1 Ríthe 21
21
Fíonghort Nábót
1Seo mar a bhí ina dhiaidh sin: Bhí fíonghort ag Nábót ó Izréil láimh le pálás Acháb rí na Samáire. 2Dúirt Acháb le Nábót: “Tabhair dom dʼfhíonghort chun go mbeadh sé agam mar luibhghort, mar tá sé cóngarach do mo theach. Tabharfaidh mé fíonghort níos fearr duit air, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé a luach duit in airgead.” 3Ach dʼfhreagair Nábót Acháb: “Nár lige an Tiarna go dtabharfainn oidhreacht mo shinsear duit!”
4Chuaigh Acháb abhaile agus gruaim agus crá air mar gheall ar fhocail Nábót ó Izréil: “Ní thabharfaidh mé oidhreacht mo shinsear duit.” Luigh sé ar a leaba agus dʼiompaigh a aghaidh ó radharc agus dhiúltaigh sé bia a ithe. 5Tháinig Ízeibil a bhean chéile chuige. “Cén fáth a bhfuil oiread drochmhisnigh ort agus nach n‑íosfá?” ar sise. 6Dúirt sé: “Bhí mé ag caint le Nábót ó Izréil. Arsa mise leis: ‘Tabhair dom dʼfhíonghort ar airgead, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé fíonghort eile duit mar mhalairt air.’ Ach dúirt seisean: ‘Ní thabharfaidh mé mʼfhíonghort duit.’ ” 7Ansin dúirt Ízeibil a bhean: “Is breá an rí ar Iosrael thusa, gan amhras! Éirigh agus ith leat; bíodh misneach ort; gheobhaidh mise féin fíonghort Nábót ó Izréil duit.”
8Scríobh sí litreacha in ainm Acháb, más ea, agus chuir sí a shéala orthu agus chuir sí iad chuig na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí san aon chathair le Nábót. 9Scríobh sí sna litreacha: “Fógraígí troscadh agus cuirigí Nábót chun tosaigh ar an bpobal. 10Cuirigí cúpla scraiste os a choinne a dhéanfaidh é a chúiseamh mar seo: ‘Mhallaigh tú Dia agus an rí.’ Tugaigí amach ansin é agus maraigí le clocha é.”
11Rinne muintir a chathrach, na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí ina chathair, an rud a dʼordaigh Ízeibil dóibh, mar a bhí scríofa sna litreacha a sheol sí chucu. 12Dʼfhógair siad troscadh agus chuir siad Nábót chun tosaigh ar an bpobal. 13Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é. 14Ansin chuireadar teachtaireacht chuig Ízeibil: “Maraíodh Nábót le clocha!” 15Nuair a chuala Ízeibil gur maraíodh Nábót le clocha, dúirt sí le hAcháb: “Éirigh! Glac seilbh ar an bhfíonghort nach dtabharfadh Nábót ó Izréil duit ar airgead mar ní beo do Nábót feasta ach marbh!” 16Nuair a chuala Acháb go raibh Nábót marbh, dʼéirigh sé le dul síos chuig fíonghort Nábot ó Izréil le seilbh a ghlacadh air.
17Tháinig briathar an Tiarna chuig Éilias an Tisbíoch: 18“Éirigh agus imigh leat síos go gcasfar Acháb rí Iosrael ort sa tSamáir. Tiocfaidh tú air i bhfíonghort Nábót; tá sé imithe síos le seilbh a ghlacadh air. 19Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna:
Rinne tú dúnmharú; de bhreis air sin tá forlámhas á dhéanamh agat anois. [Ar an ábhar sin]–agus is é an Tiarna a deir é–san áit inar ligh na madraí fuil Nábót, lífidh siad do chuid folasa chomh maith.’ ”
20Dúirt Acháb le hÉilias: “Tá beirthe amuigh agat orm mar sin, a namhaid.” Dʼfhreagair Éilias: “Sea, tá beirthe agam ort, toisc gur reic tú thú féin, leis an olc i súile an Tiarna a dhéanamh. 21Féach! tabharfaidh mé an t‑olc sa mhullach ort, agus déanfaidh mé scrios iomlán ort. Gearrfaidh mé gach mac máthar dá shliocht daor nó saor chun siúil ó Acháb. 22Tabharfaidh mé an íde chéanna ar do theaghlach agus a thug mé ar theaghlach Iarobám mac Nabát, agus ar theaghlach Bháiseá mac Aichíá, de bhrí gur chuir tú fearg orm agus gur sheol tú Iosrael ar bhóthar an pheaca. 23(Lena chois sin labhair an Tiarna na focail seo in aghaidh Ízeibil: ‘Íosfaidh na madraí Ízeibil i gcríocha Izréil.’) 24An chuid sin de chlann Acháb a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad, agus an chuid a gheobhaidh bás faoin tuath, íosfaidh éanlaith an aeir iad.”
25Ní raibh macasamhail Acháb riamh ann, ar ndóigh, le hé féin a reic chun an t‑olc i súile an Tiarna a dhéanamh, agus é á spreagadh ag Ízeibil a bhean chéile. 26Dʼiompair sé é féin ar bhealach gráiniúil agus lean sé íola, faoi mar a dhéanadh na hAmóraigh a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
27Nuair a chuala Acháb na focail sin, stróic sé a chuid éadaigh agus chuir sacéadach lena chneas agus rinne sé troscadh; chodlaíodh sé sa sacéadach agus shiúladh sé de choiscéim mhall. 28Ansin tháinig briathar an Tiarna go hÉilias an Tisbíoch: 29“Ar thug tú faoi deara mar atá Acháb tar éis é féin a umhlú os mo chomhair? De bhrí gur umhlaigh sé é féin os mo chomhair, ní thabharfaidh mé an tubaiste anuas ina laethanta féin; tabharfaidh mé anuas ar a theaghlach é i laethanta a mhic.”
Currently Selected:
1 Ríthe 21: ABN
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.