna.
Anacal ar Iónátán
36Dúirt Sól ansin: “Téimis síos i gcoim na hoíche agus déanaimis tóir agus creach ar na Filistínigh go breacadh an lae; ná fágaimis fear inste scéil.” “Déan mar is áil leat,” ar siad. Ach dúirt an sagart: “Téimis faoi dhéin Dé anseo.” 37Lorg Sól comhairle ar Dhia: “An rachaidh mé síos ar thóir na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú ar láimh dʼIosrael iad?” Ach freagra níor thug sé dó an lá sin. 38Ansin dúirt Sól: “Tagaigí anseo, a cheannairí uile an phobail; agus déanaigí a scrúdú agus a iniúchadh conas a tharla an peaca seo inniu. 39Dar an Tiarna beo a thugann an bua dʼIosrael, fiú más do Iónátán mo mhac a tharla sé, cuirfear chun báis é, cuirfear sin.” Ach ní raibh fear ar an bpobal ar fad a thabharfadh freagra air. 40Dúirt sé ansin le hIosrael go léir: “Seasaigí sibhse ar thaobh amháin, agus seasóidh mise agus mo mhac Iónátán ar an taobh eile.” Dúirt an pobal le Sól: “Déan mar is áil leat.” 41Dúirt Sól ansin: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, cén fáth nár thug tú freagra ar do shearbhónta inniu? Más ormsa agus ar mo mhac Iónátán atá an locht, a Dhia Iosrael, tabhair Úirím; más ar phobal Iosrael atá an locht, tabhair Tuimím.” Thit an crann ar Shól agus Iónátán agus dʼimigh an pobal saor. 42Dúirt Sól: “Caith an crann idir mise agus mo mhac Iónátán.” Thit an crann ar Iónátán.
43Dúirt Sól le Iónátán ansin: “Inis dom a bhfuil déanta agat.” “Ní dhearna mé,” arsa Iónátán, “ach béalóg mheala a ithe de bharr mo bhata a bhí i mo ghlaic agam. Seo anseo mé anois réidh don bhás.” 44Dúirt Sól: “Go ndéana Dia seo agus siúd liom, agus a thuilleadh de bhreis air, mura bhfaigheann tú bás, a Iónátán.” 45Ach dúirt an pobal le Sól: “An bhfaighidh Iónátán bás anois agus gurb eisean a fuair an bua iontach seo dʼIosrael? I bhfad uainn a leithéid! Dar an Tiarna beo, ní thitfidh oiread agus ribe de ghruaig a chinn chun talún mar bhí Dia leis ina bhearta inniu.” Rinne an pobal Iónátán a fhuascailt dá bhrí sin agus níor cuireadh chun báis é. 46Bheartaigh Sól scor den tóir ar na Filistínigh, agus dʼfhill na Filistínigh ar a ndúiche féin.
Coimre
47Dhaingnigh Sól a údarás rí ar Iosrael, agus throid sé in aghaidh a naimhde go léir ar gach taobh–i gcoinne na nAmónach, i gcoinne Eadóm, i gcoinne ríthe Zóbá, agus i gcoinne na bhFilistíneach; cibé áit ina dtugadh sé a aghaidh bhíodh [an bua aige]. 48Rinne sé ghníomhartha gaile agus gaisce. Bhuaigh sé ar na hAmailéicigh agus dʼfhuascail sé Iosrael ó lámha lucht a scriosta.
49Ba iad Iónátán agus Ísví agus Mailcíosú clann mhac Shóil. Siad na hainmneacha a bhí ar a bheirt iníon: Méarab ar an sinsear agus Míceal ar an sóisear. 50Aichíonoam a bhí ar a bhean, iníon Aichímeáz. Aibnéar mac Néar a ba ainm dá thaoiseach airm; uncail do Shól eisean. 51Mic do Aibiéil ab ea Cís athair Shóil agus Néar athair Aibnéar.
52Bhí cogadh fíochmhar ar siúl in aghaidh na bhFilistíneach i gcaitheamh ré Shóil ar fad. Aon tréanfhear nó gaiscíoch dá bhfeicfeadh sé, ghlacadh sé chun a sheirbhíse féin é.
Currently Selected:
1 Samúéil 14: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.