1 Croinicí 9
9
Iarúsailéim
1Áiríodh Iosrael go léir de réir a gcraobha ginealaigh, agus tá siadsan scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá nuair a tugadh iad ar deoraíocht go dtí an Bhablóin de bharr a mídhílse. 2Ba iad an chéad dream a chuir fúthu arís ina dtailte agus ina gcathracha ná na hIosraelaigh, na sagairt, na Léivítigh, agus freastalaithe an Teampaill. 3Bhí cuid de mhuintir Iúdá, Bhiniáimin, Eafráim, agus Mhanaise ina gcónaí in Iarúsailéim: 4Útaí mac Aimíohúd, mac Omraí, mac Imrí, mac Bháiní, de chlann Pheiriz mac Iúdá. 5De na Síolónaigh: Asáiá an chéadghin agus a chlann mhac. 6De chlann mhac Zearach: Iúéil agus a ngaolta: sé chéad nócha. 7De chlann Bhiniáimin: Sallú mac Mhisiulám, mac Hódaiviá, mac Hasanuá, 8Ibniá mac Iarochám, Éalá mac Uizí, mac Mhicrí, Misiulám mac Shafaitiá, mac Reúél, mac Ibníá. 9Bhí naoi gcéad caoga sé dá ngaolta ann, iad áirithe de réir a gcraobha ginealaigh. Ceann fine ab ea gach duine díobhsan ar a mhuintir féin.
10De na sagairt: Iadaiá, Iahóiáraíb, Iáicín, 11Azairiá mac Hilcíá, mac Mhisiulám, mac Zádóc, mac Mharáiót, mac Aichítiúb, reachtaire theach Dé; 12Adáiá mac Iarochám, mac Phaischiúr, mac Mhilcía; Másai mac Aidíél, mac Iachzaerá, mac Mhisiulám, mac Mhisiléimit, mac Iméir. 13Bhí míle seacht gcéad agus a seasca laoch tréan dá ngaolta ann, cinn fine, a ghabh de láimh dualgais Theampall Dé.
14Ar na Léivítigh: Seamaiá mac Haisiúb, mac Aizríceám, mac Haisibiá, de shliocht Mharáraí; 15Bacbacar, Heiris, Gálál, Matainiá mac Mhíceá, mac Zicrí, mac Ásáf; 16Obaidiá mac Sheamaiá, mac Ghálgal, mac Iadútún, agus Beiriciá mac Ásá, mac Ealcáná a chuir fúthu i mbailte na Natófátach.
17Lucht faire an gheata: Sealúm, Acúb, Talmón, Aichímeán, agus a ngaolta. Tá Sealúm an ceannasaí 18ina láthair fós ag geata an rí lastoir. Ba iadsan lucht faire gheataí champaí na Léivíteach. 19Bhí Sealúm mac Chórae, mac Eibiásáf, mac Chorach, agus a ghaolta na Corachaigh, den chlann chéanna, freagrach i seirbhís an liotúirge; ba iad a choimhéadadh tairseacha na Botha faoi mar a choimhéadadh a sinsir campa an Tiarna agus a dʼfhairidís an tslí isteach ann. 20Bhí Píneachás mac Eileázár i gceannas orthu tráth, agus bhí an Tiarna lena ais. 21Bhí Zacairiá mac Mhisilimiá ina gharda ar an ngeata ar an mbealach isteach i mBoth na Teagmhála. 22Daoine tofa ab ea na gardaí geata go léir ag na tairseacha; bhí dhá chéad agus dháréag díobh ann. Áiríodh iad de réir ginealach ina mbailte. Daingníodh iad i mbun a gcúraim ag Dáiví agus Samúéil an fáidh, de bharr a ndílseachta. 23Bhíodar féin agus a gclann mhac i bhfeighil gheataí Theampall an Tiarna, teach na Botha. 24Bhí gardaí na ngeataí ar na ceithre sleasa–thoir, thiar, thuaidh agus theas. 25Thagadh a ngaolta ó na bailte le bheith i bpáirt leo ar feadh seachtaine ó am go ham. 26Mhaireadh na ceithre príomhghardaí féin go seasmhach ann. Ba iadsan na Léivítigh a bhí freagrach i seomraí agus i seoda theach Dé. 27Chaithidís an oíche i dtimpeallacht theach Dé agus é de dhualgas orthu é a fhaire agus a oscailt gach maidin.
28Bhíodh cuid acu i bhfeighil gréithe na seirbhíse; níorbh foláir dóibh iad a chomhaireamh nuair a thógtaí amach iad agus nuair a chuirtí ar ais isteach iad. 29Bhíodh a thuilleadh acu i bhfeighil an troscáin agus na soithí naofa go léir, na mine míne, an fhíona, na hola, na túise, na spíosraí. 30Ba shagairt an mhuintir a dʼullmhaíodh meascán na spíosraí. 31Maititiá, duine de na Léivítigh, céadghin Shealúm, Corachach, leagadh de dhualgas air, de bharr a dhílseachta, na habhlanna, a bhruití san oigheann, a ofráil. 32Bhí sé de dhualgas ar chuid dá ngaolta, Cohátaigh, na builíní a leagan amach ina sraitheanna sabóid ar shabóid.
33Ba iadsan na cantairí, cinn finí na Léivíteach; mhairidís i seomraí an Teampaill nuair nach mbídís ar dualgas, mar bhídís ar dualgas de lá agus dʼoíche.
34Ba iadsan cinn finí na Léivíteach in ord de réir gaoil. Bhí cónaí ar na ceannairí seo in Iarúsailéim.
Sól
35Bhí cónaí i nGibeón ar Aibí Gibeón agus ar Ieíéil; Mácá ab ainm dá bhean seo. 36Abdón a chéadghin, ansin Zúr, Cís, Bál, Néar, Nádáb, 37Gadór, Aichió, Zacairiá, Micleot– 38eisean athair Shimeám. Mhair siadsan freisin taobh lena ngaolta i Iarúsailéim in éineacht lena ngaolta. 39Ghin Néar Cís, ghin Cís Sól, ghin Sól Iónátán, Mailcíosú, Aibíonádáb agus Eisbeál. 40Meirí Bál mac Iónátán. Ghin Meirí Bál Míceá. 41Clann mhac Mhíceá: Píteon, Meilic, Tairéa, [Áchaz]. 42Ghin Áchaz Iará; ghin Iará Álaimit, Azmávat, agus Zimrí. Ghin Zimrí Mózá. 43Ghin Mózá Bineá; Rafáiá a mhac; Eileásá a mhacsan, Ázael a mhacsan. 44Bhí seisear mac ag Ázael darbh ainm: Aizríceám, Bocarú, Ísmeáéil, Seairiá, Obaidiá agus Hánán. Ba chlann mhac le hÁzael iadsan go léir.
Currently Selected:
1 Croinicí 9: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.