1 Samúéil 11
11
Cloítear na hAmónaigh
1[Timpeall mí ina dhiaidh sin], ghabh Nácháis an tAmónach suas agus chuir léigear ar Iáibéis Gileád. Dúirt muintir Iáibéis go léir le Nácháis: “Déan conradh linn agus beimid faoi do réir.” 2Ach is é a dúirt Nácháis an tAmónach leo: “Déanfaidh mé conradh libh ar an gcoinníoll seo amháin .i. go mbainfidh mé an tsúil dheas as gach duine agaibh; tabharfaidh mé an tarcaisne sin dʼIosrael go léir.” 3Dúirt seanóirí Iáibéis leis: “Tabhair cairde seacht lá dúinn i dtreo go gcuirfimid teachtairí ar fud críocha Iosrael, agus mura dtagann aon duine i gcabhair orainn, rachaimid anonn chugaibh.” 4Nuair a tháinig na teachtairí go Gibeá le Sól agus a dʼinsíodar an scéala don phobal, chromadarsan ar ghol agus olagón.
5Bhí Sól ag filleadh ón ngort i ndiaidh a dhamh. Dúirt Sól: “Cad tá orthu? Cén fáth a bhfuil an pobal ag lógóireacht?” Dʼinsíodar dó a raibh ráite ag na fir ó Iáibéis. 6Luigh an Spiorad Naomh go tréan ar Shól ar chlos na bhfocal sin agus tháinig fraoch feirge air. 7Rug sé ar sheisreach damh, ghearr ina spólaí iad, agus sheol sé ó cheann ceann Iosrael iad trí lámha teachtairí, á rá: “An té nach máirséalfaidh le Sól agus le Samúéil, sin í an íde a thabharfar ar a dhaimh!” Tháinig sceimhle roimh an Tiarna ar an bpobal ansin agus mháirseáladar go léir amach dʼaonbhuíon. 8Rinne sé iad a iniúchadh ag Beizic; bhí trí chéad míle de chlann Iosrael ann agus tríocha míle fear ó Iúdá. 9Dúirt siad ansin leis na teachtairí a bhí tagtha: “Abraigí le muintir Iáibéis Gileád: ‘Tiocfar i gcabhair oraibh amárach faoin am a mbeidh teas sa ghrian.’ ” Dʼimigh na teachtairí agus thugadar an scéala sin go muintir Iáibéis agus chuir sin lúcháir orthu. 10Dúirt muintir Iáibéis [le Nácháis]: “Rachaimid anonn chugaibh amárach, agus ní miste daoibh bhur rogha rud a dhéanamh linn.” 11Lá arna mhárach roinn Sól an slua ina thrí dhíorma; ropadar isteach sa champa le faire na maidine agus bhíodar ag déanamh áir ar na hAmónaigh go corp an lae. Cuireadh a leithéid sin de scaipeadh ar fhuíoll an áir nár fágadh beirt díobh le chéile.
12Dúirt na daoine le Samúéil ansin: “Cé a dúirt ‘An mbeidh Sól ina rí orainn?’ Tugtar anseo chugainn iad le cur chun báis.” 13Ach dʼfhreagair Sól: “Ní chuirfear aon duine chun báis inniu, óir rinne an Tiarna fuascailt ar Iosrael inniu.” 14Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: “Téanaigí go Gilgeál agus déanaimis an ríocht a dhearbhú arís ann.” 15Chuaigh an pobal go léir go Gilgeál dá bhrí sin agus dʼfhógraíodar Sól ina rí ansiúd i láthair an Tiarna i nGilgeál. Dʼofráladar íobairtí comaoineach ansiúd i láthair an Tiarna agus lúcháir thar na bearta ar chlann Iosrael go léir.
Currently Selected:
1 Samúéil 11: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.