YouVersion Logo
Search Icon

1 Croinicí 2

2
Iúdá
1Seo iad clann mhac Iosrael: Reúbaen, Simeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Zabúlun, 2Dán, Iósaef, Biniáimin, Naftáilí, Gád, Áiséar. 3Clann mhac Iúdá: Éar, Ónán, Séalá. Rug Bat Seúa an Canánach mná iadsan dó. Chuir Éar céadghin Iúdá fearg ar an Tiarna agus mharaigh an Tiarna é. 4Rug bean a mhic Támár, Bearna agus Zearach dó. Bhí cúigear mac ar fad ag Iúdá. 5Clann mhac Bhearnan: Heazrón agus Hámúl. 6Clann mhac Zearach: Zimrí, Éatán, Héamán, Calcol, Dára; cúigear ar fad. 7Clann mhac Cairmí: Ácár, a thug tubaiste sa mhullach ar Iosrael de bharr an bang a aithisiú. 8Clann Éatán: Azairiá.
9Clann mhac Heazrón: saolaíodh dó: Iarachmael, Rám, Calúbaí. 10Ghin Rám Amaíneádáb, athair Nachsón, taoiseach chlann Iúdá. 11Ghin Nachsón Salmá, ghin Salmá Boaz. 12Ghin Boaz Obaed, ghin Obaed Ieise. 13Ghin Ieise Eilíáb, a chéadghin, Aibíonádáb a dhara mac, Simeá a thríú mac, 14Natanael a cheathrú mac, Radaí a chúigiú mac, 15Ozam a shéú mac, Dáiví a sheachtú mac. 16Ba iad a ndeirfiúracha Zarúá agus Aibiogáil. Ba iad clann mhac Zarúá: Aibísí, Ióáb, Asáhael, triúr. 17Rug Aibiogáil Amásá; Ieitir an tÍsmeáélach athair Amásá.
18Ghin Cálaeb mac Heazrón Azúbá, Íseá agus Iríót. Clann mhac [Azúbá]: Iéisir, Seobáb, Ardón. 19Nuair a d'éag Azúbá, phós Cálaeb Eafrát a rug mac dó, Húr. 20Ghin Húr Úirí agus ghin Úirí Bazalael. 21Ansin phós Heazrón iníon Mhácaír, athair Ghileád; bhí sé trí fichid bliain nuair a phós sé í, agus ghin sí Sagúb. 22Ghin Sagúb Iáír a bhí i gceannas ar thrí chathair agus fiche i ndúiche Ghileád. 23Ghabh Gisiúr agus Arám, Havat Iáír, Canát agus a shráidbhailte, trí fichid baile uathu. [Bhain seo uile le] Mácaír athair Ghileád. 24Tar éis bháis Heazrón phós Cálaeb Eafratá, bean Heazrón a athair, agus rug sí dó Aischiúr athair Theacóá.
25Bhí clann mhac ag Iarachmael an mac ba shine ag Heasrón: Rám a chéadghin, Búná, Oirin, Oizim, Aichía. 26Bhí bean eile, Atárá, ag Iarachmael. Ise máthair Ónám. 27Clann mhac Rám céadghin Iarachmael: Máz, Iáimín, Éicir. 28Clann mhac Ónám: Seamaí, Iádá. Clann mhac Sheamaí: Nádáb, Aibísiúr. 29Aibícháil ab ainm do bhean Aibísiúr. Rug sí dó Achbán agus Móilíd. 30Clann mhac Nádáb: Sailid, Apáím. D'éag Sailid gan oidhre. 31Clann mhac Apáím: Ísí. Clann mhac Ísí: Séiseán. Clann mhac Shéiseán: Achlaí. 32Clann mhac Iádá, deartháir Sheamaí: Ieitir, Iónátán. D'éag Ieitir gan oidhre. 33Clann mhac Iónátán: Peilit agus Zázá. Ba iadsan clann mhac Iarachmael.
34Ní raibh aon chlann mhac ag Séiseán ach iníonacha. Bhí daor Éigipteach aige darbh ainm Iarchá. 35Thug Séiseán a iníon mar bhean do Iarchá a dhaor. Rug sí Ataí dó. 36Ghin Ataí Nátán. Ghin Nátán Zábád. 37Ghin Zábád Eaflál; ghin Eaflál Obaed. 38Ghin Obaed Iéahú. Ghin Iéahú Azairiá. 39Ghin Azairiá Heiliz. Ghin Heiliz Eileasá. 40Ghin Eileásá Sasmái. Ghin Sasmái Sealúm. 41Ghin Sealúm Iacaemiá. Ghin Iacaemiá Eliseámá.
42Clann mhac Chálaeb deartháir Iarachmael: Máiréiseá a chéadghin, athair Zíf. Clann mhac Mháiréiseá: Heabrón. 43Clann mhac Heabrón: Córach, Tapuach, Reicim, Seáma. 44Ghin Seáma Racham, athair Iorcám. Ghin Reicim Seamái. 45Ba é Máón mac Sheamái. Ghin Máón Béit Zúr. 46Rug Éafá, leannan Chálaeb, Hárán, Mózá, Gázaez. Ghin Hárán Gázaez. 47Clann mhac Iádái: Reigim, Iótám, Géiseán, Peilit, Éafá, Seáf. 48Rug Mácá, leannán Chálaeb, Seibir agus Tircheaná. 49Rug sí freisin Seáf athair Mhadmanná, agus Seavá, athair Mhacbaená agus athair Ghibeá; 50Acsá iníon Chálaeb. Iadsan clann mhac Chálaeb.
Clann mhac Húr, céadghin Eafrátá: Seobál athair Chiriat Iáraím, 51Salmá athair Bhéitlihim, Háraef, athair Bhéit Gádaer. 52Bhí clann mhac eile ar Sheobál athair Chiriat Iáraím: Haroe, leath Mhanuchót, 53agus finí Chiriat Iáraím: Itrígh, Púitigh, Siumátaigh, agus Miosráigh. A sliochtsan na Zorátaigh agus na hEisteaólaigh. 54Clann mhac Shalmá: Béitlihim, Natófátaigh, Atrót, Béit Ióáb, leath na Mánachatach, na Zoraigh, 55clann na scríobhaithe a bhí ag cur fúthu i Iabaez, na Tiorátaigh, Simeátaigh, Súcátaigh. Sin iad na Ceinigh a tháinig ó Hamat; a sliochtsan teaghlach Réacáb.

Currently Selected:

1 Croinicí 2: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy