YouVersion Logo
Search Icon

1 Eoin 1

1
An Briathar Ionchollaithe
1An ní a bhí ó thús, an ní a chualamar, an ní a chonaiceamar lenár súile féin, an ní ar leagamar súil air agus lámh, mar atá, Briathar na beatha– 2foilsíodh an bheatha agus chonaiceamar-na agus anois tugaimid fianaise agus fógraímid daoibhse an bheatha shíoraí a bhí fara an Athair agus a foilsíodh dúinne. 3Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost. 4Agus scríobhaimid na nithe seo chugaibh le go mba lán ár lúcháir.
Siúltar sa Solas
5Agus seo é an scéala a chualamar uaidh agus a fhógraímid daoibhse: gur solas é Dia, agus gan aon dorchacht ann. 6Má deirimid go bhfuilimid i bpáirt leis agus sinn ag siúl sa dorchacht, déanaimid an bhréag agus ní hí an fhírinne a chleachtaimid. 7Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn. 8Má deirimid nach bhfuil aon pheaca orainn meallaimid sinn féin agus níl an fhírinne ionainn. 9Má admhaímid ár bpeacaí, tá seisean dílis cóir agus maithfidh sé dúinn ár bpeacaí agus glanfaidh sinn ón uile olc. 10Má deirimid nach ndearnamar aon pheaca bréagnaímid é agus níl a fhocal ionainn.

Currently Selected:

1 Eoin 1: ABN

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in