1 Croinicí 23
23
Eagar na Léivíteach
1Nuair a bhí Dáiví ina laethe lána liatha, cheap sé Solamh a mhac ina rí ar Iosrael. 2Chruinnigh sé taoisigh Iosrael go léir le chéile, agus na sagairt agus na Léivítigh. 3Áiríodh na Léivítigh go léir a bhí tríocha bliain dʼaois nó níos mó agus ba é a líon ná tríocha hocht míle fear. 4Bhí ceithre mhíle fichead díobhsan i bhfeighil sheirbhís theach an Tiarna; ba scríobhaithe agus breithiúna sé mhíle díobh; 5bhí ceithre mhíle díobh i bhfeighil na ngeataí, agus ceithre mhíle díobh ag moladh an Tiarna leis na gléasanna ceoil a chuir [Dáiví] á ndéanamh chuige sin. 6Ansin roinn Dáiví iad ina ranganna de réir chlann Léiví: Géirseon, Cohát, Maráraí. 7Clann mhac Géirseon: Ladán agus Simeí. 8Clann Ladán: Ichíéil sa chéad áit, Zeatám agus Ióéil: triúr ar fad. 9Clann mhac Shimeí: Sealmót, Haizíéil agus Hárán: triúr. Ba iad sin cinn finí Ladán. 10Clann mhac Shimeí: Iachat, Zíneá, Ieúis, Beiríá; ba iadsan clann mhac Shimeí, ceathrar ar fad. 11Ba é Iachat an sinsear, Zízeá an dara duine; ansin de bhrí nach raibh clann mhac mhór ag Ieúis agus ag Beiriá, áiríodh iadsan mar aon fhine amháin.
12Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón agus Uizíéil: ceathrar. 13Clann mhac Amrám: Árón agus Maois. Cuireadh Árón ar leithligh leis na nithe rónaofa a choisreacan–é féin agus a chlann mhac go brách–le túis a dhó i láthair an Tiarna, seirbhís a dhéanamh dó, agus beannacht a thabhairt ina ainm go brách. 14Áiríodh clann Mhaois, giolla Dé, ar threibh Léiví. 15Clann mhac Mhaois: Géirseom agus Eilíeizir. 16Clann mhac Ghéirseom: Seabúéil an sinsear. 17Clann mhac Eilíeizir: Rachaibiá an sinsear; ní raibh aon mhac eile ag Eilíeizir, ach bhí clann mhór ar Rachaibiá. 18Clann mhac Izeár: Sealoimít an sinsear. 19Clann mhac Heabrón: Iríá an sinsear, Amairiá an dara mac, Iachaizíéil an tríú mac, agus Iacamám an ceathrú mac. 20Clann mhac Uizíéil: Míceá an sinsear agus Isíá an dara mac.
21Clann mhac Mharáraí: Mailí agus Múisí. Clann mhac Mhailí: Eileázár agus Cís. 22Dʼéag Eileázár gan oidhre mic, ach iníonacha, agus phós a ngaolta clann mhac Chís iadsan. 23Clann mhac Mhúisí: Mailí, Éidir agus Iaraemót: triúr acu. 24Ba iadsan clann Léiví de réir a bhfiní, cinn a bhfiní, mar a ríomhadh iad ó ainm ina nduine agus ina nduine; aon duine a bhí fiche bliain dʼaois nó breis, bhí dualgas air i mbun seirbhís Theampall an Tiarna.
25Óir dúirt Dáiví: “Thug an Tiarna Dia Iosrael síocháin dá phobal agus tá sé ag cur faoi in Iarúsailéim go brách. 26Níl sé de cheangal ar na Léivítigh an taibearnacal ná aon ní a ghabhann le freastal air a iompar a thuilleadh.”– 27Óir na Léivítigh a áiríodh, de réir focail deiridh Dháiví, bhí siad fiche bliain agus ós a chionn– 28“Sé an dualgas atá orthu ná cabhrú le clann Árón i mbun seirbhís Theampall an Tiarna, agus a bheith i bhfeighil na gcúirteanna agus na seomraí, agus gach ní naofa a ghlanadh; sé a ndualgas freastal ar Theampall an Tiarna. 29Tá sé mar chúram orthu freisin lámh chúnta a thabhairt le harán an taispeántais, leis an bplúr don ofráil arbhair, leis na habhlanna aráin gan ghabháile, leis an arán bruite ar an ngrideall agus leis an arán lena bhfuil ola measctha, agus le cúrsaí tomhais agus meáchana de gach sórt. 30Ní mór dóibh a bheith i láthair gach maidin, agus tráthnóna chomh maith, ag moladh agus ag móradh an Tiarna, 31agus nuair a bhíonn ofrálacha loiscthe á n‑ofráil don Tiarna ar an tsabóid, ar an ré nua, nó ar shollúntas–líon áirithe díobh is é sin de réir mar a shocródh an riail. Dualgas seasmhach orthu é sin i láthair an Tiarna. 32I bhfeighil Theampall an Tiarna dóibh, leanaidís gnásanna Bhoth na Teagmhála, gnásanna an tsanctóra agus gnásanna a ngaolta, clann Árón.”
Currently Selected:
1 Croinicí 23: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.