YouVersion Logo
Search Icon

1 Ríthe 4

4
Oifigigh Sholaimh
1Bhí Solamh ina rí ar Iosrael go léir agus 2bʼiad seo a oifigigh: Azairiá mac Zádóc an sagart; 3Eilíochoraf agus Aichíá, clann Shíseá, na rúnaithe; Iahóiseáfát mac Aichíliúd an t‑annálaí. 4(Banáiá mac Iahóideá ceannasaí an airm; Zádóc agus Aibíátár, sagairt); 5Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí; 6Aichíseár i gceannas an pháláis; Adoiníreám mac Abdá i gceannas an tsaothair éigeantaigh.
7Bhí dháréag reachtaire ag Solamh, dʼIosrael go léir, agus is iad a sholáthraigh bia don rí agus dá theaghlach; chaith gach duine díobh soláthar a dhéanamh do mhí sa bhliain. 8Seo iad a n‑ainmneacha:... mac Húr in ardáin Eafráim; 9...mac Dheicir i Mácaz, i Seálbaím, i mBéit Seimis, agus in Aiálón go Béit Hánán. 10...mac Heisid in Arubót; leis-sean a ghabh Sócó agus fearann Héifir go léir. 11...mac Aibíonádáb, dúiche Dhór go léir; bhí Táfat iníon Sholaimh aige mar chéile. 12Báná mac Aichíliúd i dTánác agus i Migideo chomh fada le Iocmám, agus Béit Seán go léir laistíos de Izréil, ó Bhéit Seán go hAbael Machólá atá láimh le Zaratán. 13...mac Gheibir i Rámót Gileád; ba leis bailte Iáir mac Mhanaise atá i nGileád; agus ba leis dúiche Argob atá i mBáiseán, trí fichid cathair dhaingean le ballaí agus boltaí práis. 14Aichíneádáb mac Ideo i Machanáím. 15Aichímeáz i Naftáilí; bhí seisean pósta le Básamat iníon Sholaimh. 16Báná mac Húiseá in Áiséar agus i mBeálót. 17Iahóiseáfát mac Pharúach in Íosácár. 18Simeí mac Éalá i mBiniáimin. 19Geibir mac Uirí i dtír Ghileád, tír Shíochon rí na nAmórach agus Óg rí Bháiseán. Ina dteanntasan bhí reachtaire i dtír Iúdá.
20Bhí Iúdá agus Iosrael chomh líonmhar le gaineamh na trá; bhí bia agus deoch acu agus mhaireadar go sásta.

Currently Selected:

1 Ríthe 4: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in