YouVersion Logo
Search Icon

1 Croinicí 25

25
Na Cantairí
1Dáiví, agus na feidhmeannaigh shinsearacha, chuir siad ar leithligh: clann mhac Ásáf agus Haemán agus Iadútún, fáithe a chanadh le tionlacan ó chruit ó chláirseach agus ó chiombal, agus rinneadh liosta díobh siúd a raibh na dualgais sin le comhlíonadh acu. 2De chlann Ásáf: Zacúr, Iósaef, Natainiá, Aisearaelá. Bhí clann Ásáf faoi threoir Ásáf, a rinne fáidheoireacht faoi threoir an rí. 3De Iadútún: clann mhac Iadútún: Gadailiá, Zeirí, Íseáia, [Simeí], Haisaibiá, Maititiá; bhí seisear díobh faoi threoir Iadútún, a n‑athair, a rinne fáidheoireacht le tionlacan na cruite ag moladh agus ag móradh an Tiarna. 4De Haemán: clann mhac Haemán: Buicíá, Matainiá, Uizíéil, Seabúéil, Iaraemót, Hanainiá, Hanáiní, Eilíátá, Giodailtí, Romaimtí Eizir, Iosbacáiseá, Malóití, Hóitír, Machaizíót. 5Clann mhac Haemán an fáidh iadsan go léir. Ba iad a shéideadh an stoc mar thionlacan le briathra Dé. Bhronn Dia ceathrar mac déag agus triúr iníon ar Haemán. 6Chanaidís go léir i dTeampall an Tiarna faoi threoir a n‑athar, le tionlacan an chiombail, na cruite, na cláirsí, i gcomhair an liotúirge i dteach an Tiarna faoi threoir an rí. Maidir le hÁsáf, Iadútún agus Haemán, 7an méid díobh a bhí oilte le canadh don Tiarna, cláraíodh iad lena ngaolta; ba é líon na ndaoine a cláraíodh ná dhá chéad agus ochtó a hocht. 8Cuireadh a dtéarmaí dualgais ar cranna dóibh go léir, idir shóisear agus shinsear, idir mháistir agus dhalta. 9Ba é an chéad duine ar ar thit an crann an tÁsáfach, Iósaef; an dara duine, Gadailiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 10An tríú duine, Zacúr. 11An ceathrú duine, Ízrí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 12An cúigiú duine, Natainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 13An séú duine, Buicíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 14An seachtú duine, Aisearaelá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 15An t‑ochtú duine, Íseáia, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 16An naoú duine, Matainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 17An deichiú duine, Simeí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 18An t‑aonú duine déag, Azarael, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 19An dara duine déag, Haisaibíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 20An tríú duine déag, Seabúéil, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 21An ceathrú duine déag, Maititiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 22An cúigiú duine déag, Iaraemót, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 23An séú duine déag, Hanainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 24An seachtú duine déag, Iosbacáiseá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 25An t‑ochtú duine déag, Hanáiní, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 26An naoú duine déag, Malóití, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 27An fichiú duine, Eilíátá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 28An t‑aonú duine fichead, Hóitír, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 29An dara duine fichead, Giodailtí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 30An tríú duine fichead, Machaizíót, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad. 31An ceathrú duine fichead, Romaimtí Eizir, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

Currently Selected:

1 Croinicí 25: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in