YouVersion Logo
Search Icon

1 Croinicí 3

3
Teaghlach Dháiví
1Seo iad clann mhac Dháiví a rugadh dó i Heabrón: an chéadghin Amnon ó Aichíonam as Izréil; an dara mac Dáníéil ó Aibiogáil ó Chairmeil. 2An tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Talmai rí Ghisiúr; an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít; 3an cúigiú mac Safaitiá mac Aibíteál; an séú mac Itreám óna bhean Eaglá. 4Rugadh seisear dó dá bhrí sin i Heabrón mar a raibh sé i réim seacht mbliana agus sé mhí. Bhí sé tríocha trí bliana i réim in Iarúsailéim.
5Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin; 6Ibcheár, Eiliseámá, Eilífilit, 7Noga, Neifig, Iáifia, 8Eilíseámá, Eiliádá, Eilífilit; naonúr. 9Sin iad clann mhac uile Dháiví, seachas clann mhac na leannán. Deirfiúr dóibh ab ea Támár.
10Sliocht Sholaimh: Rachabám, Aibíá a mhac, Ásá a mhacsan, Iahóiseáfát a mhacsan, 11Iórám a mhacsan, Achaizíá a mhacsan, Ióáis a mhacsan, 12Amaiziá a mhacsan, Azairiá a mhacsan, Iótám a mhacsan, 13Áchaz a mhacsan, Hiziciá a mhacsan, Manaise a mhacsan, 14Ámón a mhacsan, Ióisíá a mhacsan. 15Clann mhac Ióisíá: Ióchánán an chéadghin, Iahóiácaím an dara mac, Zidicíá an tríú mac, Sealúm an ceathrú mac. 16Clann mhac Iahóiácaím: Iacoiniá a mhac, Zidicíá a mhacsan.
17Clann Iacoiniá an cime: Seailtíéil a mhac; 18Mailcíreám, Padáiá, Seanazar, Iacaimiá, Hóiseámá, Nadaibiá. 19Clann mhac Phadáiá: Zarubáibil, Simeí. Clann mhac Zarubáibil: Misiulám agus Hanainiá; deirfiúr dóibh Sealoimít. 20[Clann mhac Mhisiulám] Haisiubá, Óihil, Biriciá, Hasaidiá, Iúiseab Heisid; cúigear. 21Clann mhac Hanainiá; Palaitiá, Íseáia a mhacsan; Rafáiá a mhacsan, Arnán a mhacsan, Obaidiá a mhacsan, Seacainiá a mhacsan. 22Clann mhac Sheacainiá: Seamaiá. Clann mhac Sheamaiá: Hatúis, Igeal, Báiriá, Nairiá, Seáfát; seisear. 23Clann mhac Nairiá; Eilióaenai, Hizcía, Aizríocám; triúr. 24Clann mhac Eilióaenai: Hódaiviá, Eiliáisíb, Paláiá, Acúl, Ióchánán, Daláiá, Anáiní, seachtar.

Currently Selected:

1 Croinicí 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy