YouVersion Logo
Search Icon

1 Croinicí 21

21
Daonáireamh
1Dʼéirigh Sátan ina sheasamh in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví le daonáireamh a dhéanamh ar Iosrael. 2Dúirt Dáiví dá bhrí sin le Ióáb agus le hoifigigh shinsearacha an airm: “Imígí libh agus déanaigí daonáireamh ar Iosrael, ó Bhéit Seaba go Dán, agus tugaigí cuntas chugam i dtreo gurbh eol dom an líon iomlán.” 3Dúirt Ióáb: “Go gcuire an Tiarna an rath faoi chéad ar do phobal! Nach seirbhísigh le mo thiarna iad go léir, a thiarna, mo rí? Cén fáth a ndéanfadh mo thiarna an fiosrú seo? Cén fáth a dtabharfaí ciontacht ar Iosrael?” 4Ach chuir an rí an t‑ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus dʼimigh Ióáb leis agus ghabh trí Iosrael go léir agus ansin dʼfhill ar Iarúsailéim. 5Thug Ióáb figiúir an daonáirimh do Dháiví: in Iosrael go léir bhí milliún agus céad míle fear tarraingthe claímh, agus in Iúdá ceithre chéad seachtó míle fear tarraingthe claímh. 6Ba ghráin le Ióáb ordú an rí chomh mór sin nach ndearna sé aon áireamh ar Léiví ná ar Bhiniáimin.
Plá
7Ach bhí Dia míshásta leis an iompar seo agus bhuail sé Iosrael. 8Ansin dúirt Dáiví le Dia: “Pheacaigh mé go trom á dhéanamh seo. Ach anois, impím ort an choir seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Bhí mé an-amaideach.” 9Ansin labhair an Tiarna le Gád, fear feasa Dháiví á rá: 10“Imigh agus abair le Dáiví: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Tairgim trí rud duit; bíodh do rogha agat astu agus déanfaidh mé duit é.’ ” 11Chuaigh Gád dá bhrí sin go Dáiví agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Bíodh do rogha agat: 12trí bliana de ghorta, nó trí mhí de scrios faoi lámha do naimhde agus claíomh do namhad á ropadh ionat, nó trí lá faoi chlaíomh an Tiarna agus plá sa tír ar feadh trí lá agus aingeal an Tiarna ag déanamh léirscrios ar chríocha Iosrael go léir.’ Socraigh anois cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.” 13Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitfinn i lámha an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, ná i lámha daoine.”
14Chuir an Tiarna plá ar Iosrael, agus fuair seachtó míle dʼfhir Iosrael bás. 15Ansin chuir an Tiarna an t‑aingeal go Iarúsailéim lena scrios, ach nuair a bhí sé ar tí í a scrios, dʼfhéach an Tiarna agus tháinig ar mhalairt aigne faoin olc seo, agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh anois!” Bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh ag urlár buailte Ornán an Iabúsach. 16Dʼardaigh Dáiví a shúile agus chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh idir neamh agus talamh, agus claíomh nocht ina láimh aige sínte amach i dtreo Iarúsailéim. Ansin Dáiví agus na seanóirí, agus iad gléasta in éadach róin, thit siad ar a mbéal agus ar a bhfiacla. 17Dúirt Dáiví le Dia: “Nach mise a thug an t‑ordú an pobal a áireamh? Mise a pheacaigh; is mise a rinne an drochrud seo. Ach na daoine seo, an tréad seo, cad tá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa, a Thiarna mo Dhia, agus ar mo chlann; ach téadh do phobal slán ón bplá.”
Altóir á Tógáil
18Dúirt aingeal an Tiarna ansin le Gád: “Ní foláir do Dháiví dul suas agus altóir a thógáil don Tiarna ar urlár buailte Ornán an Iabúsach.” 19Ghabh Dáiví suas dá bhrí sin de réir bhriathar Ghád, an briathar a labhair sé in ainm an Tiarna. 20Bhí Ornán ag bualadh cruithneachta, agus chas sé ar a sháil agus chonaic an t‑aingeal agus chuaigh sé i bhfolach, é féin agus a cheathrar mac a bhí in éineacht leis. 21Nuair a bhí Dáiví ag teacht chuige, dʼfhéach Ornán síos agus chonaic Dáiví; dʼfhág sé an t‑urlár buailte, agus thug sé ómós do Dháiví agus a cheann crom chun talún. 22Ansin dúirt Dáiví le hOrnán: “Tabhair dom láthair an urláir bhuailte le haltóir a thógáil ann don Tiarna–tabhair dom é ar a luach iomlán–i dtreo go gcasfaí an phlá ar shiúl ón bpobal.” 23Ansin dúirt Ornán le Dáiví: “Tóg é, agus déanadh mo thiarna, an rí, mar is áil leis. Seo duit na daimh don íobairt uileloiscthe, na súistí mar adhmad, agus an chruithneacht mar abhlann. Bídís go léir agat.” 24Ach dúirt Dáiví rí le hOrnán: “Ní dhéanfaidh mé amhlaidh ach ceannóidh mé uait é ar a lánluach. Ní thógfaidh mé don Tiarna an rud is leatsa; ní ofrálfaidh mé íobairtí uileloiscthe nár chosain aon ní orm.” 25Thug Dáiví dá bhrí sin sé chéad seicil óir meáite dʼOrnán ar an láthair.
26Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus dʼofráil íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ghlaoigh sé ar an Tiarna agus dʼfhreagair an Tiarna é le tine ó neamh ar altóir an uileloiscthe, 27agus thug sé ordú don aingeal agus chuir sé a chlaíomh ina thruaill. 28Nuair a chonaic sé gur fhreagair an Tiarna é ar urlár buailte Ornán an Iabúsach, dʼofráil Dáiví íobairt dó ansiúd. 29Taibearnacal an Tiarna a rinne Maois san fhásach, agus altóir an uileloiscthe, bhíodar an uair sin san ardionad i nGibeón. 30Ach ní raibh sé ar a chumas ag Dáiví dul isteach i láthair Dé ansiúd le dul i gcomhairle leis, le barr eagla roimh chlaíomh aingeal an Tiarna.

Currently Selected:

1 Croinicí 21: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in