1 Croinicí 19
19
Bearta a Oifigeach
1Fuair Nácháis rí na nAmónach bás ina dhiaidh sin agus tháinig a mhac i gcoróin ina áit. 2Dúirt Dáiví leis féin: “Beidh mé chomh cineálta céanna le Hánún mac Nácháis agus a bhí a athair liomsa.” Chuir Dáiví seirbhísigh chuige le teachtaireacht chomhbhróin faoi bhás a athar. Ach nuair a tháinig seirbhísigh Dháiví go Hánún i dtír na nAmónach lena dteachtaireacht chomhbhróin, 3dúirt ceannairí na nAmónach le Hánún: “An dóigh leat gur dʼfhonn onóir a thabhairt do dʼathair atá teachtairí comhbhróin á gcur ag Dáiví chugat? A mhalairt, nach bhfuil a sheirbhísigh curtha ag Dáiví chugat chun an chathair a bhrath, a scrios, agus a spíonadh?” 4Ghabh Hánún seirbhísigh Dháiví dá bhrí sin, bhearr an fhéasóg de gach duine díobh, ghearr a gcuid éadaigh díobh leath slí suas chun a más, agus chuir chun siúil iad, 5agus dʼimigh siad leo. Nuair a insíodh do Dháiví faoinar tharla do na fir, chuir sé teachtaire ina gcoinne, mar go raibh náire shaolta ar na fir: “Fanaigí i Ireachó,” arsan rí, “go bhfása bhur bhféasóg arís agus tagaigí ar ais ansin.”
6Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin ginte ag Dáiví dóibh, sheoladar míle tallann airgid le carbaid agus carbadóirí a fhostú ó Aramaeigh na Measpatáime Uachtaraí, Mácá agus Zóbá. 7Dʼfhostaigh siad tríocha dó míle carbad, agus rí Mhácá agus a chuid fear, agus tháinig siadsan agus shuigh siad a longfort os comhair Mhaedabá; maidir leis na hAmónaigh, chruinníodar le chéile as a gcathracha agus ghluaiseadar ar aghaidh chun catha. 8Nuair a chuala Dáiví é sin sheol sé amach Ióáb leis na saighdiúirí singil agus leis na curaidh. 9Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag an mbealach isteach sa chathair, ach dʼfhan na ríthe a tháinig ó chéin leo féin sa mhachaire. 10Nuair a chonaic Ióáb go raibh an cath le cur ar a bhéala agus ar a chúla le chéile, roghnaigh sé cuid de thogha na nIosraelach agus chóirigh iad in aghaidh na nAramaech. 11Chuir sé an chuid eile den arm faoi cheannas a dhearthár Aibísí agus cóiríodh iad in aghaidh na nAmónach. 12“Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, tarsa i gcabhair orm,” ar sé, “ach má bhíonn na hAmónaigh róthréan duitse, rachaidh mise i gcabhair ortsa. 13Bíodh misneach agat agus seasaimis an fód ar son ár bpobail agus ar son cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.” 14Chuaigh Ióáb agus an mhuintir a bhí in éineacht leis i ngleic leis na hAramaeigh, ach theitheadarsan uaidh. 15Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh, theitheadar féin leis ó Aibísí, deartháir Ióáb, agus isteach leo ina gcathair. Ansin dʼfhill Ióáb ar ais go Iarúsailéim.
16Nuair a chonaic na hAramaeigh gur bhris Iosrael orthu, chuireadar teachtairí uathu agus thionóladar na hAramaeigh ó lastall den abhainn, le Seofac, ceann feadhna arm Hadad Eizir, á dtreorú. 17Nuair a insíodh é sin do Dháiví, chruinnigh sé Iosrael go léir le chéile agus ghabh thar an Iordáin, tháinig suas leo, agus ghabh láthair taobh leo. Chóirigh Dáiví a shluaite in eagar catha os comhair na nAramaech agus chuadarsan i ngleic leis. 18Ach theith na hAramaeigh ó Iosrael agus mharaigh Dáiví seacht míle dá bhfoirne carbad, agus daichead míle troitheach; mharaigh sé Seofac a gceann feadhna chomh maith. 19Nuair a chonaic géillsinigh Hadad Eizir go raibh buaite orthu ag Iosrael, rinne siad síocháin le Dáiví, agus ghéill dó. Níorbh áil leis na hAramaeigh ansin a thuilleadh cabhrach a thabhairt do na hAmónaigh.
Currently Selected:
1 Croinicí 19: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: