1 Samúéil 11:6-7
1 Samúéil 11:6-7 ABN
Luigh an Spiorad Naomh go tréan ar Shól ar chlos na bhfocal sin agus tháinig fraoch feirge air. Rug sé ar sheisreach damh, ghearr ina spólaí iad, agus sheol sé ó cheann ceann Iosrael iad trí lámha teachtairí, á rá: “An té nach máirséalfaidh le Sól agus le Samúéil, sin í an íde a thabharfar ar a dhaimh!” Tháinig sceimhle roimh an Tiarna ar an bpobal ansin agus mháirseáladar go léir amach dʼaonbhuíon.





