YouVersion Logo
Search Icon

1 Croinicí 4

4
Treibheanna an Deiscirt
1Clann mhac Iúdá: Bearna, Heazrón, Cairmí, Húr, Seobál. 2Ghin Reáiá mac Sheobál Iachat; ghin Iachat Achúmai agus Lachad. Sin iad finí na Zorátach. 3Seo iad clann mhac Eatám: Izréil, Ismeá, Iodbáis. Hazalalpóiní ab ainm dá ndeirfiúr. 4Ghin Panúéil Gadór; ghin Eizir Húiseá. Iadsan clann mhac Húr, céadghin Eafrátá, athair Bhéitlihim.
5Bhí beirt bhan ag Aischiúr, athair Theacóá, Healá agus Nárá. 6Rug Nárá dó: Achuzám, Héifir, na Timnigh agus na hAchaisteáraigh. Iadsan clann mhac Nárá. 7Clann mhac Healá: Zeirit, Zochar, Eatnán. 8Ghin Cóz Anúb, Hazobaebá, agus finí Acharchael mac Hárum. 9Thuill Iabaez onóir thar a dheartháireacha, agus thug a mháthair Iabaez air, “mar,” ar sí, “thug mé ar an saol é in anacair.” 10Ghlaoigh Iabaez ar Dhia Iosrael á rá: “Má chuireann tú do bheannacht orm dáiríre, cuirfidh tú breis le mo chríocha, beidh do lámh le mʼais, déanfaidh tú mé a chumhdach ón olc agus beidh deireadh le mo bhroid.” Dheonaigh Dia dó gach ar iarr sé.
11Ghin Calúb, deartháir Shiúchá, Meichír. Ghin seisean Eisteon. 12Ghin Eisteon Béatráfá, Pásaech, agus Titineá athair Iornácháis. Sin iad fir Reacá. 13Clann mhac Chanaz: Oitníéil agus Saráiá. Clann mhac Oitníéil: Hatat agus Meonotai. 14Ghin Meonatai Ofrá agus ghin Saráiá Ióáb, athair Ghaeharáisím, agus ba cheardaithe iadsan. 15Clann mhac Chálaeb mac Iafuna: Írú, Éalá, Nám; clann mhac Éalá: Canaz. 16Clann mhac Iahallalael: Zíf, Zífeá, Tíriá, Asarael. 17Clann mhac Eazrá: Ieitir, Meirid, Éifir, Iálón. Ansin rug [a bhean] Miriám, Seamaí, agus Isbeach, athair Eistimeoa. 18Rug a bhean Iúdách Ieirid athair Ghador, Heibir athair Shócó, agus Iacúitíéil athair Zánóa. Sin iad clann mhac Bhitiá, iníon Fhorainn a phós Meirid. 19Clann mhac bhean Hóidíá, deirfiúr Nacham: athair Cheíleá an Garmach agus Eistimeoa an Mácátach. 20Clann mhac Shimeon: Amnón Rinneá, Bein Hánán, Tíleón. Clann mhac Isí: Zóchaet agus Bein Zóchaet.
21Clann mhac Shéileá mac Iúdá: Éar athair Laecá, Ladá athair Mháiréiseá, finí lucht déanta línéadaigh ag Béit Aisbéa, 22Iócaím, muintir Chozaebá; Ióáis agus Sárof a chuaigh go Móáb le mná a fháil [roimh filleadh go Béitlihim]. (Sin mar a bhí fadó.) 23Ba chriadóirí iadsan agus mhaireadar i Natáím agus i nGadaerá. Dʼfhan siad leis an rí ansiúd ag obair ina cheardlann.
24Clann mhac Shimeon: Namúéil, Iáimín, Iáraíb, Zearach, Seáúl; 25Sealúm a mhac; Miobsám a mhacsan; Mismeá a mhacsan. 26Clann mhac Mhismeá: Hamúéil a mhac; Zacúr a mhacsan; Simeí a mhacsan. 27Bhí sé mhac déag ag Simeí agus seisear iníon ach ní raibh a lán clainne ag a dheartháireacha, agus níor mhéadaigh líon a bhfiní mar a tharla do mhic Iúdá. 28Chuireadar fúthu i mBéar Seaba, Móládá, Hazar Siúál, 29Bilheá, Eizim, Tólád, 30Batúéil, Hormá, Zicleag, 31Béit Marcábót, Hazar, Súsaím, Béit Birí, Seáraím. Ba iadsan a gcathracha go dtí réimeas Dháiví. 32Ba iad seo a sráidbhailte: Éatám, Aín, Rimeon, Toicin, Áiseán, cúig bailte, 33leis na sráidbhailte go léir timpeall na mbailte sin chomh fada le Bál. Ba iadsan a n‑áiteanna lonnaithe, agus dáileadh iad de réir a bhfiní ar leith sa seanchas.
34Meiseóbáb, Iamlaec, Ióiseá mac Amaiziá, 35Ióéil, Iéahú mac Ióisibiá, mac Shearáiá, mac Asíél, 36Eiliónaenaí, Iácobá, Íseocháiá, Asáiá, Aidíéil, Íosaímiéil, Banáiá, 37Zízeá mac Shifí, mac Allón, mac Iadáiá, mac Shimrí, mac Sheamaiá. 38Tháinig na fir a ainmníodh ansin lena gclann agus lena muintir, chuadar i líonmhaire agus leathadar amach. 39Ag lorg féaraigh dá dtréada bhogadar leo ó bhealach [Ghearár] go hoirthear an ghleanna; 40fuair siad féarach breá méith ansiúd; bhí fairsinge ann, é socair síochánta. Bhí sliocht Hám ina gcónaí ann rompu. 41Tháinig [na Simeonaigh] ansiúd, agus iad cláraithe ó ainm, i réimeas Hiziciá, rí Iúdá. Scriosadar a mbothanna agus na háitribh a fuaireadar rompu. Chuir siad iad faoi bhang atá i bhfeidhm fós inniu agus chuir siad fúthu ina n‑áit mar go raibh féarach ann dá dtréada.
42Cuid acu, cúig céad fear de shliocht Shimeon, shroich siad Sliabh Shaeír; Palatiá, Neairiá, Rafáiá, agus Uizíéil, clann mhac Isí, a bhí i gceannas orthu. 43Bhriseadar ar a raibh fágtha dʼfhuíoll áir na nAmailéiceach agus tá siad ina gcónaí ann go dtí inniu féin.

Currently Selected:

1 Croinicí 4: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in