1 Croinicí 7
7
Treibheanna an Tuaiscirt
1Clann mhac Íosácár: Tólá, Púvá, Iáisiúb, Siomrón; ceathrar. 2Clann mhac Thólá: Uizí, Rafáiá, Íríéil, Iachmai, Íobsám, Samúéil, cinn finí Thólá. Le linn Dháiví ba é a líon fiche dó míle sé chéad gaiscíoch groí, de réir a gcraobh ghinealaigh. 3Clann mhac Uizí: Iozraichiá. Clann mhac Iozraichiá: Míocáéil, Obaidiá, Ióéil, Ísíá; cúigear taoiseach ar fad; 4bhí acu, de réir gaoil agus fine, líon slua de thríocha sé mhíle, mar bhí a lán ban agus leanaí acu. 5Bhí gaolta acu i measc finí Íosácár go léir, ochtó seacht míle gaiscíoch groí agus iad go léir i gceap na haon chraoibhe.
6Biniáimin: Beala, Beicir, Idíael; triúr. 7Clann mhac Bheala: Eazbón, Uizí, Uizíael, Irímeot agus Írí; cúigear, cinn finí, laochra tréana; áiríodh iad fiche dó míle tríocha ceathair de réir ginealaigh. 8Clann mhac Bheicir: Zimíreá, Ióáis, Eilíeizir, Eilióaenaí, Omraí, Iréamót, Aibíá, Anatót, Álaimit. Ba clann mhac le Beicir iadsan go léir. 9Ba cheap aontaithe de réir gaoil iad, fiche míle dhá chéad fear, cinn a bhfiní, laochra tréana. 10Clann mhac Idíael: Bileán. Clann mhac Bhileán: Ieúis, Biniáimin, Éahúd, Canáná, Zaetán, Tairsís, Aichíosáchar. 11Rinne cinn finí de na mic seo go léir le hIdíael, laochra tréana, seacht míle dhéag dhá chéad fear réidh chun cogaidh. 12Siúipím agus Huipim. Clann mhac Ír: Huisim; a mhacsan Achaer.
13Clann mhac Naftáilí: Iachzael, Gúiní, Iéizir, Sealúm. Ba iadsan clann Bhileá. 14Clann mhac Mhanaise: Aisríael, a rug a leannán Aramach; rug sí Mácaír athair Ghileád. 15Fuair Mácaír bean do Huipim agus Shiuipím. Mácá ab ainm dá dheirfiúr. Ainm an dara duine díobh ab ea Zalofachád. Bhí iníonacha ag Zalofachád. 16Rug Mácá, bean Mhácaír, mac ar ar thug sí Péiris; Seiris ab ainm dá dheartháir. Úlám agus Ráicim a mhic. 17Clann mhac Úlám: Badán. Ba iadsan clann mhac Ghileád mac Mhácaír, mac Mhanaise. 18Rug a dheirfiúr Hamomaileit Íseod, Aibiézir agus Machlá. 19Bhí clann mhac ag Simíodá: Aichián, Seicim, Licí, Ainíám. 20Clann mhac Eafráim: Siútalach, Beirid a mhac, Tachat a mhacsan, Eileádá a mhacsan, Tachat a mhacsan, 21Zábád a mhacsan, Siútelach a mhacsan; Eizir agus Eileád. Mharaigh muintir Ghat [a bhí ag cur fúthu sa tír] iad mar gur thángadar anuas chun foghail a dhéanamh ar a n‑eallach. 22Chaoin Eafráim a n‑athair iad ar feadh mórán laethanta agus tháinig a dheartháireacha chun sólás a thabhairt dó. 23Ansin chuaigh Eafráim chun a mhná agus ghabh sí gin agus rug sí mac, agus thug sí Béiríá (.i. Mí-Ádh) mar ainm air, “mar,” a dúirt sí, “i mo theachsa bíonn mí-ádh ar dhuine.” 24Bhí iníon aige darbh ainm Séará agus is í a thóg Béit Horon Íochtarach agus Uachtarach, agus Uzaen Séará. 25Reafach a mhac; Reisif a mhacsan, Tealach a mhacsan, Tachan a mhacsan, 26Ladán a mhacsan, Aimíohúd a mhacsan, Eiliseámá a mhacsan, 27Nún a mhacsan, Iósua a mhacsan. 28Ba iad a dtailte agus a n‑áitribh: Béitéil agus a bhailte máguaird, Nárán lastoir, Geizir agus a bhailte máguaird laistiar, Seicim agus a bhailte máguaird, Aiá agus a bhailte máguaird. 29Bhí Béit Seán, Tánác, Migideo agus Dór, lena mbailte ar leith máguaird, i lámha chlann mhac Mhanaise. Ansin a mhair clann mhac Iósaef mac Iosrael.
30Clann mhac Áiséar: Imná, Isvá, Isví, Beiríá agus a ndeirfiúr Sarach. 31Clann mhac Bheiríá: Héibir agus Mailcíéil; eisean athair Bhiorzáit. 32Ghin Héibir Iaflaet, Siómaer, Hótám, agus a ndeirfiúr Siúá. 33Clann mhac Iaflaet: Pásac, Bimeál, Aisveát; sin iad clann mhac Iaflaet. 34Clann mhac Sheimir [a dheartháir]: Rogá, Iachubá, Arám. 35Clann mhac Héilim, a dheartháir: Zófach, Imneá, Séilis, agus Ámál. 36Clann mhac Zófach: Súach, Hairneifir, Siúál, Béirí, Imreá, 37Beizir, Hód, Seamá, Silseá, Íotrán agus Béará. 38Clann Ieitir: Iafuna, Pispeá, agus Ará. 39Clann mhac Ulla: Árach, Hainíéil agus Riziá. 40Ba de chlann Áiséar iad sin go léir, cinn finí laochra tofa tréana, ceannairí ar fhlatha. Áiríodh ar an gceap craoibhe seo fiche sé míle fear réidh chun cogaidh.
Currently Selected:
1 Croinicí 7: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.