1 Croinicí 24
24
1Seo iad na ranna atá ar chlann mhac Árón: Clann mhac Árón: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár. 2Dʼéag Nádáb agus Aibíchiú roimh a n‑athair, gan clann a fhágáil, i dtreo go ndearnadh sagairt de Eileázár agus dʼÍteámár. 3Rinne Dáiví iad a eagrú ina ranna de réir a ndualgais seirbhíse le cabhair Zádóc, mac le hEileázár, agus Aichímeilic mac le hÍteámár. 4Bhí níos mó ceannairí ar chlann mhac Eileázár ná ar chlann mhac Íteámár; rinneadh dá réir sin sé roinn déag de chinn finí chlann Eileázár agus ocht gcinn díobh siúd de chlann Íteámár. 5Rinneadar an dá dhream acu a eagrú ar cranna mar bhí feidhmeannaigh choisricthe, feidhmeannaigh le Dia, ar chlann Eileázár agus ar chlann Íteámár chomh maith. 6Rinne duine de na Léivítigh, an scríobhaí Seamaiá mac Natanael, iad a scríobh síos i láthair an rí agus a mhaithe, agus Zádóc an sagart agus Aichímeilic mac Aibíátár agus chinn finí na sagart agus na Léivíteach. Cuireadh gach fine de chlann mhac Eileázár agus de chlann mhac Íteámár ar cranna ar a n‑uair.
7Thit an chéad chrann ar Iahóiáraíb, an dara ceann ar Iadaiá, 8an tríú ceann ar Háirim, an ceathrú ceann ar Shoirím, 9an cúigiú ceann ar Mhailciá, an séú ceann ar Mhíáimin, 10an seachtú ceann ar Hacóz, an t‑ochtú ceann ar Aibíá, 11an naoú ceann ar Iéisiúa, an deichiú ceann ar Shacainiá, 12an t‑aonú ceann déag ar ar Eiliáisíb, an dara ceann déag ar Iácaím, 13an tríú ceann déag ar Húpá, an ceathrú ceann déag ar Ís Bál, 14an cúigiú ceann déag ar Bhilgeá, an séú ceann déag ar Iméar, 15an seachtú ceann déag ar Héizír, an t‑ochtú ceann déag ar Haipizéar, 16an naoú ceann déag ar Phataichiá, an fichiú ceann ar Ichizcéil, 17an t‑aonú ceann fichead ar Iáicín, an dara ceann fichead ar Ghámúl, 18an tríú ceann fichead ar Dhaláiá, an ceathrú ceann fichead ar Mháiziá. 19Ba iadsan na fir, mar a cláraíodh iad de réir a ndualgas ar leith, a raibh sé de chúram orthu dul isteach i dTeampall an Tiarna de réir mar a shocraigh Árón, a sinsear, dóibh, faoi mar a dʼordaigh an Tiarna Dia Iosrael dó.
20Maidir leis an gcuid eile de chlann Léiví: de chlann Amrám, Siúbáéil; de chlann Shiúbáéil, Iadaiá. 21De Rachaibiá, de chlann mhac Rachaibiá: Isíá an sinsear. 22De na hIzeáraigh: Sealómót; de chlann mhac Shealómót, Iáchat. 23De chlann Heabrón, Iríá an sinsear, Amairiá, an dara duine, Iachaizíéil an tríú duine, Iacamám an ceathrú duine. 24Clann mhac Uizíéil, Míceá. Clann mhac Mhíceá, Seámair. 25Deartháir Mhíceá, Ísía. De chlann Ísía, Zacairiá. 26De chlann Mharáraí, Mailí agus Múisí. De chlann Iáizíá, Banó. 27Clann mhac Mharáraí: Iáizíá, Banó, Seoham, Zacúr agus Ibrí. 28De Mhailí, Eileázár a bhí gan mhac. 29De Chís, clann mhac Chís: Iarachmael. 30Clann Mhúisí: Mailí, Éidir agus Iaraemót.
Ba iadsan clann Léiví de réir a bhfiní. 31Dála a ngaolta, clann Árón, cuireadh na finí seo, idir shinsear agus shóisear, ar cranna i láthair an rí Dáiví: Zádóc, Aichímeilic agus cinn finí na sagart agus na Léivíteach.
Currently Selected:
1 Croinicí 24: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: