1 Ríthe 6
6
An Teampall
1Sa bhliain ceithre chéad agus a hochtó tar éis do na hIosraelaigh teacht amach as an Éigipt, sa cheathrú bliain de réimeas Sholaimh ar Iosrael, i mí Zif, an dara mí is é sin, thosaigh sé ar Theampall an Tiarna a thógáil. 2An Teampall a thóg Solamh don Tiarna, bhí sé trí fichid banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead, agus cúig bhanlámh fichead ar airde. 3Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an Teampaill agus deich mbanlámh ar leithead ar feadh fhad an Teampaill. 4Rinne sé fuinneoga don Teampall le frámaí agus [cliatha]. 5Thóg sé breis le taobh bhalla an Teampaill (timpeall bhallaí an Teampaill), timpeall an halla agus an tsanctóra istigh, agus rinne sé seomraí cliathánacha timpeall ar fad. 6Bhí an stór íochtarach cúig bhanlámh ar leithead, an ceann láir sé bhanlámh, agus an tríú ceann seacht mbanlámh, mar bhí taobhrianta curtha leis an Teampall lasmuigh aige i dtreo nach mbeadh na cearchaillí i ngreim i mballaí an Teampaill. 7(Tógadh an Teampall de chlocha a gearradh sa choiréal i dtreo nach raibh fuaim casúir ná tua ná uirlis iarainn le clos sa Teampall fad bhí sé á thógáil.) 8Bhí an doras chun an stóir íochtaraigh ag cúinne deas an Teampaill, agus bhí staighre suas chun an stór láir agus ón stór láir arís go dtí an tríú stór. 9Thóg sé an Teampall, chríochnaigh é, agus chuir díon air le fraitheacha agus cláracha dʼadhmad céadair. 10Chuir sé an bhreis ar feadh fhad an Teampaill go léir, bhí [gach stór] cúig bhanlámh ar airde agus bhí siad greamaithe den Teampall le bíomaí céadair. 11Tháinig briathar an Tiarna chun Solaimh: 12“An teach seo atá á thógáil agat... má leanann tú mo dhlíthe agus má ghéilleann tú do mo reachtanna agus má chomhlíonann tú mʼaitheanta go léir agus déanamh dá réir, déanfaidh mé an gealltanas a thug mé do dʼathair Dáiví i do thaobh a chomhlíonadh. 13Agus déanfaidh mé cónaí i measc chlann Iosrael agus ní thréigfidh mé Iosrael mo phobal.” 14Thóg Solamh an Teampall agus chríochnaigh é amhlaidh sin.
Troscán an Teampaill
15Chuir sé líneáil dʼadhmad céadair laistigh le ballaí an Teampaill, á gclúdach le hadhmad laistigh ó urlár an Teampaill go dtí fraitheacha an dín, agus leag sé cláir chufróige ar urlár an Teampaill. 16An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t‑ionad sárnaofa. 17Bhí daichead banlámh i dtomhas an Teampaill–an halla, os comhair an tsanctóra laistigh. 18Bhí adhmad céadrais timpeall an Teampaill laistigh agus é greanta le hornáidí cnapán agus cnotaí, gan cloch le feiceáil ach adhmad céadrais ar fad. 19Sa chuid is faide isteach den Teampall dʼullmhaigh sé an sanctóir istigh le áirc chonradh an Tiarna a chur ann. 20Bhí an sanctóir istigh fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead agus fiche banlámh ar airde, agus chuir sé cumhdach dʼór fíre air. Rinne sé altóir chomh maith dʼadhmad céadair. 21Rinne Solamh an Teampall a chumhdach laistigh le hór fíre, agus chuir sé slabhraí óir trasna os comhair an tsanctóra agus rinneadar é a chumhdach le hór. 22Rinne sé an Teampall go léir a chumhdach le hór, an Teampall go léir bun barr (agus chumhdaigh sé altóir an tsanctóra istigh go léir le hór).
23Rinne sé dhá cheiribín dʼadhmad olóige sa sanctóir. Bhí an chéad cheiribín deich mbanlámh ar airde. 24Bhí sciathán den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad, agus an sciathán eile den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad; bhí sé deich mbanlámh ó rinn sciatháin go dtí rinn sciatháin eile. 25Bhí deich mbanlámh chomh maith i dtomhas an cheiribín eile; bhí an tomhas céanna, agus an déanamh céanna, acu araon. 26Deich mbanlámh airde ceiribín díobh, agus ba mhar a chéile é ag an gceann eile. 27Chuir sé na ceiribíní i lár an tseomra inmheánaigh; bhí a sciatháin ar leathadh ionas gur bhain sciathán cinn acu le balla, agus gur bhain sciathán cinn eile leis an mballa eile; agus gur theagmhaigh an dá sciathán eile lena chéile i lár an tseomra. 28Chuir sé cumhdach óir ar na ceiribíní. 29Rinne sé ballaí an teampaill go léir sa seomra istigh agus amuigh a bhreacadh le híomhánna greanta de cheiribíní, de chrainn phailme, agus de chnotaí; 30agus rinne sé urlár an Teampaill a chumhdach le hór sa seomra istigh agus amuigh.
31Don bhealach isteach sa sanctóir rinne sé doirse dʼadhmad olóige, le [hursaineacha cúigshleasacha], 32agus dhá chomhla dʼadhmad olóige. Rinne sé íomhánna de cheiribíní, de chrainn phailme agus de chnotaí, agus rinne sé iad a chumhdach le hór agus leath sé ór ar na ceiribíní agus ar na crainn phailme. 33Rinne sé ursaineacha cearnógacha dʼadhmad olóige ar an gcuma chéanna don bhealach isteach sa halla, 34agus an dá chomhla dʼadhmad cufróige; bhí dhá easna ag ceangal comhla díobh, agus dhá easna ag ceangal na comhla eile. 35Rinne sé ceiribíní, crainn phailme, agus cnotaí a ghreanadh orthu agus chuir sé cumhdach óir orthu, ag leathadh an óir go cothrom ar an saothar greanta. 36Thóg sé balla na cúirte istigh le trí chúrsa de chloch ghearrtha, agus cúrsa de bhíomaí céadair.
37Sa cheathrú bliain, i mí Zif, leagadh máithreacha an Teampaill. 38San aonú bliain déag, i mí Búl, an t‑ochtú mí sé sin, críochnaíodh an Teampall go léir go cruinn díreach mar a dearadh agus a beartaíodh é. Bhí sé seacht mbliana á thógáil.
Currently Selected:
1 Ríthe 6: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.